MÁIRE NÍ BHRAONÁIN 1952-2026: Chuaigh a síodúlacht mhaorga uasal i gcion ar na mílte…

Guth fódúil ach guth aerga a bhí ag Máire Ní Bhraonáin agus chuir sí an chluain chaoin ar chách leis

MÁIRE NÍ BHRAONÁIN 1952-2026: Chuaigh a síodúlacht mhaorga uasal i gcion ar na mílte…

Máire Ní Bhraonáin/Moya Brennan (1952-2026)

Meán Fómhair 1974. Osclaíodh doras an tseomra ranga réamhthógtha agus seo isteach an múinteoir de shiúl scuabach, muiníneach i dtreo thosach an tseomra. Spéirbhean chaol ard í, cóirithe san éadach a bhí san fhaisean ag an am, blús éadrom a raibh patrún feiceálach ann, jíons bell bottom agus sála arda platform. Tá an folt fada dúdhonn ceangailte siar óna haghaidh gheal agus na súile móra donna le feiceáil go soiléir. Le misneach údarásach nach bhfuil doicheallach ach atá fiosrach cairdiúil, fiafraíonn sí dínn cén cineál ceoil a thaitníonn linn, cé acu an dtaitníonn na hamhráin agus an ceol traidisiúnta linn. Go faiteach, náireach, freagraímid gur fearr linn ceol nua-aimseartha. Aontaíonn sí linn go bhfuil an ceol nua-aimseartha an-taitneamhach, ach a deir sí, arís le cinnteacht, “Ní hionann is a rá mar go bhfuil siad sean nach bhfuil a luach féin sna sean-amhráin.”

Sna seachtainí ina dhiaidh sin, múineann sí an t-amhrán ‘Fiddler’s Green’ dúinn.

O Fiddler’s Green is a place I’ve heard tell

Where Fiddlers go if they don’t go to hell

Where the weather is fair and the dolphins do play

And the cold coast of Greenland is far far away.

Fear darb ainm John Conolly as Grimsby Shasana a chum an t-amhrán i 1966 agus bhí sé taifeadta tamall gearr roimhe sin ag na Dubliners ar an cheirnín The Dubliners Plain and Simple (1973) agus ba é sin an t-amhrán a phioc Máire Ní Bhraonáin lena mhúineadh dúinn sna cúpla seachtain ghearra a bhí againn léi.

Gan mhoill ina dhiaidh sin, tháinig ráchairt ar Chlannad, agus as go brách le Máire ina gcuideachta agus d’fhág sí an clár is an fhoireann ag post seascair agus tuarastal rialta. D’fhan an t-amhrán úd liom ón am sin, agus níl aon uair a smaoiním air anois, nach dtagann Máire Ní Bhraonáin agus a modh úr, bríomhar múinteoireachta isteach i mo cheann.

Bhí aithne agam ar a hathair, Leo, ó bhí mé i mo pháiste beag óg agus is cuimhin liom go fóill an chumha a bhí orm nuair a dúirt m’athair liom nach mbeadh Leo ag pilleadh orainn mar cheoltóir ní ba mhó. Bhí a áit féin anois aige, a dúirt m’athair, agus ní bheadh am aige a bheith ag seinm i nGort A’ Choirce. Bhí dóigh dheas nádúrtha ag Leo le páistí agus chuir sé an chluain orm féin chomh maith le duine agus gan mé ach na sé bliana.

Is cinnte go raibh an mheallacacht chéanna i bpearsantacht Mháire, agus is fada ina dhiaidh sin a mhair an t-imprisean a rinne sí orm. Chuaigh an tsíodúlacht mhaorga uasal sin i gcion ar na mílte i gcaitheamh na mblianta agus thuill sé gradaim agus duaiseanna go leor di féin agus dá comhcheoltóirí i gClannad. Bhí péire a sheas amach di as measc an iomláin, dar léi féin, An Chéad Duais ag Féile Cheoil Tíre Leitir Ceanainn i 1973 i dtús a ré, agus Gradam Phearsa Dhún na nGall in 2023. Bhain an dá dhuais sin lena contae agus lena dúchas féin agus ba mhór a meas orthu dá réir sin.

Cé gur shíl mé síoraíocht a bheith ag baint leis, bhí mé féin ar shiúl ar aghaidh chuig an Ollscoil i nGaillimh cúig bliana gearra ina dhiaidh sin. Bhí coiste siamsaíochta Aontas na Mac Léinn thar a bheith gníomhach san Ollscoil san am agus gan léamh ná scríobh ar na cineálacha éagsúla caithimh aimsire a chuir siad ar fáil do na mic léinn.

Ar cheann de na cuimhní is beo agus is gile atá agam ar na hoícheanta sin, tá an cheolchoirm a rinne Clannad i dTéatar Uí Fhlaithearta san Ollscoil agus an teach lán ó chúl go doras. Ba gheal le bheith ar Neamh é a bheith ag éisteacht le fliúit Phóil agus dord Chiaráin agus iad ag casadh an amhráin ‘Níl sé ‘na Lá’ agus chuir glór soiléir, paiseanta Mháire barr maise ar a gcuid saorbhreachnuithe ar an uile bhealach. Ó bhean darbh ainm Nóra Ní Rodáin a fuair siad an t-amhrán ag Feis an Chraoslaigh tamall de bhlianta roimhe sin agus má fuair, rinne siad a gcuid féin go hiomlán de.

Nuair a dúirt Máire an t-amhrán binn ‘Neansaí Mhíle Grá’ an oíche sin, bhí a raibh sa halla i gcroílár a boise aici agus muid ar insí ag fanacht leis an chéad siolla binn eile óna béal.  Ó Alphonsus Mac a’ Bhaird as Teileann a fuair sí an ceann sin agus thaistil sí féin agus Ciarán go Teileann d’aon ghnó lena thaifeadadh uaidh.

As an meascán ceoil a bhí sa bhaile a tháinig an nuáil go léir a bhain le ceol Chlannad ar dtús. Bhí showband Leo, An Sliabh Foy, i dteach amháin agus béal dorais, bhí Aodh Ó Dubhgáin a hathair mór, an máistir agus an múinteoir, a thug oiliúint do Mháire agus don chuid eile i bhfilíocht agus i gceol dúchais na Gaeilge. Bhí an nua agus an sean leo ón tús mar sin agus le himeacht aimsire dheamhan faitíos a bhí orthu iad a mheascadh le chéile ar bhealaí úra, tarraingteacha.

Ba é a mbua ag Féile Cheoil Tíre Leitir Ceanainn i 1973 a chuir ar chonair shiúlach an cheoil iad agus a shaothraigh aitheantas agus rathúlacht idirnáisiúnta dóibh. B’iontach agus ba sciliúil na ceoltóirí iad na buachaillí ach ba í lasair shí leanúnach, líofa Mháire lena cláirseach, lena glór binn agus go deimhin lena teacht i láthair, a mheall tír agus talamh ina dtreo. Guth fódúil ach guth aerga a bhí ag Máire agus chuir sí an chluain chaoin ar chách leis.

Níor aithníodh ná níor scrúdaíodh go hiomlán go fóill an tionchar mór a d’imir Clannad mar ambasadóirí ar son na Gaeilge, ar son an cheoil Ghaelaigh ná ar son an res Hiberniae go ginearálta. Nuair a dhéanfar é sin, bí cinnte de nach scéal fánach a bheas ann.

Spreag an t-albam Fuaim ar chuir siad amhráin a fuair siad i dToraigh air, spreag sin mo shuim féin go mór in amhráin an oileáin. Is mé ag amharc ar mhír teilifíse de Mháire ar chlár cáiliúil Gay Byrne, The Late Late Show, i 1990, dúirt sí ‘An Mhaighdean Mhara’ gan tionlacan aici ach gur íslíodh na soilse sa stiúideo, rud a chuidigh leis an atmaisféar diamhair atá san amhrán a mhéadú agus a chur i gcion ar an lucht éisteachta. Amhrán é a tógadh ar dtús ó Shíle Mhicí Ní Ghallchóir, bean a raibh cónaí uirthi ina baile féin, Dobhar agus ar chuir Áine agus Cití Ní Ghallchóir suim ann ina dhiaidh sin.

Bhí sí an-chinnte di féin agus í a ghabháil rud a chuidigh léi na gártha molta a bhaint as an lucht féachana. D’éirigh léi an rud céanna a dhéanamh ar chlár Tommy Tiernan in 2023. ‘Gaoth Beara na dTonn’ a bhí aici an t-am seo, amhrán molta ar bhruacha na háite ag cur síos ar a choillte breátha agus ar iontais eile a bhaineann leis.

Cé go raibh tinneas trom scamhóg ar Mháire le blianta, agus gur chaill sí a hathair, a deartháir Leon, agus a beirt uncailí Noel agus Pádraig, agus a haintín Bríd, níor stad sí riamh. D’fhan sí dearfach i gcónaí agus choinnigh sí cúrsaí ag gabháil ar aghaidh i gcónaí. Bhí cúrsa eile aici mar cheoltóir aonair i dteannta lena comhchláirseoir Cormac de Barra. Thosaigh sí Clubeo i dTábhairne Leo in 2013, le hardán a thabhairt do cheoltóirí óga a bhí ag teacht chun tosaigh agus a raibh gealladh fúthu.

Cheol sí amhrán ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair i mí na Nollag seo chuaigh thart, d’ainneoin an tinnis. Ar an ardán bhí an solas ar lasadh ar fad, ba chuma cén easláinte a bhain don chorp. Bhí atmaisféar cumhúil ar an chlár Barrscéalta, a chraoltar ó Ghaoth Dobhair, Dé Máirt. Chaoin a dlúthchara Mairéad Ní Mhaonaigh í le caoineadh a fuarthas ó Chití Ní Ghallchóir, caoineadh de chuid Dhobhair:

Orú, orú agus a leanbh, caide a dhéanfaidh mé, tá tú ar shiúl uaim, agus orú, agus anuraidh, agus och och och ó…..

Cé go raibh Máire tinn le fada agus go raibh súil lena bás luath nó mall, níl aon cheist ach go bhfuil bearna mhór ina diaidh, bearna, go deimhin, nach féidir a líonadh.

Comhbhrón ó chroí le Baba, Tim, Aisling, Paul agus lena deartháireacha agus lena deirfiúracha agus lena cairde uile go léir.

Fág freagra ar 'MÁIRE NÍ BHRAONÁIN 1952-2026: Chuaigh a síodúlacht mhaorga uasal i gcion ar na mílte…'

  • Eoghan Ó Néill

    Ár mbuíochas dí as an árdú croí a thug sí dúinn thar na bliannta….