Buille sa Chúirt Uachtarach do ghearleanúint Trump ar imircigh

Rinneadh cinnedh faoi cheart bunreachtúil i gCúirt Uachtarach SAM an tseachtain seo, cinneadh a bhí tráthúil go leor agus ceiliúradh 250 bliain na tíre faoi lán seoil

Buille sa Chúirt Uachtarach do ghearleanúint Trump ar imircigh

Ceann de na chéad rudaí a rinne Donald Trump nuair a toghadh é den dara huair ná ordú feidhmeach a shíniú ag cur deireadh le ceart bunreachtúil go mbeadh gach uile pháiste a shaolaítear sna Stáit Aontaithe ina shaoránach den tír.

An tseachtain seo thug an Chúirt Uachtarach buille do bheartas polasaí sin an uachtaráin nuair a dhearbhaigh siad an ceart bunreachtúil agus dúirt go raibh ordú Trump mídhleathach. Tráthúil go leor tá seo ag tarlú agus ceiliúradh 250 bliain na tíre faoi lán seoil agus iarracht á déanamh an aisling Mheiriceánach a athbheochan.

Tír í Meiriceá atá bunaithe ar imircigh a bheith ag teacht chun na tíre agus ar an meascán ilghnéitheach atá inti. Ar ndóigh níl aon bhaint aige sin le ceart saoránachta don uile pháiste a bheirtear sa tír. Baineann sin le gné eile de stair na Stát Aontaithe ar maith leo dearmad a dhéanamh air go minic. Ritheadh an ceart saoránachta i mí Iúil 1868 tar éis chogadh cathartha Mheiriceá mar chuid de ré na hatógála mar a tugadh air.

Iarracht a bhí sa leasú a chinntiú go mbeadh cearta ag sclábhaithe ar bronnadh a saoirse orthu mar thoradh ar an gcogadh. Scéal eile, ar ndóigh, na bealaí ar ceileadh na cearta sin le os cionn céad go leith bliain agus ar cuireadh bac agus cosc ar chearta an chine ghoirm san idirlinn.

Fadhb is ea an ciníochas agus an doicheall roimh eachtrannaigh atá tagtha chun cinn go mór i Meiriceá le linn ré Trump agus ba chuid lárnach dá chuid polasaithe an ceathrú leasú déag a chur ar ceal.

Go deimhin, d’fhreastail sé féin ar na héisteachtaí béil sa gCúirt Uachtarach i mí Aibreáin, rud nach ndearna aon uachtarán riamh cheana, lena léiriú a thábhachtaí agus a bhí an t-ordú, dar leis. Níl éirithe leis ach dúirt sé tar éis an bhreithiúnais an tseachtain seo go gcreideann sé go bhféadfaí an ceart saoránachta a chur ar ceal tríd an Seanad.

Caolseans go n-éireoidh le haon iarracht ag an tráth seo i dtimthriall polaitíochta na Stát Aontaithe. Más fíor do na pobalbhreitheanna tá sé ionann is cinnte go gcaillfidh réimeas Trump smacht ar Theach na nIonadaithe i dtoghcháin mhí na Samhna. Cé go mbeidh sé níos deacra ag na Daonlathaigh seilbh a ghlacadh ar an Seanad is féidir a bheith cinnte nach dtacóidh Poblachtaigh le haon iarracht ceart sibhialta a chur ar ceal sna míonna idir seo agus an toghchán céanna.

Rud eisceachtúil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe é an ceart saoránachta a bhronnann siad ar dhaoine a bheirtear sa tír agus cúis cheiliúrtha do lucht cearta sibhialta agus cearta d’imircigh breithiúnas na seachtaine seo. Ní hin le rá nach leanfar le linn uachtaránacht Donald Trump le ciapadh agus géarleanúint ar dhaoine atá sa tír nach bhfuil na cáipéisí cuí bronnta orthu ag na húdaráis.

Fág freagra ar 'Buille sa Chúirt Uachtarach do ghearleanúint Trump ar imircigh'