Leabhair an tsaoil agus leabhair na tuaithe – ag iarraidh feasa ar imeall na cruinne

Is iomaí scéal a insíonn an leabhar, ag brath ar an gcineál leabhair atá i gceist

Leabhair an tsaoil agus leabhair na tuaithe – ag iarraidh feasa ar imeall na cruinne

“Mh’anam go ndéarfainn go bhfuil an leabhar aige.” Fear a raibh mé ag caint leis i sráidbhaile i gConamara, a dúirt. Ag trácht ar fhear a chuaigh thar bráid a bhí mo chomrádaí cosáin. Molta a bhí sé againn; nach é a bhí scafánta, láidir agus óigeanta ina chuid siúil, agus ina ghéaga. Chuir an fear eile aois air, agus é déanta aige ar bhealach tíriúil. Bhí an ‘leabhar’ aige.

Is iomaí scéal a insíonn an leabhar, ag brath ar an gcineál leabhair atá i gceist. Ach b’fhearr gan a bheith ag brath ar an leabhar a d’abraíodh Johnny Simon Ó Ceoinín, an Príomhoide i Scoil Bharr Linnín, i bhfad siar i gConamara lá den tsaol, agus d’abraíodh mar seo: ‘an té atá ag brath ar an leabhar, nuair a chailleann sé an leabhar, bíonn sé ina bhaileabhair’. Bhí ceacht eile ansin.

Bíodh do chuid áirimh intinne ar bharr do theanga agat!

Ar ndóigh, tá an ríomhaire áirimh ag déanamh na ngnóthaí anois, agus é ag tabhairt suaimhnis don inchinn. An iomarca suaimhnis, a deir scríbhneoir Sasanach, James Marriot. Is gearr uainn go mbeidh leabhar uaidh faoin teideal, The New Dark Ages: The End of Reading and the Dawn of a Post-Literate Society.

Beidh daoine dall ar an saol uilig agus easpa léitheoireachta is cúis leis, dar le Marriot, agus milleán aige ar ríomhairí agus ar na meáin shóisialta. Ach dá chliste iad na ríomhairí agus an intleacht shaorga, tá ceist nach bhfuil meabhair acu uirthi:

Céard a thug anseo muid?

Sin ceist atá i gcroílár leabhar atá scríofa ag Jacek Stanczyk, Polannach atá ina chónaí i gConamara le scór blianta. Ní hé Conamara atá i gceist aige ach an domhan mór. Tuige ar thuirling muide, an cine daonna, anseo agus cén chúis atá leis? Interum an teideal atá ar an saothar agus é scríofa i mBéarla agus i bPolainnis. Fear darb ainm Michael atá ag iompar na croise sa leabhar seo. Pé ar bith mí-ádh a bhí air, cuireadh go snaidhm i rópa é de bharr fóidín mearaí de chineál éigin a bhain dó. Chuaigh sé go himeall na cruinne go bhfaigheadh sé meabhair ar an gceist mhór – cén fáth a bhfuil muid anseo? Ach, níl aon tuairisc againn go bhfuair sé freagra.

Cá bhfágann sin muid?

Bhíodh scéal ag mo mhuintir faoi bhuíon fear a bhíodh ag obair ar an mbóthar anseo fadó. Thagaidís chuig teach mo sheanmhuintire ag ól braon tae. Bhí fear as an gCaiseal darbh ainm Joe Kane ann. Shuíodh sé le taobh na tine agus an t-uisce ag brúchtaíl aníos as a bhróga, agus théadh ag cumadh véarsaí. Nuair a bhíodh an tae ólta, d’éiríodh Joe go támáilte agus d’fhógraíodh:

‘Whatever way the wind will blow,

Over the road Joe Kane must go!’

Mhair tú nó gur shéalaigh tú.

I ngleannta an Mháma i nDúiche Sheoigheach a chaith Micheál Breathnach ancaire lena chuid scéalta. Bhí go leor acu aige. Cé go ndeachaigh sé go Sasana agus go hAlbain ina fhear óg (rugadh é in 1864) níor bhac sé le himeall na cruinne, ná le míniú ar an saol. Tá Ailbhe Nic Giolla Chomhaill as Ollscoil na Gaillimhe ag tabhairt léachtaí faoi; táthar ag súil go mbeidh tuilleadh léargais againn ar scéal an Bhreathnaigh amach anseo.

Lonnaithe i ngleann ar imeall na mara atá an Cloigeann in iarthuaisceart Chonamara. Tá siadsan ag scríobh stair na bunscoile. Chuile sheans go bhfuil sí ar cheann de na scoileanna náisiúnta is faide atá ar an bhfód sa taobh sin tíre. Tógadh í in 1861 agus cé gur athmhúnlaíodh í agus gur méadaíodh í, tá sí ar an láthair chéanna ó shin.

Bhí sé ina phráinn ag an eaglais Chaitliceach.

Bhí dhá scoil bunaithe ag an eaglais Phrotastúnach sa gceantar agus tarraingt orthu. Scoil na Naomh Uile a tugadh ar an scoil Chaitliceach agus údar leis an ainm, osclaíodh í ar an 1ú Samhain 165 bliain ó shin. Seans gur cuireadh an cheist go minic ansin – Cé a rinne an domhan? ‘Dia a rinne an domhan, a mháistir.’ An Teagasc Críostaí.

Nár dhíchéillí an mhaise do Mhichael in Interum a dhul go himeall na cruinne ag iarraidh feasa? Chaithfeadh nach raibh aois an leabhair aige.

Fág freagra ar 'Leabhair an tsaoil agus leabhair na tuaithe – ag iarraidh feasa ar imeall na cruinne'