LÉIRMHEAS: Cláir shnasta shamhlaíócha le scéalaithe maithe ar BBC Alba agus S4C

An seanscéal i gcónaí a bhí ar chláir ar S4C agus BBC Alba - bua agus díomua na forbartha nua-aoisí. Ach scéaltaí thar a bheith spéisiúil a bhí iontu

LÉIRMHEAS: Cláir shnasta shamhlaíócha le scéalaithe maithe ar BBC Alba agus S4C

Cur chuige an-simplí agus an-éifeachtach atá i gceist le 24 Awr Newidiodd Gymru (S4C/BBC iPlayer). Tá Richard Parks, iar-imreoir rugbaí agus eachtránaí, ag foghlaim Breatnaise agus ag foghlaim faoi stair a thíre ag an am chéanna. Cuireann sé míreanna beaga faoi chúrsaí staire na Breataine Bige i láthair – ón tseanam suas go dtí an lá atá inniu ann – agus labhrann sé go macánta, i mBreatnais, ar éifeacht na n-imeachtaí sin ar fhorbairt na Breataine Bige mar thír.

(I muinín na bhfotheideal Béarla a bhí mise.)

Tá gach aon chlár bunaithe ar théama amháin – caill, mar shampla – agus tugann Richards sampla den chaill ón stair a d’athraigh an Bhreatain Bheag thar 24 uair. Tá laochra a cailleadh le linn catha ann agus páistí a cailleadh le linn tubaiste i gceist, Aberfan, nó obair a cailleadh de bharr imeacht an  ghuail.

An stair ‘mhór’ mar sin, na himeachtaí móra callánacha fuilteacha atá le fáil sna leabharthaí agus an stair ‘bheag’, an scéal truamhéalach a chuirfeadh tocht ort, a mheallann deora nuair a chuirtear an chaill dhaonna i gcuimhne duit.

Léimeann an scéal ó aois go haois agus, mura bhfuil dul amú ar fad orm, cuireann an cur i láthair an tsraith sin le Kiefer Sutherland, 24, i gcuimhne dom. Bhain 24 Awr Newidiodd Gymru úsáid mhaith as uaireadóir meicniúil mar ghrafaic le himeacht ama a chur i láthair.

Ar ndóigh, ní Jack Bauer é Parks; tá sé i bhfad níos cineálta ach fear láidir atá ann mar sin féin. Labhrann sé ar an ghortú chontúirteach a chuir deireadh lena shlí bheatha mar imreoir rugbaí. Is léir gur fhulaing sé ach amharc nár chaill sé dóchas ariamh. Seo anois é ag foghlaim na Breatnaise agus ag cur tús le saol nua.

Dhá rud mhóra a mhothaigh mé ag amharc ar an tsraith: níl drogall ar bith ar na Breatnaigh dealbh a thógáil don laoch a chuir cogadh ar na Sasanaigh sna Meánaoiseanna, rud annamh in Éirinn, agus d’aimsigh Parks scéaltaí annamha a thug ort athmhachnamh a dhéanamh ar cad is cultúr ann.

Luaigh sé albam amháin a  thaifead an t-amhránaí Max Boyce i gclub rugbaí Treorchy, albam ar díoladh an t-uafás cóipeanna de. Bhí dearmad déanta agam ar Boyce, amhránaí a bhí i mbéal an phobail – mo leithscéal! – lá den tsaol. Ba dheas mar a thug an clár a ainm chun cuimhne arís, go háirithe i gcomhthéacs na Breatnaise.

Do bharúil, an luafadh clár Gaeilge den tsórt chéanna Tommy Makem agus na Deartháireacha Clancy sa chomhthéacs sin: ‘Oh, I’ll tell you a tale of peace and love…’

Obair agus iontas a bhí i gceist le Rocaidhean gu Leòr/Rockets Galore (BBC Alba/BBC iPlayer) le Màiri Rodgers. (Sloinne breá Conallach.) Phléigh an clár le forbairt thionscal na roicéad in Albain, tionscal, le bheith macánta, nach samhlófá le hAlbain.

(Agus, sea, is dócha go bhfuil macalla den scannán cháiliúil grinn sin, Whisky Galore!, le sonrú sa teideal.)

Bíodh sin mar atá, tá borradh faoi chúrsaí roicéad sa lá atá inniu ann agus airgead le fáil ann. Fuarthas amach go raibh suíomhanna in Albain a bhí breá fóirsteanach fá choinne satailití a sheoladh chun na spéire agus bhí trí shuíomh faoi scrúdú mar ‘spásphort’. Bhuel, thug na Lochlannaigh an “longphort” dúinn! Ní inniu ná inné a thosaigh muintir na hAlban ag cur spéis san obair seo ach an oiread nó bhí daoine i bPàislig ag plé le roicéid mar chaitheamh aimsire le 100 bliain anuas. Ní NASA go Pàislig.

(Chonaic muid roicéad amháin agus lógó Ollscoile na Ríona, Béal Feirste, air.)

Thug Rodgers cur síos breá tuigseach ar chúrsaí roicéad mar chaitheamh aimsire agus mar ghnó nua-aimseartha i nGàidhlig agus fotheidil ar fáil dúinne nach bhfuil an teanga sin againn. Labhair sí fosta le daoine sna ceantracha a raibh caint ann ar spásphort a thógáil iontu. Bhí cuid den phobal ar son na forbartha seo nó thabharfadh sé obair do dhaoine óga i réigiúin iargúlta agus bhí daoine eile ina héadan nó mheas siad nach mbeadh ann ach obair shuarach agus gur mhó dochar ná sochar a dhéanfadh an fiontar don timpeallacht.

An seanscéal i gcónaí; bua agus díomua na forbartha nua-aoisí agus daoine le teanga ag iarraidh a bheith beo ina gceantracha dúchais.

Scéaltaí thar a bheith spéisiúil a bhí ag Parks agus Rodgers agus cuireadh an dá chlár i láthair go snasta samhlaíoch.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Cláir shnasta shamhlaíócha le scéalaithe maithe ar BBC Alba agus S4C'