Scoileanna i gCill Dara agus Laois molta ag an Aire Oideachais do dhaltaí in Uíbh Fhailí a bhfuil iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge uathu

Cé go bhfuil trí bhunscoil lán-Ghaeilge in Uíbh Fhailí, tá sé ar cheann den 11 contae sa stát nach bhfuil aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge ann

Scoileanna i gCill Dara agus Laois molta ag an Aire Oideachais do dhaltaí in Uíbh Fhailí a bhfuil iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge uathu

Tá sé ráite ag an Aire Oideachais go bhfuil an rogha ag daltaí taisteal thar teorainn más mian leo a gcuid oideachais iarbhunscoile a fháil trí mheán na Gaeilge.

Mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta John Clendennen faoi na roghanna atá ag daltaí in Uíbh Fhailí maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal, dúirt an tAire Hildegarde Naughton go bhféadfaidís freastal ar an aonad Gaeilge in iarbhunscoil i bPort Laoise.

Cé go bhfuil trí bhunscoil lán-Ghaeilge in Uíbh Fhailí, tá sé ar cheann den 11 contae sa stát nach bhfuil aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge ann.

Má tá daltaí ag iarraidh oideachas iarbhunscoile lán-Ghaeilge a fháil, dúirt an tAire go raibh an rogha acu freastal ar Choláiste Dhún Másc i bPort Laoise, scoil a bhfuil aonad Gaeilge inti.

Tá Coláiste Dhún Másc thart ar 40 nóiméad ó Ghaelscoil an Eiscir Riada ar an Tulach Mhór agus thart ar 50 nóiméad ón dá Ghaelscoil eile sa gcontae, Gaelscoil Éadan Doire agus Gaelscoil na Laochra i mBiorra.

Dúirt an tAire gur rogha eile atá acu Gaelcholáiste Chill Dara, atá suite thart ar 45 nóiméad ó Ghaelscoil Éadan Doire, agus breis is uair an chloig ón dá Ghaelscoil eile.

Cé go bhfuil thart ar 300 dalta ag freastal ar na trí Ghaelscoil in Uíbh Fhailí, ní raibh ach naonúr ón gcontae ar fad a d’fhreastail ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge in 2025-26, dar le figiúirí a thug an tAire Oideachais.

Dúirt an tAire go raibh sí ag súil leis na torthaí ar obair an tascfhórsa atá bunaithe ag a Roinn chun ceist an tsoláthair oideachais lán-Ghaeilge a phlé.

Tá an tascfhórsa, a bunaíodh mar chuid den pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, le moltaí a dhéanamh roimh dheireadh na bliana ach tá amhras léirithe cheana féin ag cuid de bhaill an tascfhórsa faoi fhiúntas na hoibre. Tá imní léirithe ag An Foras Pátrúnachta agus Gaeloideachas faoi chur chuige an tascfhórsa agus an chuma ar an scéal nach bhfuil an Roinn Oideachais sásta scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú agus go bhfuil múnla an aonaid, múnla faoina bhfuil amhras léirithe go minic, á chur chun cinn ag oifigigh na Roinne.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Oideachais nach bhfuil aon phlean ag a Roinn aon scoil lán-Ghaeilge nua a thógáil idir seo agus 2031, in ainneoin go bhfuil feachtais ar bun ar fud na tíre agus daoine ag éileamh Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí ina gceantar féin.

Deir lucht na hearnála oideachais lán-Ghaeilge go bhfuil bearna mhór ann maidir leis an soláthar, go háirithe ag leibhéal na hiarbhunscoile. Tá thart ar 8% de dhaltaí bunscoile na tíre ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge ach titeann an figiúr sin go dtí 3% ag leibhéal na hiarbhunscoile.

Fág freagra ar 'Scoileanna i gCill Dara agus Laois molta ag an Aire Oideachais do dhaltaí in Uíbh Fhailí a bhfuil iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge uathu'