Tintreach na hAirgintíne in aghaidh fhuarchúis na Spáinneach

Casfaidh an Spáinn agus an Airgintín ar a chéile anocht i gcluiche ceannais Chorn an Domhain 2026

Tintreach na hAirgintíne in aghaidh fhuarchúis na Spáinneach

An Spáinn v An Airgintín – 20:00

Den chéad uair riamh, casfaidh seaimpíní na hEorpa agus seaimpíní Mheiriceá Theas ar a chéile i gcluiche ceannais Chorn an Domhain nuair a thiocfaidh an Spáinn agus an Airgintín le chéile in New Jersey anocht.

Cé go bhfuil an teanga chéanna acu, is é sin an t-aon rud atá i bpáirt ag an dá fhoireann. Gan dul ródhomhain i bpoll na gclichéanna – cé go rachaidh muid domhain go maith ann – cath é seo idir an Domhan Nua agus an Sean-Domhan, idir fuarchúis na Spáinne agus tintreach na hAirgintíne.

Ní gá ach súil a chaitheamh ar chluichí leathcheannais na bhfoirne chun tuiscint a fháil air sin.

Is ar an bhFrainc a thug na Spáinnigh aghaidh agus go leor den tuairim nach mbeadh foireann Luis de la Fuente in ann ag Les Bleus. Measadh go raibh foireann na Fraince lán réaltaí a bhí ag imirt ar fheabhas agus iad á gcur i gcomparáid le foireann na Brasaíle 1982, an fhoireann is mealltaí riamh i stair Chorn an Domhain. Níor thug foireann sin na Brasaíle an chreach leo áfach, dhíbir an Iodáil agus Paolo Rossi iad roimh an gcluiche ceannais, agus ba é an toradh céanna a bhí i ndán don Fhrainc agus gan cic den liathróid tugtha ag an Spáinn dóibh.

Bhí Kylian Mbappé, Michael Olise agus Ousmane Dembélé tar éis scios a dhéanamh go dtí sin sa gcomórtas ach diabhal dochar ab fhéidir leo a dhéanamh d’uireasa na liathróide agus bhí ceannas iomlán ag an Spáinn ar an gcluiche. Bhí Rodri ina fhathach i lár na páirce agus léiríonn sé neart na Spáinneach sa gcuid sin den pháirc gur féidir Pedri a fhágáil ar an mbinse.

Agus Lamine Yamal fós ag teacht chuige féin de réir a chéile, imreoir tábhachtach é Dani Olmo don Spáinn agus cúram air an imirt idir lár na páirce agus na tosaithe a shníomh le chéile. Is minic go mbíonn sé thuas chun tosaigh uile taobh le Mikel Oyarzabal, mar a bhí nuair a chruthaigh sé an cúl cinniúnach do Pedro Porro in aghaidh na Fraince.

Bíonn Porro agus an lánchúlaí eile, Marc Cucurella, go mór le feiceáil in imirt na Spáinne agus iad ag cuir leithead in imirt na foirne. Beidh ról tábhachtach acu anocht agus imirt na hAirgintíne caol go maith.

Is le ceathrar imreoirí lár páirce a imríonn Lionel Scaloni agus é ag brath ar Nicolás Tagliafico agus Nahuel Molina chun dul suas síos an taobhlíne.

Is fearr i bhfad an fhoireann í ceann na Spáinne i ndáiríre ach tá tá rud éigin sa chinniúint ag foireann seo na hAirgintíne. Bíonn na hAirgintínigh i bponc arís agus arís eile ach éiríonn leo teacht slán.

Tá baint mhór ag Lionel Messi leis sin, ar ndóigh. Is é a thug an pas deireanach don dá chúl sa teacht aniar in aghaidh Shasana sa gcluiche leathcheannais. B’fhearr an ceann a chuir sé trasna chuig Lautaro Martinez in am cúitimh chun an cluiche a bhaint ach cé gur pas simplí a thug sé do Enzo Fernandez don chéad chúl, ba í an chúis go raibh an oiread sin spáis ag Enzo ná go raibh na Sasanaigh gafa ag Messi.

Tá imreoirí eile na hAirgintíne breá sásta iad féin a thraochadh chun obair Messi a dhéanamh agus iad chomh mór faoi gheasa aige is atá an chuid eile againn.

Déarfadh aon síceolaí spóirt nach rud maith é a bheith chomh gríosaithe, chomh mór sin ar tinneall i gcluichí is a bhíonn na hAirgintínigh ach oibríonn sé dóibhsean. Tabharfaidh siad faoin Spáinn anocht go fiánta fraochta. Ní raibh Sasana in ann acu. Ceist eile í an mbeidh na Spáinnigh.

Fág freagra ar 'Tintreach na hAirgintíne in aghaidh fhuarchúis na Spáinneach'

  • WTF

    Cluiche leamh, ainnis gan deallramh.