Rún muiníne faoi na hagóidí breosla buaite ag an Rialtas ach Michael Healy-Rae ag éirí as mar Aire Stáit

Michael Healy-Rae ag éirí as a aireacht stáit tar éis dó vótáil in aghaidh rún muiníne sa Rialtas

Rún muiníne faoi na hagóidí breosla buaite ag an Rialtas ach Michael Healy-Rae ag éirí as mar Aire Stáit

Tá Michael Healy-Rae ag éirí as a chúram mar Aire Stáit tar éis dó vótáil in aghaidh an Rialtais i vóta muiníne.

Eagraíodh an vóta agus cáineadh géar á dhéanamh ag an bhfreasúra ar an mbealach ar dhéileáil an Rialtas leis na hagóidí faoin mbreosla a d’fhág go raibh an tír trína chéile le seachtain ag léirsithe agus bacainní ar ionaid soláthair breosla.

Bhuaigh an rialtas an rún muiníne – a chuir siad féin síos chun teacht roimh vóta mímhuiníne Shinn Féin – 92 vóta in aghaidh 78 vóta.

Vótáil Danny Healy-Rae, deartháir Michael, in aghaidh an rialtais chomh maith.

87 líon na dTeachtaí Dála a theastaíonn do mhóramh Dála.

Dúirt Michael Healy-Rae gur thug sé féin éisteacht do na hoibrithe agus na daoine a “sheas” leis “ar feadh na mblianta”.

Dúirt Healy-Rae go raibh “fir na dtarracóirí agus feirmeoirí ag gol faoin mbail atá orthu”.

“Tá muintir Chiarraí ag rá liomsa go bhfuil siad míshásta leis an Rialtas seo. Ní theastaíonn uathu mise ná aon Healy-Rae eile a fheiceáil ag tacú leis,” a dúirt sé.

“Braithimse nár éist an Rialtas agus go háirithe an ceannaire. Ceacht atá ansin do dhaoine amach anseo.”

Dúirt Healy-Rae gurbh “aoibhinn” leis a bheith ina Aire sa Roinn Talmhaíochta agus go raibh sé “paiseanta” faoina chuid oibre ansin.

“Tá brón orm agus tá mé an-bhuíoch go deo díbh ar fad.”

Cuireadh “sotal” i leith an Rialtais sa Dáil maidir le hagóidí an bhreosla.

Dúirt Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald go raibh sé “in am toghchán a ghairm”.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin, go raibh sé soiléir nach í “an fhírinne” a rá nach ndearna an Rialtas faic le cuidiú le daoine agus iad buailte ag arduithe ar phraghas an bhreosla.

Dúirt Mary Lou McDonald go ndearna an Rialtas iarracht “a gceart a shéanadh” ar dhaoine lena “lagiarracht” agus nach ndearna sin ach “scéal tubaisteach a dhéanamh i bhfad Éireann níos measa”.

Mhaígh McDonald go raibh “an teas á chiondáil ag teaghlaigh agus gan fhios acu cé na seomraí is fearr dóibh a théamh” agus go bhfuil ar chúramóirí rogha a dhéanamh idir “teas nó bia”.

Cháin Ivana Bacik, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Aire na Meán, Patrick O’Donovan faoina ráiteas go mbeadh sé ag iarraidh ar Choimisiún na Meán athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar tuairiscíodh na hagóidí breosla sna meáin an tseachtain seo caite.

“Slán, Viktor Orbán. Heileo, Patrick O’Donovan,” a dúirt Bacik.

Tá sé ráite ag an Tánaiste Simon Harris nach bhfuil aon ghá le haon sórt “athbhreithniú foirmeálta” ar chlúdach na meán ar na hagóidí.

Dúirt ceannaire Aontú, Peadar Tóibín, go raibh an tír “curtha go barr na haille” ag an Rialtas agus gur chóir toghchán a fhógairt.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh “go leor grúpaí antoisceacha ag maíomh go labhraíonn siad ar son an phobail cé nach bhfuair siad tacaíocht an phobail riamh”.

“Is rud é an daonlathas parlaiminte ba chóir dúinn ar fad a dhearbhú agus a chosaint. Formhór mór na ndaoine a bhí ag léirsiú rinne siad sin go stuama agus go daonlathach. Chonaiceamar ar fad i gcás roinnt dreamanna eile nach amhlaidh a bhí.”

Dúirt an Tánaiste Simon Harris gur “taispeántas” a bhí i rún mímhuiníne an fhreasúra.

Mhaígh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Jack Chambers go raibh gníomhartha a rinneadh an tseachtain seo caite “contúirteach, mífhreagrach agus ina n-údar mór imní do shochaí na hÉireann”.

Dúirt Chambers go raibh breis agus €700 milliún á chur ar fáil sa bpacáiste cúitimh agus go rachadh na ciorruithe ar an dleacht mháil chun tairbhe don chuid is mó de na hoibrithe atá fostaithe sa tír seo agus iad ag ceannach breosla.

Dúirt Ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta, Holly Cairns, gur “dhiúltaigh an Rialtas éisteacht”.

Dúirt sí go ndearna airí sinsearacha ráitis a bhí “trodach agus drochmheasúil” agus go raibh an brú atá á chur ar dhaoine “seasta agus dúshlánach”.

Chuir Leas-Cheannaire an pháirtí sin, Cian O’Callaghan, i leith airí gur “ag cothú an chantail” a bhíodar.

Bhaist sé “GI Jim O’Callaghan” ar an Aire Dlí agus Cirt agus dúirt nach raibh a shamhail beo ach “Rambo”.

Sáiteán a bhí ansin faoi ráiteas a d’eisigh O’Callaghan agus na hagóidí ina dtine bhruite go dtabharfaí isteach Óglaigh na hÉireann chun na feithiclí a bhí sna bacainní a thabhairt chun bealaigh.

Fág freagra ar 'Rún muiníne faoi na hagóidí breosla buaite ag an Rialtas ach Michael Healy-Rae ag éirí as mar Aire Stáit'