Cuirfear brú i dTeach Laighean inniu ar ionadaithe ón Roinn Oideachais faoin líon mór díolúintí ó staidéar na Gaeilge atá á mbronnadh ar dhaltaí scoile.
Tá oifigigh shinsearacha ón roinn le teacht os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais tráth a bhfuil imní léirithe ag an gcoiste faoin scéal agus tráth a bhfuil Sinn Féin ag iarraidh ar an Aire Oideachais deireadh a chur leis an gcóras.
Bhí díolúine ón nGaeilge ag breis is 73,000 dalta bunscoile agus iarbhunscoile anuraidh, an líon is mó riamh.
Dúirt leaschathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil, go raibh baill an choiste “an-bhuartha faoi chóras na ndíolúintí mar atá sé ag feidhmiú faoi láthair” agus go bhfuil “an-díomá” orthu maidir leis an gcéatadán ard daltaí a mbronntar díolúine orthu agus “a bhfuil an deis an Ghaeilge a fhoghlaim á cailliúint acu”.
Tá an coiste ag éileamh ar an Roinn Oideachais bileog eolais a réiteach agus a scaipeadh ar thuismitheoirí agus ar dhaltaí “ina léireofar na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a mhúineadh do leanaí agus na míbhuntáistí a bhíonn ann do leanaí nach bhfuil múineadh na Gaeilge á sholáthar dóibh – is iad sin míbhuntáistí oideachais, sóisialta, fostaíochta, cultúrtha agus araile”.
Táthar freisin ag iarraidh go mbeadh eolas sa mbileog maidir leis an tacaíocht atá ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus iad ag foghlaim na Gaeilge nó aon dara teanga eile.
“Tá an Comhchoiste ag iarraidh go mbeidh na buntáistí [a bhaineann le foghlaim na Gaeilge] ar fáil do gach uile dhalta agus saoránach in Éirinn, Éireannaigh nua san áireamh, agus nach mbeidh úsáid á baint as díolúine ach amháin nuair nach bhfuil rogha ar bith eile ar fáil,” a dúirt Ó Cearúil.
“Creideann an Comhchoiste go bhfuil gach duine in ann an Ghaeilge a fhoghlaim ach amháin na tacaíochtaí atá de dhíth a chur ar fáil dóibh de réir mar is cuí. Beidh an-suim ag an gComhchoiste an freagra ón Aire agus ón Roinn Oideachais agus Óige ar an moladh seo a phlé leo,” a dúirt an Teachta de chuid Fhianna Fáil.
Tá diúltaithe scun scan ag an Roinn Oideachais deireadh a chur le córas na ndíolúintí mar a mhol coiste Oireachtais na Gaeilge i dtuarascáil in 2024. An Teachta Dála de chuid Shinn Féin Shonagh Ní Raghallaigh, an Teachta Dála is déanaí a d’iarr ar an Aire Oideachais deireadh a chur leis an gcóras.
Ina freagra, dúirt an tAire Hildegarde Naughton gur reáchtáladh comhairliúchán poiblí faoi chóras na ndíolúintí in 2018 agus gur léirigh aiseolas ó rannpháirtithe “go soiléir” go raibh gá leanúint leis an bpolasaí faoina gceadaítear díolúintí ó staidéar na Gaeilge.
Thagair an tAire Naughton do líon na ngasúr ón iasacht atá cláraithe in iarbhunscoileanna agus don mhéadú atá tagtha ar líon na ndaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Mar thoradh ar an athbhreithniú a rinneadh ar an gcóras roinnt blianta ó shin, is faoi phríomhoidí a bhíonn sé anois cinneadh a dhéanamh díolúintí a dheonú.
Dúirt Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) le gairid go gcreideann formhór príomhoidí nár cheart díolúintí ó staidéar na Gaeilge a bhronnadh ar dhaltaí bunscoile.
Dúirt an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir, saineolaí ar chúrsaí oideachais, go mbeadh “impleachtaí tromchúiseacha” ag “easpa gnímh” na Roinne Oideachais i dtaobh cheist na ndíolúintí agus gur in olcas a bheadh rudaí ag dul maidir le líon na ndíolúintí a bhronntar.
“Má théann líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge os cionn 20%, bhainfí an bonn den Ghaeilge mar ábhar éigeantach scoile ag leibhéal na hArdteiste,” a dúirt Ó Duibhir. Díreach os cionn 14% de dhaltaí iarbhunscoile a raibh díolúine acu anuraidh.
Deir siadsan atá ag iarraidh fáil réidh le córas na ndíolúintí gur chóir an siollabas Gaeilge a chur in oiriúint do riachtanais na bhfoghlaimeoirí seachas díolúintí a dheonú.
Dúirt Ard-Rúnaí an INTO, John Boyle, le gairid nach bhfuil córas na ndíolúintí ag obair agus leag sé mar dhúshlán ar an Roinn fianaise a chur ar fáil a léireodh an tairbhe a bhaineann le bronnadh díolúintí.
Fág freagra ar 'Oifigigh shinsearacha ón Roinn Oideachais le ceistiú faoi chóras na ndíolúintí Gaeilge'