Cuireadh siar sa Choimisiún um Chaidrimh san Áit Oibre inné cinneadh faoi chás a rinne iar-státseirbhíseach gur chóir síneadh ama a bheith aige le gearán a dhéanamh faoin Acht um Nochtuithe Cosanta mar gheall nach bhfuil reachtaíocht áirithe ar fáil i nGaeilge.
Cuireadh Seanán Ó Coistín ar saoire riaracháin ar an 11 Nollag 2024 tar éis dó ríomhphoist a sheoladh chuig a chomhghleacaithe in Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann inar mhaígh sé go raibh siad “ciníoch” nó “leisciúil” mura bhfoghlaimeodh siad an Ghaeilge. Tháinig deireadh lena chonradh oibre leis an eagraíocht ar an 31 Nollaig 2024 agus níor oibrigh sé don FSAI ó shin.
Mhaígh sé i gceann de na trí ghearán a rinne sé leis an gCoimisiún um Chaidrimh san Áit Oibre faoin eachtra gur sárú ar an Acht um Nochtuithe Cosanta a bhí ann.
Rinne Ó Coistín an gearán áirithe sin i mí Iúil na bliana 2025, os cionn sé mhí i diaidh dó dul ar saoire riaracháin ón FSAI. Mhaígh lucht dlí na heagraíochta sin nach bhfuil dlínse ag an gCoimisiún um Chaidrimh san Áit Oibre sa chás mar gheall go gcaitear gearáin dá shórt a dhéanamh laistigh de shé mhí.
Ach d’iarr an gearánaí ar an mbreitheamh Breiffni O’Neill síneadh ama a chur leis an tréimhse sin mar gheall ar na deacrachtaí a bhí aige an gearán a chur le chéile de bharr a laghad achtanna agus ionstraimí reachtúla atá ar fáil i nGaeilge. Thagair Ó Coistín d’alt a bhí ar Tuairisc inar léirigh Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly imní faoin bhfadhb.
Chuir Peadar Ó Maoláin, abhcóide ar son FSAI, in aghaidh an iarratais agus mhaígh nach raibh an gearánaí faoi mhíbhuntáiste ar chúinsí teanga mar go raibh na cáipéisí a theastaigh uaidh ar fáil i mBéarla agus go raibh “scoth an Bhéarla” aige féin.
Mhaígh sé nár chuir sé tús leis an bpróiseas gearáin i nGaeilge agus nach bhféadfaí glacadh leis go raibh sé faoi aon mhíbhuntáiste mar gheall gur theastaigh uaidh a ghnó a dhéanamh i nGaeilge anois.
Agus é ag tabhairt freagra ar an méid a bhí le rá ag Ó Maoláin, dúirt Ó Coistín “nár cheil sé riamh” go raibh Béarla maith aige agus go raibh sé “mórtasach” as na sé theanga a bhí ar a thoil aige ach gur léirigh rialú de chuid an Bhreithimh Adrian Hardiman, nach maireann, sna cásanna Ó Beoláin vs Fahy agus Ó Maicín vs Éire, go raibh an ceart aige a ghnó a dhéanamh i nGaeilge beag beann ar a chumas sa teanga oifigiúil eile.
Dúirt an breitheamh Breiffni O’Neill nach ndéanfaidh sé cinneadh cé acu an nglacfadh nó nach nglacfadh sé le hiarratas Uí Choistín síneadh ama a chur leis an tréimhse a bhí ceadaithe aige lena ghearán a dhéanamh go dtí an chéad uair eile a n-éistfear an cás i dTeach Lansdúin ag deireadh na míosa seo chugainn.
Chuir Ó Coistín dhá ghearán eile roimh an gCoimisiún, ceann in aghaidh an chomhlachta earcaíochta Orange Recruitment agus ceann in aghaidh FSAI. Tharraing sé an gearán in aghaidh Orange Recruitment siar ar maidin tar éis beagnach uair an chloig de chur agus cúiteamh faoi cérbh é a fhostóir – an comhlacht earcaíochta nó an FSAI.
Mhaígh sé go raibh trí ghearán aige in aghaidh Orange Recruitment ach cuireadh ar a shúile dó nach raibh ach gearán amháin ar an gclár a seoladh chuige roimh an éisteacht, agus nár thapaigh sé an deis an clár a cheartú idir an dá linn. Ghlac sé leis sa deireadh nach raibh ach gearán amháin ann in aghaidh an chomhlachta earcaíochta agus tharraing sé siar an ceann sin. D’fhág ionadaithe Orange Recruitment an seomra cruinnithe ina dhiaidh sin.
Bhain an gearán eile lena áiteamh gur briseadh go héagórach as a phost é. Mhaígh Ó Coistín gur briseadh é as a phost mar oifigeach cumarsáide leis an FSAI go héagórach mar gheall ar ríomhphost a sheol sé inar cháin sé caighdeán na seirbhísí Gaeilge a bhí á gcur ar fáil ag an eagraíocht.
Cuireadh deireadh leis an ngearán áirithe sin nuair a dúirt an breitheamh gur ghlac sé le hachainí lucht dlí an FSAI nach raibh dlínse ag an gCoimisiún um Chaidrimh san Áit Oibre sa chás agus nach n-éistfí ach le fianaise a bhain leis an sárú a mhaíonn Ó Coistín a rinneadh ar an Acht um Nochtuithe Cosanta ag an gcéad seisiún eile ag deireadh mhí Iúil.
Le linn na héisteachta inniu, thaispeáin an gearánaí roinnt nithe dá raibh cruinnithe i Seomra 4.05 i dTeach Lansdúin. Ina measc bhí réimse leathan bia agus deochanna a raibh lipéadú i nGaeilge nó lipéadú dátheangach orthu agus geansaí Nollag a raibh fear sneachta cniotáilte air.
Dúirt an gearánaí gur léirigh na hearraí bia agus dí go raibh comhlachtaí príobháideacha nach raibh faoi aon cheangal dlí inn ann ábhar a chur ar fáil i nGaeilge. Mháigh sé nach raibh an FSAI – atá faoi cheangal dlí teanga – in seirbhísí a chur ar fáil sa chéad teanga náisiúnta.
Dúirt sé go raibh an geansaí Nollag air féin nuair a tugadh le fios dó go raibh sé á chur ar saoire riaracháin agus gur dheacair dó a thuiscint cén chaoi nach bhféadfaí comhrá faoin ríomhphost a sheol sé a bheith ag an mbainistíocht le fear a raibh a leithéid de gheansaí air.
Leanfaidh an éisteacht ar aghaidh an tseachtain dheireanach de mhí Iúil.
Fág freagra ar 'Éileamh déanta sa WRC ar shíneadh ama le tréimhse gearáin toisc gan reachtaíocht a bheith ar fáil i nGaeilge'