An Domhnach, agus mar is cuí, tosaíonn craobh na peile ar lá naofa agus ar thalamh naofa; Ard Mhacha in éadan Thír Eoghain, nó Arrgh Mhacha in aghaidh Thum Eoghain, má tá tú sean go leor le go mbeadh cuimhne agat ar an tseancholún spóirt sin a raibh ‘Saighdiúir Samhraidh’ air.
Ach ní hé an samhradh atá linn ach an t-earrach agus earrach fuar cadránta, lán gaoithe agus fearthainne. Mar sin féin, níor chuir an fuacht stop leis na sluaite tarraingt ar Ard Mhacha don chluiche mhór (BBC NI/RTÉ). Is fíor go raibh neart cótaí troma le feiceáil ar na Gaagóirí ach ní raibh baol ar bith ann go mbeadh duine ar bith griandóite faoi dheireadh an chluiche sin nó mórán eile ina dhiaidh sin, déarfainn.
Bhí an lá le hArd Mhacha, más ar éigean é, i gcluiche an Domhnaigh agus tháinig an tolg slán leis fosta.
Sea, de bharr an leagain amach (measartha) nua atá ar chúrsaí CLG, is san earrach a thosaíonn caismirt na gcúigí, comhrac na gcontaetha. Sa tsamhradh a thiocfas an t-aistear seo chun críche agus contae amháin as an dá cheann is tríocha buach. Díomá agus ábhar gearáin a bheas ag an chuid eile acu.
Agus ó tharla anois gurb é seo ré na gcontaetha in Éirinn, ní fada go mbeidh na geansaithe á gcaitheamh fud fad an oileáin ag lucht iomána agus peile: Ciarraí; Gaillimh; Aontroim; Corcaigh…
Dhá chontae is tríocha in iomaíocht agus iad in iomaíocht faoi scáil ionad riaracháin a cheap na Sasanaigh ach a bhuanaigh CLG ina laetha luatha.
Mar a tharla, ar an oileán eile, tá dhá bhabhta dá gcraobh féin contae sa chruicéad imeartha. Tá seanphobail an tseanspóirt sin anois ag tarraingt ar a gcuid tailte naofa féin agus logainmneacha ársa dá gcuid féin anois i mbéal an phobail: Nottinghamshire; Sussex; Leicestershire; Northamptonshire; Lancashire; Derbyshire; Worcestershire…
Ní ann don ‘shire’ againne; níl aon Armaghshire nó Tyroneshire agus ní bheadh ciall ar bith le Ciarraíshire nó ríocht atá i gCiarraí, nach ea? Focal de chuid an tSean-Bhéarla atá ann ach is ionann an leagan amach tíreolaíochta atá againn ina ainneoin sin – ach amháin gur dhing lucht CLG an cúige anuas ar an rud ar fad, an craiceann Gaelach ar chnámha Sasanacha.
Bhí cuid mhór de na craobhchluichí cruicéid le feiceáil ar YouTube san áit a raibh na cluichí Gaelacha le feiceáil ar an teilifís. Lucht tacaíochta na gcontaetha a bhí ag déanamh tráchtaireachta ar YouTube san áit a raibh foireann ghairmiúil spóirt ag lucht CLG. Lena chois sin, ní raibh na páirceanna cruicéid ag cur thar maoil le lucht leanúna i gcomparáid le cluiche mór Ard Mhacha/Thír Eoghain agus pobal an dá chontae sin á mbrú féin isteach ar ardán agus ar sheastán.
Idir trí agus ceithre lá a mhair cuid de na cluichí cruicéid ar YouTube. Lá deifre ní raibh ar dhuine ar bith. Bhí an gnó ar fad thar a bheith measúil, thar a bheith múinte. Babhláil agus buille, corr babhlála ar chorr babhlála, lá ar lá. Sea, sin agat rotha mór an tslatáin.
Ní dócha go raibh na Sasanaigh ar dhóigh ar bith níos teo ná na hÉireannaigh agus iad cruinn don chruicéad. Bhí bearradh fuar ar an aimsir i Sasana más fíor do na súile. Ach, lena gceart a thabhairt do lucht na seanchontaetha Sasanacha, bhí bua amháin acu ar na Gaeil – bhí teacht acu ar sheaimpéin agus iad ag amharc ar imeachtaí na stráice. Bhí daoine le feiceáil ag suimiú leo faoin fhuacht agus faoin fhearthainn; iad préachta faoina gcuid hataí bádóra ach níor chloígh an drochaimsir na seanghnásanna.
(Iomrá ná iomrá ar Buckfast ní raibh ann.)
Sin an liopa uachtair righin gan amhras; sin an misneach agus an meon a thug slán ó thránna Dunkerque iad agus a chloígh an Luftwaffe le linn Chath na Breataine.
Mar sin féin, nach ait é? An t-aonad riaracháin mar an gcéanna, contae, ach dhá thoradh éagsúla ar chúrsaí spóirt agus cultúir.
Fág freagra ar 'Níl aon Armaghshire nó Tyroneshire agus ní bheadh ciall ar bith le Ciarraíshire…'