Luimneach 1-29 Gaillimh 1-18
Is iad iománaithe Luimnigh curaidh na hÉireann arís tar éis d’imreoirí iomráiteacha John Kiely a gcumas agus a dtaithí a léiriú i mbua cuimsitheach in aghaidh na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh.
Bua in aghaidh na Gaillimhe in 2018 a chuir tús le ré órga seo Luimnigh agus ocht mbliana ar aghaidh tá sé chraobh uile-Éireann tugtha ó dheas acu agus gan an chuma ar an scéal go bhfuil deireadh leis an gcarnadh.
An cheist a bhí ann roimh an gcluiche ceannais ná an raibh an chuid is fearr den fhoireann seo feicthe againn agus teipthe orthu an lá mór a bhaint amach sa dá bhliain roimhe seo, ach tugadh freagra tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh.
Ní mhairfidh an cluiche i bhfad i gcuimhne siúd nárbh as Luimneach dóibh agus beidh muintir na Gaillimhe go háirithe ag iarraidh dearmad a dhéanamh air chomh luath agus is féidir. Ní raibh freagra ar bith ag foireann Mhicheál Donoghue ar neart, ar chruinneas ná ar fheabhas na Luimníoch.
Chríochnaigh Gaillimh le ceathrar imreoirí déag agus cárta dearg taispeánta do Ronan Glennon agus thart ar cheathrú uaire fágtha ach bhí rás na nGaillimheach rite go maith faoin am sin agus ceannas iomlán ag Luimneach ar chúrsaí sa dara leath.
Don dara cluiche as a chéile, chríochnaigh Gearóid Hegarty gan scór ach don dara cluiche as a chéile, bhí sé ina fhathach. Aon uair gur theastaigh ó Luimneach seilbh ar an sliotar a chinntiú, d’fhéach siad ina threo agus ní raibh aon Ghaillmheach in ann seasamh leis .
Laoch eile ab ea Cian Lynch. Bhíothas ann a cheistigh an dtosódh sé an cluiche ceannais ach ní raibh aon cheist ann i ndáiríre. Dhá phointe a d’aimsigh an captaen ach, mar is dual dó, d’fhág sé lorg ar chuile ghné d’imirt na foirne, go háirithe i dtaobh na cosanta agus seilbh ar an sliotar buaite aige arís agus arís eile.
Cathal O’Neill is mó a rinne scóráil do Luimneach agus 1-4 aimsithe aige. Ní raibh ach seacht nóiméad imeartha sa dara leath nuair a tháinig a chúl, é cruthaithe ag Aaron Gillane, ach ba é buille maraithe na muice é i ndáiríre agus Luimneach curtha aon phointe dhéag chun tosaigh aige, 1-18 in aghaidh 0-10.
Bhí fadhbanna na Gaillimhe soiléir i bhfad roimhe sin agus é i bhfad ródheacair acu scóranna a aimsiú. Ní raibh ach ocht bpointe acu faoi leath ama agus gan ach péire acusan tagtha ón imirt. Faoi dheireadh an chluiche, ocht bpointe ón imirt a d’aimsigh Gaillimh, 1-23 a shlánaigh Luimnigh. Bun agus barr an scéil i ndáiríre.
Bhí imní ann roimh an gcluiche an mbeadh ógánaigh na Gaillimhe in ann ag an lá mór ach ba iad an chuid eile acu a chlis. Ba é an cinneadh mór a rinne John Kiely ná Mike Casey a thabhairt isteach chun srian a choinneáil ar Jason Rabbitte ach bhí cárta buí taispeánta don lánchúlaí tar éis deich nóiméad agus trí phoc saor géillte aige. D’aimsigh Aaron Niland an sprioc leo uile chun Gaillimh a chur chun cinn 0-3 in aghaidh 0-2 ach ba iad na déagóirí sa líne lántosaithe an t-aon bheirt a bhí ag cruthú deacrachtaí do Luimneach.
Bhí dhá iarracht ar chúl ó Ghearóid Hegarty sábháilte ag cúl báire na Gaillimhe Darach Fahy faoin tráth sin agus bearnaí móra i gcosaint na Gaillimhe. Cé gur éirigh le leithéidí Cillian Trayers, ógánach eile, agus Daithí Burke na bearnaí sin a líonadh, bhí Gaillimh buailte go hiomlán sa gcath idir an dá líne 65m.
An fhadhb ba mhó a bhí ag Gaillimh ná go raibh freagra ar an toirt ag Luimneach ar scóranna na Gaillimhe. Tar éis do Luimneach ceithre scór as a chéile a fháil, chuir Aaron Niland pointe amháin idir na foirne, 0-5 in aghaidh 0-6, théis 20 nóiméad ach bhí péire sa mbearna arís agus an liathróid seolta thar an trasnán ag Cathal O’Neill ar an bpointe. Tharla an rud céanna cúig nóiméad ina dhiaidh sin, pointe ag Niland, freagra ag Aaron Gillane agus pointe eile curtha leis ag Adam English chun trí phointe a chur eatarthu.
Laghdaigh Gaillimh an bhearna arís sa 29ú nóiméad le scór gleoite ón taobhlíne ag Jason Rabbitte. Is ar éigean go raibh an ceiliúradh déanta ag an ógánach faoin am go raibh an liathróid curtha thar an trasnán ag an taobh eile ag Peter Casey agus an poc amach buaite ag Gearóid Hegarty, mar ab iondúil leis.
Nuair a d’aimsigh Aaron Niland poc saor eile, an seachtú pointe aige sa gcéad leath, ba é Cian Lynch a tháinig ar ais le pointe do Luimneach agus críoch láidir curtha acu leis an gcéad leath. D’aimsigh Aidan O’Connor scór eile in am cúitimh tar éis do Ronan Glennon feall a dhéanamh ar Hegarty agus chuir Aaron Gillane cúig phointe idir na foirne, 0-13 in aghaidh 0-5, agus seilbh faighte aige nuair a tháinig iarracht Shane O’Brien ar ais ón gcuaille.
Theastaigh tús maith sa dara leath ó Ghaillimh má bhíothas chun an taoide a chasadh agus d’aimsigh Niland an chéad scór ó phoc saor eile ach bhí imirt na Gaillimhe lán botún. Bhíodar faoi bhrú ag Luimneach ach tharla sé rómhinic go ndeachaigh pas gearr amú nó gur iompraíodh an sliotar isteach in áit a raibh triúr nó ceathrar ó Luimneach ag fanacht air.
D’aimsigh Cathal O’Neill, Kyle Hayes, Barry Nash agus Peter Casey, a chríochnaigh le 0-4, pointí sular tháinig cúl O’Neill sa 43ú nóiméad. D’éirigh le Gaillimh ceithre scór as a chéile a fháil chun an bhearna a laghdú ach ní raibh Luimneach riamh i mbaol, go háirithe nuair a cuireadh Ronan Glennon den pháirc nuair a rinne sé teagmháil lena ghualainn le clogad Peter Casey agus ceathrú uaire fanta. Timpiste a bhí ann ach bronnadh an cárta dearg air chun cruachás na nGaillimheach a dhéanamh níos measa.
Ní raibh ann ach spraoi do Luimneach as sin go deireadh agus tuilleadh scóranna ag Aidan O’Connor (2), Hayes, Gillane, Diarmaid Byrnes, Cathal O’Neill, Cian Lynch agus David Reidy.
Shlánaigh Conor Cooney poc éirice leis an mbuille deireanach ach is beag imní a bheidh sé a dhéanamh do Nickie Quaid agus gaiscígh Luimnigh.
Gaillimh: D Fahy; J Ryan, C Trayers, D Burke; P Mannion, D Burke, R Glennon; T Killeen, G Lee; D Neary (0-1), C Mannion (0-1), T Monaghan (0-2); C Whelan, J Rabbitte (0-1), A Niland (0-10, 8p/s, 1’65). Fir Ionaid: C Cooney (1-1, 1-0 p/é, 0-1 p/s))in áit Lee (48 nóim), C Daniels in áit Monaghan (55 nóim), J Fleming in áit Lee (50 nóim), C Molloy (0-1) in áit Niland (60 nóim), S Linnane in áit C Mannion (70+1 nóim)
Luimneach: N Quaid; S Finn, M Casey, B Nash (0-1); D Byrnes (0-4, 2ps, 1’65, W O’Donoghue, K Hayes (0-2); C Lynch (0-2), A English (0-2); G Hegarty, A O’Connor (0-5, 2ps), C O’Neill (1-4); A Gillane (0-4, S O’Brien. P Casey (0-4). Fir Ionaid: T Morrissey in áit O’Brien (48 nóim), D Morrissey in áit M Casey (53 nóim) D Reidy in áit P Casey (58-60 nóim), D O’Donovan in áit English (63 nóim), D Reidy (0-1) in áit O’Connor (68 nóim), C Coughlan in áit Finn (70 nóim).
Réiteoir: Colm Lyons (Corcaigh).
WTF
An sliotar á iompar ag Gaillimh isteach sa phlúchadh arís is arís eile seachas é a bhualadh síos i dtreo na dtosaithe.
Níor athraigh an ‘plean’ sin ó thús deireadh agus díshealbhaíodh go minic iad dá bharr.