Easpa muiníne múinteoirí as a gcuid Gaeilge an dúshlán is mó atá ag cur as do theagasc na teanga – Roinn Oideachais

Dúradh gur rómhinic a bhíonn múinteoirí bunscoile ag múineadh na Gaeilge trí Bhéarla agus ag brath ar aistriúchán díreach sa rang

Easpa muiníne múinteoirí as a gcuid Gaeilge an dúshlán is mó atá ag cur as do theagasc na teanga – Roinn Oideachais

Tá sé ráite ag cigireacht na Roinne Oideachais go bhfuil easpa muiníne agus cumais múinteoirí sa nGaeilge ar cheann de na fadhbanna is mó sa gcóras oideachais i láthair na huaire.

Dúradh gur rómhinic a bhíonn múinteoirí bunscoile ag múineadh na Gaeilge trí Bhéarla agus ag brath ar aistriúchán díreach sa rang.

Dúradh gur “fáinne fí” a bhí san easpa muiníne a bhí le feiceáil, ní hamháin i measc múinteoirí ach sa bpobal ar fad ach go raibh sé ríthábhachtach múinteoirí a spreagadh chun an méid Gaeilge atá acu a úsáid sa seomra ranga agus cabhrú leo ansin a leibhéal cumais a fheabhsú.

Bhí oifigigh ón Roinn Oideachais os comhair choiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo chun labhairt faoi mhúineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla.

Dúirt an Dr Treasa Kirk, príomhchigire cúnta sa Roinn, go raibh sé léirithe go soiléir i dtuarascálacha na cigireachta go raibh “dúshláin” sa gcóras ó thaobh mhúineadh na Gaeilge.

“An dúshlán is mó atá ann, baineann sé le scileanna inniúlachta na múinteoirí agus na bpríomhoidí agus [easpa tuisceana] a bheith acu ar an gcuraclam teanga,” a dúirt sí.

“Tá béim [sa gcuraclam] ar an fhoghlaim ghníomhach agus go mbaineann na páistí sult as an nGaeilge agus tá sé sin ríthábhachtach mar is eol dúinn ach ní féidir é sin a dhéanamh gan an inniúlacht teanga, gan na scileanna teanga agus gan an tuiscint sin ar an gcuraclam.”

Dúirt Kirk gur minic go mbíonn ceangal idir an caighdeán teagaisc a fhaigheann daltaí sa nGaeilge agus “caighdeán na ceannaireachta agus an meon atá ag an scoil ó thaobh na Gaeilge de”.

Tá imní léirithe ag cigireacht na Roinn Oideachais le roinnt blianta anuas faoi chaighdeán an teagaisc a fhaigheann daltaí scoile sa nGaeilge.

Ina tuarascáil is déanaí, a foilsíodh mí na Samhna anuraidh, dúradh gur “mórábhar imní é an éagsúlacht atá ann maidir leis an inniúlacht atá ag múinteoirí sa Ghaeilge”. Dúradh nach raibh caighdeán teanga múinteoirí i scoileanna Béarla sách ard chun an curaclam Gaeilge a chur i bhfeidhm i gceart agus go raibh “tionchar suntasach” aige seo ar fhoghlaim teanga na leanaí.

“Níl mé chun dul isteach sa scéal maidir le cén fáth go bhfuil muid tagtha go dtí an pointe seo ach caithfidh muid a aithint [go bhfuil fadhb ann] agus tá sé sin aitheanta ag an gcigireacht,” a dúirt Marese Duignan ón Roinn Oideachais.

Dúirt Duignan gur ceist chasta a bhí ann agus nach í an oiliúint tosaigh a fhaigheann múinteoirí bun agus barr an scéil. Dúirt sí go mbíonn cúiseanna éagsúla le heaspa cumais múinteoirí sa nGaeilge agus go gcaithfí dul i ngleic leo agus leis an gcóras trí chéile.

Mar chuid de phlean gnímh do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla a d’fhoilsigh an Roinn anuraidh, dúirt Duignan go raibh tacaíochtaí breise curtha ar fáil don ‘Ghaelaonad’ in Oide, an tseirbhís tacaíochta do mhúinteoirí.

Dúradh freisin go raibh cothú muiníne múinteoirí chun a gcuid Gaeilge a úsáid lárnach sa bplean.

“An dúshlán is mó a thug muid faoi deara ón gcomhairliúchán náisiúnta ná dúshlán na muiníne,” a dúirt Seán Ó hAdhmaill ón Roinn Oideachais.

“Is é an meon an rud is tábhachtaí mar ní gá go mbeifeá inniúil i dteanga chun go mbeifeá muiníneach as í a labhairt. Más féidir linn aon teachtaireacht a chur amach, [go bhfuil] sé ceart go leor botúin a dhéanamh agus nach féidir leat dul chun cinn a dhéanamh in aon fhoghlaim teanga gan aon bhotún a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh muid á chur sin trasna chuig na múinteoirí ar fad agus chuig na daltaí, ag rá ‘Déan iarracht, bain úsáid aisti, bain triail aisti’,” a dúirt Ó hAdhmhaill.

“Tagann inniúlacht nuair a fhaigheann tú deiseanna úsáide agus nuair a chruthaíonn tú do chuid deiseanna úsáide féin.”

Dúradh i dtuarascáil na cigireachta anuraidh gur léirigh “formhór na múinteoirí dea-chaighdeán Gaeilge labhartha” ach go raibh easpa muiníne le feiceáil i measc go leor acu agus nach raibh siad in ann í a úsáid go héifeachtach sa seomra ranga.

Fág freagra ar 'Easpa muiníne múinteoirí as a gcuid Gaeilge an dúshlán is mó atá ag cur as do theagasc na teanga – Roinn Oideachais'

  • LiamÓH

    Truflais! Gan focal Gaolainne ag mórán de na daoine seo. Aonteangóirí sa Bhéarla ag labhairt faoin nGaolainn agus díolúine acu féinig! SORCAS!

  • Iarmhúinteoir

    Ní dóigh liom gur easpa muiníne agus easpa eolais ar an gcuracalam an fhadhb, ach easpa eolais ar an teanga. Mhúin mé na múinteoirí ag ceann de na coláistí traenála, agus, mhaighdean, bhíodar lofa ach fós féin fuaireadar pas. Níl aon chaighdeán ann sna coláistí traenála, agus mar sin níl tuiscint ar bith ag na mic léinn ar an teanga. Ní thuigeann siad go bhfuil difríocht sa bhfoghraíocht ann idir agus , mar shampla, ná idir na consain chaola agus na consain leathna. Is ag léibhéal na hollscoile a thosaíonn an fhadhb!

  • Pádraig

    Bíonn tú líofa sna teangacha iasachta agus Céim bainte amach agat. Sa Ghaeilge áfach is leor an cúpla focal. Má tá easpa muiníne ar mhúinteoir, ní fada gur léir do dhaltaí ansin é, agus tá’n cath caillte. Íoc múinteoirí i gceart, cuir traenáil cheart orthu. Lorg caighdeán. Cén rogha atá ag scoileanna agus múinteoir a chuir iad comhair na ndaltaí, bíodh siad maith nó dona. An gceapann aon duine go bhfuil a gcumas sa mhata nó sa Bhéarla mórán níos fearr?. Nach bhfuil múinteoirí le 14 bliana scoile agus blianta eile Coláiste déanta acu, agus b’fhéidir uair a chloig in iomlán do scrúdú cainte sa tréimhse sin. Go bhfóire Dia orainn, cad a bheadh acu ach an cúpla focal. Nach cur i gcéill atá ann leis na blianta.

  • Pádraig

    Mar a chéile san ailtireacht é a deir cara liom ar léachtóir tríú leibhéal é.
    Srimleáil ó thús deireadh.
    Ach a dhuine nach céimithe ardchaighdeáin, ardcháilithe (i measc nithe eile) a mheallann Google etc etc chuig tír seo na hÉireann?!

  • Róisín

    Tá an locht ar na coláistí atá ag ligeann orthu féin go bhfuil na micléinn líofa. Is cuid den chuir i gcéill é a bhaineann le saol na Gaeilge. Tá na micléinn seo ag ceapadh go bhfuil siad líofa mar gheall go bhfuil céim acu, tá siad á bhfostú i scoileanna agus eagrais Gaeilge a leanann leis an chuir i gcéill go bhfuil siad líofa agus in ann feidhmiú trí Ghaeilge.

    Is seafóid uilig é.