Tá an tAire Stáit Gnóthaí Eorpacha Thomas Byrne le hiarraidh ar Pharlaimint na hEorpa deireadh a chur leis na srianta atá i bhfeidhm ar úsáid na Gaeilge san AE.
Dúirt an tAire Byrne go mbeidh sé féin ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa stádas iomlán a thabhairt don Ghaeilge sna míonna amach romhainn.
Dúirt sé nach bhfuil aon bhaint ag Rialtas na hÉireann leis an srian atá ar úsáid na Gaeilge sa Pharlaimint faoi láthair, ach go mbeidh sé féin ag iarraidh a chur ina luí ar an AE an stádas iomlán a thabhairt don teanga.
“Níl aon mhaolú déanta ag an Rialtas, níl aon mhaolú déanta ag an Aontas Eorpach go ginearálta. Tá maolú déanta ag an bParlaimint, ag na Feisirí Eorpacha, maidir le cúrsaí coistí. Ach níl aon bhaint againne leis an bpointe sin.
“Is faoin bParlaimint atá sé, vótáil siadsan chun an maolú a bheith ann. Beidh mé féin ag iarraidh orthu é sin a athrú, nuair a bheidh mé sa Pharlaimint. Ceann de na rólanna a bheidh agamsa, beidh orm suí sa Pharlaimint agus freagairt i ngach díospóireacht. Beidh mé féin ag iarraidh Gaeilge a úsáid freisin, agus beidh mé ag iarraidh an briefing a fháil ón gComhairle trí Ghaeilge freisin.”
Vótáil Parlaimint na hEorpa mí an Mhárta 2024 síneadh a chur le riail a fhágann nach gá seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge ná i Máltais.
Easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhísí uile na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge, a deirtear.
Cinneadh síneadh a chur leis an maolú go dtí deireadh théarma seo na Parlaiminte seo in 2029 ach déantar athbhreithniú ar an gcinneadh gach sé mhí.
“Tá an maolú ansin, sin cinneadh a rinne an Pharlaimint iad féin. B’fhearr liomsa nach mbeadh an maolú ann, ach caithfidh an Pharlaimint é sin a athrú,” a dúirt Thomas Byrne le Tuairisc.
“Iarrfaidh mé orthu é sin a dhéanamh. Nuair a théim isteach i gComhairle na hEorpa, bíonn sé deacair domsa a thuiscint go bhfuil aon fhadhb ann [sa Pharlaimint] – is féidir liom an Ghaeilge a úsáid aon uair is maith liom [sa Chomhairle],” a dúirt sé.
Mhaígh an t-aire stáit gur “deis iontach” í Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle na hEorpa a léiriú do mhuintir an hÉireann go bhfuil an Ghaeilge ar a compord ar an ardán “idirnáisiúnta”.
Agus é ag labhairt le hiriseoirí ó na meáin Ghaeilge i Roinn an Taoisigh inné faoin tréimhse uachtaránachta sé mhí atá ag tosú inniu, dúirt Byrne go bhfuil “tábhacht faoi leith” ag baint leis an ardán idirnáisiúnta a bheidh ag an teanga sna míonna amach romhainn. Dúirt sé go bhfuil súil aige go spreagfaidh sé daoine óga in Éirinn chun níos mó Gaeilge a úsáid.
“Measaim gur deis iontach é seo don Ghaeilge freisin. Is féidir le daoine a fheiceáil gur féidir an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis sin,” a dúirt sé.
Mhaígh Byrne go bhfuil “deacrachtaí” ag go leor teangacha san Eoraip, cé is moite den Bhéarla, an Fhraincis, agus an Ghearmáinis ach go bhfuil an tAontas Eorpach “ag tabhairt na ceannaireachta” le go mbeadh teangacha beaga “in ann maireachtáil sa saol nua-aimseartha seo”.
“Measaim gur deis an-tábhachtach don Ghaeilge í an uachtaránacht seo. Más féidir le daoine, agus daoine óga na tíre seo, tuiscint go bhfuil deis agat an Ghaeilge a úsáid ar bhonn comhionann le teangacha eile an Aontais Eorpaigh. Measaim gur féidir linn níos mó daoine a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid, go háirithe sa státchóras anseo,” a dúirt sé.
Mhaígh sé freisin go léireoidh tréimhse na huachtaránachta do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil a dteanga “comhionann le gach teanga eile san Eoraip” agus go mbeidh sé sin an-tábhachtach.
“Do mhuintir na Gaeltachta, tá deis acusan a bheith páirteach san Aontas Eorpach toisc go bhfuil an teanga acu.
“Beidh muid ag iarraidh go ngabhfaidh i bhfad níos mó daoine isteach ag obair san Aontas Eorpach, agus má tá Gaeilge acu beidh buntáiste acu,” a dúirt sé.
Dúirt Byrne go leagann an tAontas “béim faoi leith” ar na réigiúin “iargúlta” atá san Aontas Eorpach agus nach ndéanann na hinstitiúidí “dearmad” ar an nGaeltacht.
“Níl aon dabht ach go mbaineann muintir na Gaeltachta úsáid as [aird an Aontais Eorpaigh] toisc go bhfuil an clár LEADER ann agus faigheann ceantair thuaithe go ginearálta tacaíocht uaidh sin.
“Tá CAP an-tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta go háirithe. Measaim go bhfuil tábhacht faoi leith ag an Aontas Eorpach do mhuintir na Gaeltachta,” a dúirt sé.
Thug Byrne le fios go mbeidh cathaoirleacht á déanamh trí Ghaeilge ar cúig nó sé cinn de “mheithleacha oibre” an Aontais Eorpaigh le linn na huachtaránachta.
Beidh cruinnithe uile na meithleacha sin á reáchtáil i nGaeilge agus ateangaireacht ar fáil do na toscairí ó thíortha eile an Aontais Eorpaigh.
“Cé a chreidfeadh i 1916, nó i 1937, nó in 1873 go mbeadh muid in ann dul go cruinnithe idirnáisiúnta agus an Ghaeilge a úsáid ag an ardleibhéal, ag déanamh ráitis ar rudaí an-chasta ar nós an Chreata Airgeadais Bhliantúil. Is cúis bhróid domsa gur féidir liom an Ghaeilge a úsáid ar an stáitse idirnáisiúnta,” a dúirt an tAire Gnóthaí Eorpacha.
Fág freagra ar 'An t-aire gnóthaí Eorpacha le stádas iomlán don Ghaeilge san AE a éileamh le linn tréimhse uachtaránachta'