Próiseas comhairliúcháin do bhealach glas Ghaeltacht Dhún na nGall le críochnú

Tá an bealach glas le tógáil ar an seaniarnód a shíneann ó Ailt an Chorráin go Leitir Ceanainn trí Ghaoth Dobhair

Próiseas comhairliúcháin do bhealach glas Ghaeltacht Dhún na nGall le críochnú

Tá go dtí deireadh na seachtaine seo ag an bpobal lena dtuairimí a chur in iúl do Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an bhealach glas – don rothaíocht agus don siúl – atá molta do Ghaeltacht Dhún na nGall.

Tá bealach glas 100km beartaithe don seaniarnród idir Ailt an Chorráin ar chósta thiar an chontae agus Leitir Ceanainn i dtuaisceart an chontae. Rachaidh an bealach coisithe agus rothaithe trí stráicí móra den Ghaeltacht oifigiúil i nDún na nGall agus ceanglófar Ailt an Chorráin leis an gClochán Liath, Loch an Iúir, Gaoth Dobhair, an Fál Carrach, Dún Fionnachaidh, an Craoslach agus Leitir Ceanainn.

Tá cúrsa roghnaithe ag an gComhairle Contae don bhealach glas ach féadfar an cúrsa sin a athrú bunaithe ar na haighneachtaí a gheofar ón bpobal.

“Agus forbairt an togra seo fós ina tús, tá an cúrsa ab fhearr ina chuid de phasáiste leathan agus taobh istigh de sin a mholtar an bealach glas caol a fhorbairt.

“Ní chuirfidh an cosán atá á mholadh don bhealach glas isteach ná amach ar an gcuid is mó den talamh sa limistéar sin agus déanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall gach iarracht an tionchar is lú is féidir a bheith aige ar thalamh is cúram na n-úinéirí,” a dúirt urlabhraí de chuid na Comhairle Contae.

Is féidir leis an bpobal súil a chaitheamh ar na léarscáileanna, tuarascálacha, staidéir, agus cáipéisí eile ar fad a bhaineann leis an mbealach glas nua ar an suíomh burtonportletterkennygreenway.ie.

Tá ceithre bhealach glas ar fad beartaithe do chontae Dhún na nGall ag an gComhairle Contae agus tuairimí an phobail á lorg acu do gach aon cheann acu. Is é an ceann Gaeltachta an ceann is faide de na ceithre cinn ach ceanglófar péire eile le bealaí glasa atá ann cheana féin.

Tá 18km de bhealach glas le tógáil idir an Carraigín agus Leifear in oirthear an chontae agus déanfar nasc idir an bealach sin agus an Bealach Glas Ghleann an Fheabhail – a chruthóidh ceangal idir an Carraigín agus cathair Dhoire.

Tá 41km le tógáil idir Carn an Domhnaigh agus Ard an Chrainn in Inis Eoghain, áit a ndéanfar ceangal leis an mbealach glas a théann ó Ard an Chrainn Magh go cathair Dhoire. Bealach glas 30km atá i gceist leis an gceathrú ceann a shíneoidh idir Bun Cranncha agus Carn an Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Próiseas comhairliúcháin do bhealach glas Ghaeltacht Dhún na nGall le críochnú'