Tá dúshlán tugtha don Roinn Oideachais fianaise a thabhairt go bhfuil ag éirí le córas na ndíolúintí ón nGaeilge agus gur fiú an dochar atá á dhéanamh do shealbhú na teanga i measc daoine óga.
Agus é ag labhairt os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt údar tuarascála nua faoi na díolúintí go dtugann an córas le fios do dhaltaí a bhfuil míchumas foghlama acu nach bhfuil siad in ann an Ghaeilge a fhoghlaim, rud nach bhfuil fíor, a deir sé.
“Tá an-dochar á dhéanamh ag an rud seo agus, mar atá léirithe agam [sa tuarascáil], níl bunús ar bith leis ó thaobh an taighde idirnáisiúnta, níl sé ar siúl i dtíortha eile,” a dúirt an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir.
Thagair Ó Duibhir, iarstiúrthóir Sealbhú, institiúid taighde in DCU, do ráiteas a rinne an Roinn Oideachais in 2019 gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i mbronnadh na díolúine faoi chóras nua.
Ina ainneoin sin, léiríonn figiúirí na Roinne féin go bhfuil méadú leanúnach tagtha ar líon na ndíolúintí a mbronntar ag an dara leibhéal ó shin. Bhí díolúine ag 14.3% de dhaltaí iar-bhunscoile anuraidh, ardú ó 2.5% i 1999 agus ó 9.5% in 2018.
Dúirt Ó Duibhir gur dúradh leis an Roinn ag an am go raibh na critéir nua “ró-scaoilte” agus gur fás ar líon na ndíolúintí a bheadh mar thoradh ar na hathruithe ach gur dhúirt an Roinn nach dtarlódh sin.
“Ó 2019 i leith, cruthaíodh nach raibh an ceart ag an Roinn Oideachais. Cathain atá siad chun freagracht a ghlacadh as sin?” ar sé.
“Cá bhfuil an taighde acu féin chun cruthú go bhfuil na díolúintí ag obair agus nach bhfuil costas orthu?
“Tá an Roinn in ann a rá, ‘Tá an tosaíocht seo againn, tá an tosaíocht sin againn, tá an polasaí seo, an polasaí sin’ [ach] cá bhfuil an taighde a thacaíonn leis an staid atá agaibh?”
Dúirt Ó Duibhir go léiríonn an taighde idirnáisiúnta go bhfuil ag éirí le daltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu dul i ngleic le teangacha breise agus go mbíonn torthaí chomh maith nó níos fearr acu sa chéad teanga is a bhíonn ag a bpiaraí nach ndéanann staidéar ach ar theanga amháin.
Dúirt sé go raibh cleachtas na Roinne bunaithe “ar dhearcadh aonteangach ar an saol – monolingual mindset”.
Dúirt Rónán Ó hIcí, oifigeach le hAontas Daltaí iar-bhunscoile na hÉireann go gcaitheann córas na ndíolúintí “le daoine óga mar fhadhbanna riaracháin seachas mar thodhchaí na teanga” agus go bhfuil “athrú ó bhonn ag teastáil go práinneach”.
Mhaígh an tOllamh Ó Duibhir go bhfuil córas na ndíolúintí tar éis tuiscint a chruthú i measc múinteoirí agus príomhoidí nach bhfuil dalta in ann an Ghaeilge a fhoghlaim má chomhlíonann sé nó sí na critéir atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais chun díolúine a fháil.
I measc na gcritéar sin, is féidir díolúine a bhronnadh má bhíonn scór ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun ag dalta ar thriail scoite i léamh focal nó i léamhthuiscint nó litriú.
“Cé nach ndeir sé sa chiorclán nach bhfuil tú in ann an Ghaeilge a fhoghlaim, sin an rud a chreideann múinteoirí. Tá múinteoirí ag tabhairt comhairle do thuismitheoirí, ‘Ó no, bheadh tú as do mheabhair a rá le do pháiste Gaeilge a fhoghlaim, níl siad in ann, tá siad faoin 10ú peircintíl.’”
Dúirt Ó Duibhir nach bhfuil an locht ar thuismitheoirí a bhíonn ag iarraidh díolúine a fháil dá bpáistí ach ar an stát atá tar éis córas lochtach a chur i bhfeidhm.
“Bíonn daoine ag caint ar ‘gaming the system’. Ní bheinn ag caitheamh anuas ar aon duine mar is é an stát atá freagrach. Ná cuir an milleán ar na daoine atá ag glacadh le rud éigin mar an stát a chuireann an córas i bhfeidhm. Má bhaineann daoine leas as, is fúthu féin é sin.”
Dúirt an Teachta Dála Naoise Ó Muirí ó Fhine Gael nach bhfuil an Roinn Oideachais sásta a admháil go bhfuil fadhb leis an gcóras agus go raibh “sprioc fhadthéarmach” ag teastáil maidir le céatadán na ndaltaí amach anseo a gheobhadh díolúine ón nGaeilge.
Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Ó Muirí, dúirt an tOllamh Ó Duibhir gur “idir 2-3%” de dhaltaí a mbíonn riachtanais bhreise orthu a fhágann go mbíonn díolúine ag teastáil uathu. Ach dúirt sé go mbeadh “leisce” air sprioc shonrach a thabhairt maidir le líon na ndíolúintí ba cheart a bheith á mbronnadh mar go raibh bealaí eile ann, dar leis, chun an fhadhb a leigheas.
I measc na moltaí atá déanta ag Ó Duibhir ina thuarascáil, a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge, moltar go gcuirfí stop le bronnadh díolúintí ón nGaeilge ag leibhéal na bunscoile agus gur “díolúintí sealadacha” a bheadh i gceist ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Fág freagra ar '‘Cá bhfuil taighde na Roinne Oideachais a chruthaíonn go bhfuil córas na ndíolúintí ag obair?’ – údar tuarascála nua'