‘Is gá teorainneacha na Gaeltachta a athrú’ – Ó Cuív

Tá sé ráite ag iar-aire Gaeltachta gur cheart teorainneacha na Gaeltachta a tharraingt arís le léiriú níos cruinne a thabhairt ar na ceantair ina bhfuil an teanga á labhairt mar theanga phobail

‘Is gá teorainneacha na Gaeltachta a athrú’ – Ó Cuív

Tá sé ráite ag iar-aire Gaeltachta gur gá teorainneacha na Gaeltachta oifigiúla a athrú.

Agus é faoi agallamh sa scannán is déanaí de shraith nua físeán Tuairisc 100 Bliain den Ghaeltacht, dúirt Éamon Ó Cuív, go bhfuil “cás” ann go mbainfí den Ghaeltacht na ceantair nach bhfuil “aon difríocht” ó thaobh na Gaeilge eatarthu agus an chuid eile den tír.

“An fhadhb a bhí ann ná go raibh an próiseas [na teorainneacha a bhunú ar chritéir theangeolaíochta seachas tíreolaíochta] ann agus go raibh muid imithe cuid den bhealach faoin mbliain 2010 ach stopadh ansin é, agus tá muid anois sa mbliain 2026.

“Sin 15 bliana, agus níl aon rud suntasach déanta faoin gceist áirithe seo ó thaobh na teangeolaíochta de ó shin.  “Is gá [na teorannacha] a athrú agus b’in ceann de na fáthanna gur réitíodh An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar an nGaeltacht, le fáil amach cén staid teanga atá ag chuile cheantar,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt sé go raibh ceithre aicme ann sa staidéar, trí cinn ina raibh Gaeilge éigin á labhairt go laethúil ag an bpobal agus an ceathrú ceann nach raibh aon difríocht shuntasach le haireachtáil ann ó cheantair nach raibh sa Ghaeltacht ar chor ar bith. Dúirt sé gur cheart na ceantair is laige sin “a bhaint amach” as an nGaeltacht oifigiúil.

“Tá ceithre aicme ann – an A, B, agus C a bhí sa staidéar teangeolaíochta, agus D. Is é sin na ceantair nach bhfuil aon difríocht idir iad agus na ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht, na ceantair nach féidir aon difríocht a fheiceáil idir an méid daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil agus an chuid eile den tír. Cinnte, tá cás [ann] len iad a bhaint amach,” a dúirt sé.

Dúirt sé cé gur cheart na ceantair laga sin a bhaint amach as an nGaeltacht oifigiúil, gur cheart “rud níos fearr” a thabhairt dóibh agus gan pionós a ghearradh ar “dhílseoirí Gaeilge” as an obair a rinne siad le céad bliain anuas sna ceantair sin.

Dúirt Ó Cuív gur cheart ceantar a bhfuil céatadán áirithe den phobal fós ag labhairt na Gaeilge ann a choinneáil sa Ghaeltacht mar gheall go bhfuil “rud éigin ag tarlú” sna háiteanna sin nach bhfuil ag tarlú sa chuid eile den tír.

“Má tá ceantar nach bhfuil ach deich nó cúig déag faoin gcéad ag labhairt na Gaeilge go laethúil is fiú iad a choinneáil sa Ghaeltacht, mar tá rud éigin ag tarlú ansin nach bhfuil ag tarlú sa chuid eile den tír.

“An infheistíocht a dhéanfaidh tú, braithfidh sé go hiomlán ar cé chomh mór agus cé chomh huaillmhianach is atá do mhianta i dtaobh na Gaeilge,” a dúirt sé.

Tá an físeán ‘Teorainneacha na Gaeltachta – marc teip i scrúdú na staire?’ ar fáil anois ar Tuairisc.

Is iad na daoine eile atá faoi agallamh ann ná an taighdeoir agus gníomhaí teanga Donncha Ó hÉallaithe, an sochtheangeolaí John Walsh, Máire Ní Fhinneadha ó Tuairisc, an craoltóir le Raidió na Gaeltachta Gormfhlaith Ní Thuairisg agus an t-iarchoimisinéir teanga, Seán Ó Cuirreáin.

Fág freagra ar '‘Is gá teorainneacha na Gaeltachta a athrú’ – Ó Cuív'

  • Micheal O Flaithearta

    Theip aramh anall i stair na tíre seo, ó Chlaí na Péiste i leith, teorainneacha de chineál ar bith a chur i bhfearas ar an oileán seo.