Tá míshástacht agus frustrachas ar lucht na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil cás na teanga fágtha ar lár i gcáipéis inmheánach faoi thodhchaí an teagaisc san ollscoil.
Tá cur síos sa cháipéis 36 leathanach, a scaipeadh ar an bhfoireann i dtús an earraigh, ar an atheagar atáthar a mholadh do chúrsaí fochéime na hollscoile.
Is ar éigean a thagraítear ar chor ar bith don Ghaeilge ná do chúrsaí Gaeilge sa cháipéis, cé is moite de chorrthagairt fhánach sna haguisíní. Ní luaitear ar chor ar bith aon phlean sonrach do theagasc na Gaeilge sa cháipéis faoi thodhchaí na n-ealaíon, na n-eolaíochtaí sóisialta agus an léinn cheiltigh.
Tuigtear do Tuairisc go raibh cruinnithe ag ionadaithe ón ollscoil leis na foirne i scoileanna éagsúla de chuid na hollscoile – Acadamh na hOllscolaíochta ar an gCeathrú Rua agus Scoil na dTeangacha ar champas na cathrach ina measc.
De réir na dtuairiscí, cuireadh míshástacht na foirne leis an gcáipéis in iúl do na hionadaithe go han-láidir ar an gCeathrú Rua. Ní mó ná sásta a bhí cuid de lucht teagaisc na Gaeilge i Scoil na dTeangacha sa chathair ach an oiread. Dúradh le Tuairisc go raibh cuid acu “an-ghlórach faoin neamhshuim a rinneadh den Ghaeilge” sa cháipéis, Transformation of Undergraduate Programmes in the College of Arts, Social Sciences and Celtic Studies.
Tuairiscítear gur tháinig na gearáin ó lucht na Gaeilge sa choláiste “aniar aduaidh” ar na hionadaithe a bhí ag na cruinnithe leis an gcáipéis agus an plean atá inti a mhíniú.
Ní mó ná sásta a bhí ranna eile san ollscoil nuair a scaipeadh eolas faoin gcáipéis agus bhí roinnt daoine “trína chéile” faoin atheagar a bhí le déanamh ar leagan amach na gcúrsaí sna Dána ar fad san ollscoil dhátheangach.
Dúirt duine den fhoireann a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeilge san ollscoil le Tuairisc gur “údar frustrachais” don fhoireann a laghad tionchair a bhíonn acu ar na comhráite a bhíonn ar siúl i measc lucht bainistíochta na hollscoile faoin nGaeilge agus go bhfuil an “seasamh a bhí ag an nGaeilge scór blianta ó shin íslithe go mór anois”.
Dúradh go bhfuil an Ghaeilge “imithe le sruth” in Ollscoil na Gaillimhe le tamall de bhlianta anuas agus nach dtugtar “éisteacht” do na ceisteanna a bhíonn ag lucht na Gaeilge ann mar a thugtaí san am a caitheadh.
Dúradh go raibh “cúlú aisteach” ann ó thaobh tábhacht na Gaeilge i measc lucht sinsearach bainistíochta na hollscoile agus nach dtugtar “tús áite” don teanga i bpleananna straitéise a thuilleadh. Maíodh go raibh drochbhail ar an nGaeilge in Ollscoil na Gaillimhe “go straitéiseach” agus nach bhfuil “an Ghaeilge ag na rásaí” ann níos mó.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, tá post an Leas-Uachtaráin agus Meabhránaí, an dara post is sinsearaí san ollscoil, fógartha ar shuíomh na hollscoile agus an Ghaeilge líofa luaite mar cháilíocht a bheadh “inmhianaithe” ag iarrthóirí seachas í a bheith riachtanach.
Beidh an té a cheapfar freagrach as “forbairt agus cur i bhfeidhm straitéis Gaeilge” na hollscoile agus beidh Oifigeach Gaeilge na hollscoile, Caroline Ní Fhlatharta, ag freagairt dó.
Bhíodh riachtanas Gaeilge luaite le trí phost shinsearacha san ollscoil – an tUachtarán, an Meabhránaí, agus Rúnaí na hOllscoile. Bhí riachtanas Gaeilge luaite le post an mheabhránaí nuair a fógraíodh é in 2010.
Dúirt foinsí san ollscoil ar spéis leo cur chun cinn na Gaeilge sa léann agus ar an gcampas gur buille trom don teanga nach bhfuil an Ghaeilge á lua níos mó mar riachtanas do na poist is sinsearaí san ollscoil.
Dúradh le Tuairisc gur “buille níos measa fós” a bheadh ann mura mbeadh Gaeilge ag aon duine den triúr sna trí phost is sinsearaí san ollscoil, rud a d’fhéadfadh tarlú má cheaptar duine nach bhfuil Gaeilge acu ina Mheabhránaí.
Fág freagra ar 'Míshástacht agus frustrachas i measc fhoireann Ollscoil na Gaillimhe faoi easpa tagairtí don Ghaeilge i bplean straitéiseach'