Ag searmanas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu sheol an Rialtas Uachtaránacht na tíre seo ar an Aontas Eorpach as seo go ceann sé mhí.
Ina chuid cainte dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur tír “an-Eorpach i gcónaí” í Éire agus gurb é ballraíocht na tíre san Aontas Eorpach “an léiriú is fearr ar ár nEorpachas”.
Dúirt an Taoiseach gur shín ceangal na hÉireann leis an Eoraip siar go haimsir na manach agus gur “Eorpaigh bhródúla” i gcónaí iad muintir na hÉireann.
“Bhí Éire thar a bheith Eorpach riamh anall, ó na manaigh a scaip an léann ar an Mór-Roinn go mic léinn Erasmus an lae inniu. Ba Eorpaigh bhródúla i gcónaí muid.
“Thógamar aontas a bhfuil mórtas againn as agus chuir muid dínn stoirmeacha agus géarchéimeanna le chéile, agus cheiliúir muid le chéile,” a dúirt sé.
“Beagán le cois leathchéad bliain ó shin shínigh an Taoiseach Jack Lynch agus an Tánaiste Patrick Hillery an Conradh Aontachais. Is beag eachtra eile a thionscain athrú chomh mór sin in Éirinn,” a dúirt an Taoiseach.
Ar chuid dá chuid spriocanna, luaigh sé a thábhachtaí a bhí sé iomaíocht na hEorpa a fheabhsú, croíluachanna na hEorpa a chosaint agus saoránaigh an Aontais Eorpaigh a choinneáil slán sábháilte.
D’athdhearbhaigh sé go leanfadh an tír seo agus an tAontas Eorpach orthu ag seasamh “go daingean gan chlaonadh” leis an Úcráin agus ag cur brú ar an Rúis.
Orthusan a bhí láthair ag an seoladh bhí António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine.
Leag Costa béim san óráid a thug sé uaidh ar an ngéarchéim thithíochta atá ar fud na hEorpa agus dúirt go raibh súil aige go dtabharfar aghaidh ar an bhfadhb le linn Uachtaránacht na hÉireann.
“Beidh an deis ann aghaidh a thabhairt ar cheann de na hábhair imní is mó atá ag ár saoránaigh – an tithíocht inacmhainne.
“Beidh béim ar leith ar an tithíocht le linn Uachtaránacht na hÉireann. Caithfimid dul i ngleic leis an ngéarchéim ilsrathach seo le chéile agus beidh bhur gceannaireacht ríthábhachtach le go ndéanfaí dul chun cinn,” a dúirt sé.
Dúirt sé go mbeidh “ról cinniúnach” ag Éirinn sna cainteanna a bheidh ar bun as seo go deireadh na bliana faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (MFF) atá le haontú.
“Tá ról cinniúnach le himirt ag Éirinn. Cuireann bhur dtaithí Eorpach san áit cheart sibh le bheith in bhur n-idirbheartaithe macánta sna cainteanna seo.
“Beidh sé dúshlánach ach tá mé cinnte go dtiocfar ar mhargadh faoi dheireadh na bliana. Beidh muid ag brath ar mhealltacht agus ar ghreann na nÉireannach le muid a thabhairt tríd,” a dúirt sé.
Mhaígh sé go léireodh an uachtaránacht go bhfuil Éire ag “croí na hEorpa” agus go bhfuil an tír ina “haisteoir cinniúnach i dtógáil Eoraip atá níos fearr agus níos láidre”.
Ina dteannta sa gcaisleán bhí iarthaoisigh, iarfheisirí Eorpacha agus feisirí reatha, iarchoimisinéirí de chuid na hÉireann san Aontas agus Michael McGrath, an Coimisinéir don Cheart, an Daonlathas agus Riail an Dlí faoi láthair.
Bhí ceoltóirí Gaelacha agus Gaeltachta i láthair ag an seoladh oifigiúil sa chaisleán inniu. Ar an ardán bhí Cormac Ó Beaglaoich, Iarla Ó Lionáird, agus Colm Mac Con Iomaire, a chas ‘Thugamar féin an samhradh linn’, ‘Marcshlua Uí Néill’, agus ‘Chun Cogaidh’.
Bhí taispeántas damhsa ar an sean-nós ann freisin ón damhsóir Stephanie Keane.
Sna sé mhí uachtaránachta, beidh 22 cruinniú neamhfhoirmeálta airí á reáchtáil ag an tír seo, chomh maith le cruinniú den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach a thugann le chéile 48 ceannaire rialtais.
Níos túisce inniu bhí cruinniú ag an Taoiseach Micheál Martin le António Costa.
Cé go reáchtálfar formhór na gcruinnithe Eorpacha i gCaisleán Bhaile Átha Cliath feicfidh na polaiteoirí áiteanna eile sa tír freisin mar beidh cruinnithe á dtionól i gCiarraí, i Luimneach, i gCill Mhantáin, i Maigh Eo agus ar ndóigh i gCorcaigh.
I gCorcaigh an Aoine bheag seo a thionólfar cruinniú seachtainiúil Choláiste na gCoimisinéirí Eorpacha faoi cheannas Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, in ómós do thús Uachtaránacht na tíre seo.
Ceann de na cúraimí a bheidh ar an tír seo agus an Uachtaránacht faoina cúram, cainteanna polaitiúla ar smachtbhannaí nua ar an Rúis agus tacaíocht don Úcráin a láimhseáil, chomh maith le ceisteanna buiséid agus cainteanna crua faoi bhallraíocht na hÚcráine agus tíortha eile san Aontas Eorpach.
Is maith an seans gurb é an chéad bhuiséad seacht mbliana eile an t-ábhar is mó a tharraingeos caint is díospóireacht sna sé mhí seo romhainn, in iarracht teacht ar chomhréiteach faoi mhéid agus fócas an bhuiséid sin roimh dheireadh na bliana seo.
Seo é an t-ochtú huair ag Éirinn an uachtaránacht a bheith faoina cúram ó ghlac sí ballraíocht sa chomhphobal i 1973.
Ceann de na dúshláin úra atá roimh an Uachtaránacht reatha déileáil leis an teannas sa gcaidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe agus an tSín.
Institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an an Comhphobal a dhéanann ionadaíocht ar dhearcadh na rialtas náisiúnta éagsúla sa Bhruiséil. Athraíonn an Uachtaránacht gach sé mhí agus bíonn leathbhliain ag gach tír ar a seal.
an Teanga Bheo
má sea cá bhfuil votái an Eireannacht i gcéin in Éirinn ?????
Thar ama ag Éire gníomhiú mar aon le tíortha na h Eorpa vótáil ag baile freisin de réir Buntracht na hÉireann >>>