An chuid is fearr de ré órga na Luimníoch feicthe againn ach níl a rás rite fós

Beidh ógánaigh na Gaillimhe ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar Luimneach i bPáirc an Chrócaigh ach céim mhór chun cinn a bheadh ansin d’fhoireann Mhicheál Donoghue

An chuid is fearr de ré órga na Luimníoch feicthe againn ach níl a rás rite fós

Gaillimh v Luimneach – Páirc an Chrócaigh, 15:30 (Beo ar RTÉ & BBC)

Níl aon amhras ach go bhfuil cosúlachtaí idir cluiche ceannais an lae inniu idir iománaithe na Gaillimhe agus Luimnigh agus an cluiche ceannais deireanach a imríodh idir na foirne in 2018. An uair sin, ba iad na Gaillmhigh rogha na n-údar agus craobh na bliana roimhe sin buaite acu. Bhí taithí na mblianta ag leithéidí Joe Canning, David Burke agus Johnny Coen agus cleachtadh acu ar an lá mór i bPáirc an Chrócaigh. Ina gcoinne, bhí foireann óg Luimnigh faoi cheannas John Kiely, dream nach raibh mórán tagartha déanta dóibh i dtús na bliana.

A mhalairt atá fíor i mbliana i gcás na Gaillimhe agus Luimnigh. Is ag Luimneach atá an taithí an uair seo agus gaiscígh na ré órga sa gcontae fós i lár an aonaigh. Tá cuid de na fir a d’imir do Ghaillimh in 2018, Dáithí Burke, na Mannions, Conor Whelan, fós ag treabhadh leo do Ghaillimh ach tá brí agus beocht nua tagtha ón mbuíon ógánach atá tagtha chun cinn.

Tá sé deacair mar sin an chomparáid le 2018 a sheachaint ach nuair a bhreathnaíonn tú siar ar fhoireann Luimnigh an lá sin, ní glas-stócaigh a bhí John Kiely a chur chun páirce.

Bhí foireann óg ag Luimneach agus bhí ochtar den fhoireann a thosaigh an cluiche ceannais 23 bliain d’aois nó níos óige ach bhí taithí go leor faighte acu sna blianta roimhe sin. Ba é Séamus Flanagan (21) an t-aon fhear a thosaigh an cluiche ceannais do Luimneach nach raibh ag imirt don chontae an bhliain roimhe.

Ní raibh Cian Lynch ach 22 ach ba é 2018 an ceathrú séasúr aige le sinsir Luimnigh, agus bhí ar a laghad trí bliana caite leis an gcontae ag leithéidí Daragh O’Donovan (23), Diarmaid Byrnes (23) agus Barry Nash (21). Ba é Kyle Hayes, nach raibh ach scór bliain d’aois in 2018, an duine ab óige ar an bhfoireann ach thug John Kiely isteach ar an bpainéal é an bhliain roimhe sin.

Ar an taobh eile, is i mbliana a d’imir Jason Rabbitte, Aaron Niland, Cillian Trayers agus Darragh Neary do shinsir na Gaillimhe den chéad uair agus iad ag fáil réidh anois chun imirt i gcluiche ceannais na hÉireann. Nuair a chuirtear imreoirí a d’imir den chéad uair anuraidh nó nár imir cluiche craoibhe ar bith go fóill, tá deichniúr ar an bpainéal 26 imreoir don chluiche ceannais nach bhfuil ach cúpla bliain ar a mhéad caite acu leis na sinsir.

Tá cúraimí nach beag ar na hógánaigh a thosóidh chomh maith. Tá cáil níos mó ar Chillian Trayers mar leathchúlaí ach seans go bhfeicfear sa líne leathchúil tráthnóna é tar éis dó sárjab a dhéanamh srian a choinneáil ar Brian Hayes sa gcluiche leathcheannais. D’aimsigh Darragh Neary cúl sa gcluiche céanna agus Micheál Donoghue ag súil le síorghluaiseacht uaidh chun go mbeidh Gaillimh in ann an córas imeartha acu a chur i bhfeidhm.

Níos faide chun tosaigh, is i mbun na bpocanna saora a bhíonn Aaron Niland agus tá Jason Rabbitte anois ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ar an bhfoireann agus é ag feidhmiú sa líne lántosaithe ina aonar go minic agus é mar sprioc d’an-chuid d’ionsaithe na Gaillimhe.

Moladh ar leith é do Rabbitte go bhfuil a fhoireann athraithe ag John Kiely chun dul i ngleic leis. Chruthaigh fear mór eile, Peter Duggan an Chláir, deacrachtaí do Morrissey sa gcluiche leathcheannais agus tá Mike Casey ainmnithe ar an bhfoireann inniu chun greim a fháil ar Rabbitte. Agus muid ag caitheamh súil siar arís ar 2018, ba í an chaint roimh an gcluiche ceannais sin ná go ndéanfadh an fathach Johnny Glynn scrios ar líne lánchúil Luimnigh ach rinne Casey ar fheabhas chun a chinntiú nár fhág an Gaillmheach aon rian ar an imirt. Níl Casey chomh hard le Dan Morrissey ach níl mórán níos fearr ná é chun an imirt a mhilleadh agus an sliotar a choinneáil ó lámh a chéile comhraic, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.

An scéal mór eile ón bhfoireann atá roghnaithe ag John Kiely ná go bhfuil Cian Lynch roghnaithe in áit Daragh O’Donovan. Is beag duine nár cheap go dtosódh captaen Luimnigh, nár thosaigh an cluiche leathcheannais de bharr gortaithe, ach an cinneadh a bhí le déanamh ag Kiely ná cé a d’fhágfaí amach. Adam English a tháinig isteach in áit an Loingsigh in aghaidh an Chláir ach bhí sé an-mhaith sa gcluiche sin agus go dtí seo i mbliana. Luadh Aaron Gillane chomh maith, fear nach bhfuil istigh leis féin ar chor ar bith i mbliana ach tá sé cruthaithe chomh minic aige ar an lá mór go dtuigfeá go maith cén fáth go bhfuil deis eile tugtha dó, cé go bhfuil mí-ádh ar Daragh O’Donovan gurb é atá thíos leis.

Is beag cinneadh a bhí le déanamh ag Micheál Donoghue ós rud é nach bhfuil Rory Burke tagtha chuige féin ón ngortú a bhain dó i gcluiche ceannais Laighean. Cailliúint é fear Órán Mór-Mearaí cinnte ach nuair nach bhfuil sé ar fáil, ní haon iontas é nach bhfuil aon athrú déanta ag an mbainisteoir ar an bhfoireann a chloígh Corcaigh.

Tá ceist ann faoi cén ról a thabharfar do Dhaithí Burke sa gcosaint. Ba léir go raibh an gortú glúine ag cur as go mór dó in aghaidh Chorcaí agus scrios déanta ag Brian Hayes sa gcéad leath. Má chuirtear siar ar imeall na cearnóige é, is cinnte go ndéanfaidh Luimneach é a chur faoi bhrú agus treoir a thabhairt do GIllane nó Shane O’Brien an Búrcach a thabhairt amach i dtreo na dtaobhlínte.

Má tá fadhb aige lena ghlúin, bheadh an fhadhb chéanna ag Burke sa líne leathchúil. Bhí ceann tugtha ag Donoghue don jab a rinne Conor Cleary ar Ghearóid Hegarty sa gcéad leath den chluiche leathcheannais agus ar an tionchar a bhí ag John Conlon i lár na páirce sa gcluiche sin. D’fhéadfadh sé ceann de na jabanna sin a thabhairt do Burke dá mbeadh sé ag iarraidh triail a bhaint as seift éigin ach shamhlófá gur níos gaire dá chúl féin a fheicfear fear an Turlaigh Mhóir.

Beidh Gaillimh ag iarraidh Luimneach a chur dá mbuille leis an stíl imeartha atá acu, ag plódú lár na páirce le himreoirí sula dtéann siad ar an ionsaí go tapa. Caithfidh go leor rudaí dul i gceart do na Gaillimhigh más leo an lá a thabhairt leo, áfach.

Bhí an ceannas a bhí acu ar phoc amach Chorcaí sa dara leath den chluiche leathcheannais ríthábhachtach agus is beag seans go ligfidh Nickie Quaid, Gearóid Hegarty, Cian Lynch agus a gcomrádaithe don rud céanna tarlú inniu.

B’fhéidir go bhfuil an chuid is fearr d’fhoireann seo Luimnigh feicthe againn idir 2020-2023 ach seans nach bhfuil deireadh déanta acu go fóill.

Fág freagra ar 'An chuid is fearr de ré órga na Luimníoch feicthe againn ach níl a rás rite fós'