Níl an tAire Gaeltachta in ann a rá cén uair a reáchtálfar toghcháin Údarás na Gaeltachta ainneoin gur chuir an tUachtarán Catherine Connolly a hainm leis an Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2026 ar an 1 Iúil.
Is é príomhchuspóir an Achta sin an próiseas ainmniúcháin agus roghnúcháin reatha a rialaíonn ceapachán Bhord Údarás na Gaeltachta a athrú agus próiseas toghcháin agus roghnúcháin nua a chur ina áit.
Nuair a d’fhiafraigh an Teachta Dála do Phort Láirge, Conor McGuinness den Aire Dara Calleary faoin amlíne atá leagtha síos ag an Roinn do thoghcháin Údarás na Gaeltachta, ní raibh an tAire Calleary in ann a rá cé acu an mbeadh nó nach mbeadh toghchán ann roimh an samhradh seo chugainn.
“An bhfuil buille faoi thuairim ann i dtaobh amlíne do na toghcháin? An bhfuil muid ag caint ar iad a bheith ar siúl roimh dheireadh na bliana seo nó i samhradh na bliana seo chugainn? An mbeidh sé faoin Roinn Tithíochta na toghcháin sin a rith nó an mbeidh siad á rith i Roinn an Aire féin?” a d’fhiafraigh McGuinness.
Dúirt an tAire Calleary go bhfuil Roinn na Gaeltachta chun dátaí “a scrúdú anois” ach go mbeidh an toghchán féin faoi chúram na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Dúirt sé go mbeidh “leasuithe” le plé le hoifigigh na Roinne Rialtais Áitiúil agus go mbeidh “sonraí eile le haghaidh na dtoghchán” á bplé ag leibhéal an Rialtais.
“Beidh mé sásta teacht ar ais chuig an Teachta tar éis bhriseadh an tsamhraidh chun sonraí eile a phlé faoin gcéad phróiseas eile agus na céimeanna eile sa Bhille seo. Gabhaim buíochas leis an Uachtarán as an reachtaíocht a shíniú agus gabhaim buíochas léi freisin as an obair a chuir sí isteach sa Bhille nuair a bhí sí sa Teach seo,” a dúirt Calleary.
Dúirt McGuinness go bhfuil pobal na Gaeltachta “ag fanacht le fada” ar thoghchán Bhord Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil “géarghá” le tuilleadh daonlathais san eagraíocht forbartha Gaeltachta.
“Tá muintir na Gaeltachta agus na pobail Ghaeltachta ag fanacht le fada an lá i gcomhair na toghchán seo teacht thar n-ais. Mar a dúramar ar an dtaobh seo den Teach le linn na ndíospóireachtaí ar Bhille Údarás na Gaeltachta, tá géarghá le tuilleadh daonlathais istigh san Údarás,” a dúirt sé.
Mhaígh sé nach bhfuil an tAcht leasaithe “foirfe” i dtuairim Shinn Féin agus go raibh a pháirtí “ag súil le níos mó”.
“Táimid ag iarraidh an tAcht mar atá sé a bhaint amach chomh tapa agus ionas gur féidir leis na pobail seilbh a ghlacadh arís ar threoir Údarás na Gaeltachta,” a dúirt sé.
Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Gaeltachta le Tuairisc go bhfuil na leasuithe teicniúla a bhí le déanamh ar an Acht Toghcháin (1992), an tAcht Toghcháin (1996), an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar (1997) agus an tAcht um Chosaint Sonraí (2018) ar fad déanta anois agus go gcuirfear “tús feidhme” leo le hordú ón Aire Calleary. Ní dhéanfar an tordú sin, áfach, go dtí go ndéanfar “cinneadh maidir le reáchtáil toghcháin Údarás na Gaeltachta”. Ní raibh an Roinn in ann a rá cén uair a bheadh na toghcháin ar siúl ná cén uair a dhéanfaí cinneadh faoi cén uair a bheadh na toghcháin ar siúl.
“Tá amscála do na toghcháin sin á choinneáil faoi athbhreithniú agus déanfar cinneadh ina leith in am trátha,” a dúirt an t-urlabhraí.
Fág freagra ar 'Dáta ar bith do thoghchán Údarás na Gaeltachta'