Cruinniú i nGaeilge ag meitheal oibre de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh den chéad uair riamh

Déanfaidh Leo Kilroy cathaoirleacht ar chruinniú de chuid na meithle oideachais i nGaeilge

Cruinniú i nGaeilge ag meitheal oibre de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh den chéad uair riamh

Déanfar cathaoirleacht ar chruinniú ag meitheal oibre de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh i nGaeilge den chéad uair i stair na Comhairle inniu. Is é Leo Kilroy, Attaché Oideachais agus Scileanna na hÉireann, a dhéanfaidh an chathaoirleacht ar an gcruinniú de chuid na meithle oideachais ar maidin.

Beidh cathaoirleacht á déanamh i nGaeilge ar chúig mheitheal oibre de chuid na Comhairle le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a tosaíodh an tseachtain seo. Beidh ateangaireacht ann do thoscairí na mballstát eile ón Aontas Eorpach a bheidh ag glacadh páirte sna cruinnithe sin.

Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne, gurb é seo an chéad uair i stair na Comhairle a dhéanfar cathaoirleacht ar chruinniú dá leithéid i nGaeilge.

“Tá cúig mheitheal oibre ann agus beidh an cathaoirleach in ann Gaeilge a úsáid mar theanga oibre iontu. Beidh cathaoirleacht na gcruinnithe sin á déanamh trí Ghaeilge den chéad uair riamh. Seo an chéad uair a tharlóidh sé riamh, i ndáiríre ní tharlaíonn sé seo i mBaile Átha Cliath fiú.

“Bíonn toscaire ann ó gach tír ina suí timpeall an bhoird agus iad ag déileáil le píosa reachtaíochta. Bíonn go leor plé teicniúil ann agus is saineolaithe iad na daoine a bhíonn ag plé leis an ábhar áirithe sin. Téann sé uaidh sin go dtí na hambasadóirí agus más gá go dtí na hairí,” a dúirt Byrne.

Is iomaí meitheal oibre atá i gComhairle an Aontais Eorpaigh agus pléitear míreanna reachtaíochta a bhaineann le réimsí leathana. A fhad is a bheidh uachtaránacht na Comhairle ag Éirinn – as seo go deireadh na bliana – beidh gach cruinniú de chuid na gcúig mheitheal a bhfuil Gaeilge ag an gcathaoirleach á reáchtáil i nGaeilge.

Bíonn an mheitheal a bheidh ag teacht le chéile inniu ag plé le cúrsaí oideachais. Tuigtear do Tuairisc go mbeadh meithleacha eile a bheidh á reáchtáil trí Ghaeilge ag plé le cúrsaí iascaireachta agus le cúrsaí cóipchirt freisin.

Fág freagra ar 'Cruinniú i nGaeilge ag meitheal oibre de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh den chéad uair riamh'

  • Pádraig

    Más maith is mithid.