Tá an ceoldráma An tÉalú suite i dteach altranais agus i bpáirc phoiblí ina aice láimhe. Ní drocháit é a deirtear linn, ach ina dhiaidh sin féin tá fonn ar Shíle, príomhcharachtar an cheoldráma, éalú as.
Is í carachtar Shíle a tháinig chuige ar dtús, a deir Seán Óg Ó Duinnín, scríbhneoir agus léiritheoir An tÉalú, ceoldráma nua atá á léiriú aige le Cumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Ag cuimhneamh ar a mháthair, a bhí sé.
Bhásaigh a mháthair ar an 10 Márta anuraidh, dhá lá i ndiaidh don chuirtín a theacht anuas ar an gceoldráma Gobnait, ceoldráma a scríobh sé le Alan Kiely agus Kevin Connolly. Ní raibh an ticéad féin fágtha gan díol sa Cork Opera House ar an 8 Márta agus ar feadh sé oíche i Halla Bhéal Átha an Ghaorthaidh roimhe sin.
Seachtain a bhí ann ina raibh an ceiliúradh agus an caoineadh taobh le taobh, a deir Seán. Sna seachtainí ina dhiaidh sin, a thosaigh sé ag scríobh An tÉalú.
“Do spreag pearsantacht mo mháthar an ceoldráma seo. Thosnaíos ag scríobh radharcanna ag cuimhneamh uirthi,” a deir sé.
Ní raibh aon scéal soiléir ag teacht chun cinn go dtí gur chuala sé scéal faoi dhaoine a d’éalaigh as teach altranais.
“Do chrochadar leo. Is rud é a tharlaíonn. Bíonn daoine áirithe ann a bhriseann amach go rialta, bíonn cód ar an doras sa chaoi is nach féidir le daoine briseadh amach. Go minic an rud a bhíonn i gceist ansan ná daoine a bhfuil an néaltrú ag dul dóibh. Ach ní hin an scéal atá á insint agam anseo.”
Bhí sé ag iarraidh scéal a insint faoin neamhspleáchas agus spiorad is cearta an duine agus iad ag dul in aois.
“D’fhan mo mháthair sa mbaile go dtí an lá ar cailleadh í. Ag an am céanna níl mé ag iarraidh caitheamh anuas ar thithe altranais mar tá ról an-tábhachtach le líonadh acu sin a bhíodh á líonadh ag an mbaile agus níl gach duine in ann é sin a dhéanamh.
“Ach cinnte, sa scéal seo, níl an príomhcharachtar Síle ag iarraidh a bheith i dtigh altranais. Ansin, nuair a tharlaíonn sé sin, conas mar a dheileálann an chlann leis an gcinneadh atá aici siúd nach bhfuil sí ag iarraidh a bheith ann?”
Cé gur cruacheisteanna atá ag croí an dráma, tá an greann lárnach san insint. Is minic gur féidir leis an ngreann bealach a réiteach don phlé ar ábhar atá deacair nó goilliúnach.
“Tá an t-ábhar dáiríre, ach tá an t-uafás grinn ann. Ceann de na radharcanna ina mbíonn spraoi leis seo ná grúpa seanmhná agus iad ag cniotáil is ag caint ar shochraid atá ag teacht aníos. Is gearr go dtosaíonn siad ag casadh amhrán pop, ‘Cé a chuirfidh mé sa chré?’ agus iad ag caint ar an ghruaig, an bia agus mar sin de. Tá sé dorcha, ach tá sé greannmhar, tá an dá rud ann.”
Is cuimhin le Seán Óg go mbíodh a mháthair an-oscailte ina cuid cainte faoin mbás sular cailleadh í agus faoi na socruithe a bhí sí ag iarraidh.
“Déarfadh sí linn céard a bhí uaithi, ‘táimse ullamh’ a deireadh sí. Ní raibh sí diúltach ná olagónach, bhí sí saghas réidh don bhás.
“Is chuala mé ón gcliar freisin is muid ag réiteach gur seo rud a deireann daoine, go bhfuil siad réitithe. Tá an dráma ag cur comhráití deacra i spás oscailte, compordach, agus greannmhar go pointe áirithe. Beidh daoine ag gol agus daoine ag gáire.”
Cúigear is fiche aisteoirí atá ag glacadh páirt sa seó, idir óg agus aosta, agus aisteoirí amaitéaracha iad uile, deichniúr daoine gairmiúla atá ar chúl stáitse ag obair ar chúrsaí teicniúla agus soilse.
Tá ceolfhoireann d’ochtar ceoltóirí gairmiúla ag cur an cheoil i láthair agus is í Brenda Griffin an stiúrthóir ceoil.
Seo é an tríú léiriú atá curtha ar stáitse ag Cumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Tháinig os cionn 1,300 duine go Halla Bhéal Átha an Ghaorthaidh in 2023 don cheoldráma An Tuairín Dubh, a scríobh Seán Óg agus Alan Kiely agus Kevin Connolly le chéile. Scéal é a bhí bunaithe ar eachtraí a tharla sa gceantar i 1920 i rith Chogadh na Saoirse. Anuraidh chuir an Cumann athshamhlú ar scéal Naomh Gobnait ar stáitse, Gobnait, ceoldráma a bhí bunaithe ar an mbéaloideas agus ar an mbaint a bhí ag an naomh leis an gceantar.
Tá súil ag Seán Óg go gcuirfidh An tÉalú daoine ag caint faoi na ceisteanna a ardaítear ann.
“Tá an-chuid den scéal an-fhíor faoi na rudaí a tharlaíonn sa saol dúinn ar fad. Pléann sé rudaí deacra ach tá sé taitneamhach chomh maith.
“Tá mé ag súil go mbeidh daoine ag fágaint na hamharclainne i ndiaidh an tseó agus tuairimí éagsúla acu ar an scéal. Ní theastaíonn uaim go mbeadh aon rud dubh agus bán.”
Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Do spreag pearsantacht mo mháthar an ceoldráma seo’'