AN POD SPÓRT: ‘Mar iarbhainisteoir ar Chorcaigh, tá faitíos orm…’

Tá an t-iarbhainisteoir idirchontae John Allen linn ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Spórt’ chun féachaint chun cinn ar an chraobh

AN POD SPÓRT: ‘Mar iarbhainisteoir ar Chorcaigh, tá faitíos orm…’

Tá an t-iarbhainisteoir idirchontae John Allen linn ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Spórt’ chun féachaint chun cinn ar an chraobh

In éineacht le Darren agus Pádraic chun súil chun cinn a chaitheamh ar Chraobh Iomána na hÉireann 2026, tá John Allen, iarbhainisteoir ar Chorcaigh agus Luimneach agus iarimreoir le Corcaigh.

Cé a thiocfaidh slán as Cúige Mumhan agus Cúige Laighean i mbliana? Cén fáth go bhfuil imní ar John Allen faoina bhfuil i ndán dá chontae dúchais in aghaidh churaidh na hÉireann, Tiobraid Árann Dé Domhnaigh? An bhfuil port na gCat seinnte ar deireadh? An bhfuil gealladh faoi Ghaillimh? Conas a éireoidh le foirne Roinn 1B, contae an Chláir agus Áth Cliath? An bhfuil seans ar bith ag Port Láirge? Agus an stopfaidh aon duine Luimneach ar deireadh thiar?

Pléitear na ceisteanna sin go léir ar an gcéad eagrán iománaíochta de ‘An Pod Spórt’ an séasúr seo.

Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: ‘Mar iarbhainisteoir ar Chorcaigh, tá faitíos orm…’'

  • Seán

    Bhíodh an focal ‘beartaíocht’ ana-mhinic ag Maidhc Sé ina chuid tráchtaireachta in ionad ‘teaicticí’ (focal gránna).
    Tá ‘modhanna beartaíochta’ ann i gcomhair ‘tactical methods’.
    Gheofá
    ‘socrú ar bheartaíocht maidir le X…’
    a rá.
    ‘Cén bheartaíocht a dhéanfaidh foireann X?’