Bhí cúpla rud ar Pháipéar 2 Gaeilge na hArdteiste inné “nach mbeifí ag súil leo” ach bhí na ceisteanna a cuireadh ar dhaltaí na bliana seo chomh deas sin gur cheart go mbeadh “faoiseamh” ag duine ar bith a thug faoin scrúdú.
Is é Páipéar 2 an scrúdpháipéar ar a mbíonn an léamhthuiscint, an prós, an fhilíocht, agus an litríocht bhreise. Bhí rogha ann i gceist an phróis i mbliana idir an scannán Cáca Milis, an dráma An Lasair Choille agus an gearrscéal Dís.
Dúirt Jeff Neville, atá ag múineadh scoile i gcontae Lú, gur le “brú” a chur ar na daltaí a bhíonn na léamhthuiscintí ann agus go raibh siad gnóthach i mbliana ach nach raibh ceachtar de na ceisteanna a bhí ann “ródhona”.
“Níl siad ródhona, ag breathnú orthu, níl siad ródhona ar chor ar bith. Tá na léamhthuiscintí ann le tú a chur faoi bhrú, bíonn go leor le scríobh, agus bíonn siad gnóthach. Ceist a haon go ceist a cúig, sin an bhuntuiscint ar an téacs agus ceist a sé sin an ghramadach agus an mhórthuiscint.
“Tá leideanna ann leis na ceisteanna seo a mhúineadh, agus beidh cleasanna ag múinteoirí leis na scileanna sin a mhúineadh. Seachas an dara cuid de Cheist 6B, ceist faoin mearfhaisean, ní bheadh deacracht acu. B’fhéidir nach dtuigfeadh go leor daoine ‘mearfhaisean’ ach bheadh súil agat tar éis an píosa a léamh go n-oibreodh siad amach iad féin é,” a dúirt Neville.
Dúirt Rosie Ní Scanláin, múinteoir Gaeilge atá ag múineadh scoile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, go raibh páipéar an lae inné “an-deas” agus go mbeadh “go leor daoine” a thug faoi “an-sásta” ar theacht amach as halla na scrúduithe dóibh.
“Is cosúil go raibh go leor daoine ag súil le Cáca Milis a fheiceáil ar an bpáipéar agus bhí an cheist an-deas, i ndáiríre, an cheist faoin léiriú ar charachtar agus ar an gcaidreamh a bhí aici leis na carachtair eile sa scéal. Bhí an cheist sin an-chosúil leis ceisteanna a bhí ar Pháipéar 2 roimhe agus ní raibh mórán dúshláin ann.
“An dara rogha a bhí ann ná Dís, agus arís bhí na ceisteanna an-chosúil le ceisteanna a bhí feicthe againn roimhe seo – an saol a bhí ag an gcarachtar agus an dearcadh atá aici ar an saol sin. Ceist an-deas, breá simplí, níl mórán dúshláin ann ar chor ar bith,” a dúirt Ní Scanláin.
Bhí Jeff Neville den tuairim go raibh an cheist faoi Cáca Milis “iontach éasca” agus nár ghá do na daltaí ach “cúpla sampla” a thabhairt de thréithe an charachtair leis na marcanna a fháil.
Dúirt sé go mbeadh iontas air dá roghnódh mórán daoine an cheist faoi Dís ach go raibh an cheist a cuireadh faoi bhean Sheáin sa ghearrscéal sin éasca go maith freisin.
“Ní theastaíonn mórán léargais ar an scéal ná ar na caidrimh idir na carachtair. Ní gá ach cur síos a dhéanamh ar an gcarachtar agus an dearcadh saoil atá aici. Déarfainn go ndearna 99% den tír Cáca Milis,” a dúirt sé.
Dhá dhán a bhí sa rannóg filíochta, mar a bhíonn gach bliain. ‘An tEarrach Thiar’ le Máirtín Ó Díreáin agus ‘Mo Ghrá-sa Idir Lúibíní’ le Nuala Ní Dhomhnaill a bhí ar pháipéar na bliana seo. Dúirt Ní Scanláin nach mbeadh mórán daltaí ag súil le ‘An tEarrach Thiar’ a fheiceáil ar an bpáipéar i mbliana ach go raibh na ceisteanna a chuaigh leis “an-deas”.
“Ceist a haon, na híomhánna atá sa dán, ceist a dó an t-athrá mar theicníc filíochta, agus ceist a trí, saol agus saothar an fhile –cé go bhfuil seans ann nach raibh daoine ag súil le ‘An tEarrach Thiar’ a fheiceáil ar an bpáipéar, tá na ceisteanna sin an-deas agus ní dóigh liom go mbeidh mórán míthuisceana ann.
“’Mo Ghrá-sa Idir Lúibíní’, déarfainn gurbh in an príomhthuar a bhí ag daoine don pháipéar agus bhí sé ann. Tá na ceisteanna ceannann céanna anseo beagnach is a bhí do ‘An tEarrach Thiar’, ní tharlaíonn sé sin go minic,” a dúirt Ní Scanláin.
Dúirt sí gur rud “neamhchoitianta” é go gcuirfí na ceisteanna céanna faoin dá dhán ar an Ardteist ach go mbeadh daoine sásta go bhféadfadh siad na freagraí a bheadh ullmhaithe acu do na ceisteanna sin a thabhairt ar dhá cheist dhifriúla.
Cheap Neville go raibh na ceisteanna a cuireadh faoin bhfilíocht “iontach éasca” i mbliana agus go mbeadh a fhios ag na daltaí go mbeadh a leithéid de cheisteanna ag teacht aníos.
“Tá na híomhánna láidir sa dá dhán, tá na teicnící filíochta ar eolas acu, agus caitear go leor ama sa seomra ranga ag caint faoi shaol agus saothar na bhfilí, mar sin bheadh scrúdú mar seo togha uilig,” a dúirt Neville.
An Triail le Mairéad Ní Ghráda, A Thig Ná Tit Orm le Maidhc Dainín Ó Sé, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne le Neasa Ní Sheaghdha, Gafa le Ré Ó Laighléis, agus Canary Wharf le hOrna Ní Choileáin na roghanna a cuireadh os comhair na ndaltaí i mbliana i gCeist 4 – Litríocht Bhreise.
“Déanaim An Triail le mo rang féin agus bhí mé féin ag rá leo go raibh ceisteanna ann faoi na carachtair le dhá nó trí bliana anuas,” arsa Ní Scanláin.
Mar sin bhí sí ag súil le ceist faoi shochaí na hÉireann nó ról na hEaglaise i sochaí na hÉireann
“Agus céard a bhí sa cheist seo ach sochaí na hÉireann. Bhí sé an-éasca, dá mbeifeá ag breathnú siar ar na páipéir eile, rudaí a thuar.
“Ceist an-deas anseo faoi fhulaingt Mháire mar gheall ar rialacha na sochaí ag an am sin. Tá muid ag caint ar Éirinn sna 1960idí, ceist an-deas, go háirithe má bhí tú ar an eolas faoi na páipéir ó bhlianta eile.”
Dúirt sí gur “páipéar an-deas” a bhí ann ar an iomlán agus go mbeadh go leor daoine “ag teacht amach as an scrúdú an-sásta leo féin”.
“Tá a fhios agam go raibh daoine ag gearán faoin bpáipéar mata, ach tá súil agam go bhfuil níos mó muiníne acu astu féin mar gheall ar an bpáipéar seo.
“Ní fheicim mórán deacrachtaí leis ar chor ar bith, tá mé féin an-sásta mar mhúinteoir, agus déarfainn go raibh na scoláirí sásta. Tá súil agam gur tháinig siad amach as agus faoiseamh orthu,” a dúirt Ní Scanláin.
Dúirt Jeff Neville go mbeadh daoine “sásta ar an mórchuid” faoi scrúdú Gaeilge na hArdteiste i mbliana, idir Pháipéar 1 agus Pháipéar 2, agus go raibh páipéar an lae inné “lán rudaí atá déanta acu arís agus arís eile le míonna anuas”.
“Ní raibh aon rud an-chasta ar an dá pháipéar, níor cuireadh aon rud conspóideach ann. Fiú an friotal sna ceisteanna, an stór focal, bhí sé go léir éasca go maith,” a dúirt sé.
Is í seo an bhliain dheireanach a bheidh na téacsanna agus dánta seo ar shiollabas na hArdteiste. Cuireadh tús i mbliana le curaclam nua agus beidh daltaí Ardteiste na bliana seo chugainn á scrúdú faoi dhánta, scéalta, drámaí, agus scannáin nua.
Stiofán Ó R
Páipéar leamh neamhchruthaitheach! Maidir le páipéar a haon, bhí na haistí b,c,d agus e mar mhacasamhail! D’fhéadfaí an freagra céanna a scríobh d’aon cheann! Tá leasaithe de dhíth ar an nGaolainn ar bhonn práinne!