AN POD GAEILGE: ‘Saipan’ eile? Athbhreithniú á dhéanamh ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge….

Ar ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo, tá Máire Ní Fhinneadha agus Kevin Hickey linn chun labhairt faoin athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar an gCaighdeán Oifigiúil?

AN POD GAEILGE: ‘Saipan’ eile? Athbhreithniú á dhéanamh ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge….

Tá athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil ar bun faoi láthair ag Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais ach cad chuige an caighdeán céanna agus cén fáth go mbíonn daoine áirithe chomh buartha sin faoi agus daoine eile ar nós cuma liom faoi. ‘An treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge?’

Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an gCaighdeán mar atá? Cad iad na leasuithe ba chóir a dhéanamh air? Agus an cheist is tábhachtaí ar fad, má chuirtear leagan nua amach, cén dath a bheas ar an gclúdach?

Ní aon easpa ábhar cainte ar chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo agus an léachtóir agus scoláire Kevin Hickey i dteannta Bhridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha agus Maitiú Ó Coimín.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Saipan’ eile? Athbhreithniú á dhéanamh ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge….'