Socruithe sochraide Mháire Ní Bhraonáin fógartha

Bhásaigh an t-amhránaí aitheanta sa bhaile i nGaoth Dobhair oíche Dé Luain

Socruithe sochraide Mháire Ní Bhraonáin fógartha

Tá socruithe sochraide an amhránaí agus an cheoltóra aitheanta Gaeltachta Máire Ní Bhraonáin (Moya Brennan) fógartha. Tá sí á faire ina teach cónaithe i nDobhar Uachtair i nGaoth Dobhair i gcontae Dhún na nGall inniu agus amárach, ó 13:00-20:00.

Aistreofar a corp go Teach Pobail Phádraig i Mín Uí Bhaoill Dé hAoine agus déarfar Aifreann na sochraide ag 14:00 sa séipéal sin. Cuirfear i ndiaidh an Aifrinn i Reilig Mhachaire Gathlán. Beifear in ann breathnú ar an tsochraid ar cheamara gréasáin an tséipéil via MCN Media agus sruthófar beo ar leathanach Facebook an adhlacóra Kieran Roarty freisin é.

Bhásaigh Máire Ní Bhraonáin, a bhain cáil dhomhanda amach leis an mbanna ceoil Clannad, ina teach cónaithe i nGaeltacht Ghaoth Dobhair oíche Dé Luain. Bhí galar scamhóige uirthi le tamall anuas. Bhí sí 73 bliain d’aois. Imithe roimpi tá a hathair Leo, a deartháir Leon, a huncailí a bhí i gClannad léi Pádraig agus Noel Ó Dúgáin, agus a haintín Bríd Ní Dhúgáin.

Maireann a fear céile Tim, a hiníon Aisling, agus a mac Pól chomh maith le gariníon Eden, a máthair Máire ‘Baba’ Uí Bhraonáin; a deirfiúracha Deirdre, Olive, Brídín, agus Eithne (Enya); agus a deartháireachta Pól, Ciarán, agus Beartla.

Bhí an tUachtarán Catherine Connolly agus an Taoiseach Micheál Martin i measc na ndaoine a léirigh ómós le cúpla lá anuas don cheoltóir iomráiteach.

Dúirt an tUachtarán gur chuir Moya agus Clannad daoine ar fud an domhain faoi gheasa “lena gceol, a gcuid amhrán agus leis an nGaeilge”.

“Tá oidhreacht ollmhór fágtha ag Moya, óna saothar le Clannad agus a cuid saothair aonair, a bheidh ar fáil do ghlúnta na todhchaí.”

Fág freagra ar 'Socruithe sochraide Mháire Ní Bhraonáin fógartha'

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé leat Moya