Níl sé i gceist ag an Roinn Oideachais aon scoil lán-Ghaeilge nua a thógáil as seo go ceann cúig bliana

Dúirt an tAire Hildegarde Naughton nach bhfuil sé i gceist ag a roinn aon scoil nua, scoil Bhéarla ná scoil lán-Ghaeilge, a thógáil i láthair na huaire

Níl sé i gceist ag an Roinn Oideachais aon scoil lán-Ghaeilge nua a thógáil as seo go ceann cúig bliana

Níl sé i gceist ag an Roinn Oideachais aon Ghaelscoil nó aon Ghaelcholáiste nua a bhunú as seo go ceann cúig bliana.

Sin atá tugtha le fios i bhfreagra ón Aire Oideachais Hildegarde Naughton ar cheist Dála faoi phleananna na roinne do scoileanna lán-Ghaeilge nua.

Dúirt an tAire Naughton nach bhfuil sé i gceist ag a roinn aon scoil nua, scoil Bhéarla ná scoil lán-Ghaeilge, a thógáil i láthair na huaire.

Tá gealltanas tugtha i gclár an rialtais go mbunófar Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí “áit a bhfuil an t-éileamh ann” ach is léir nach gceapann an tAire ná a roinn go bhfuil éileamh ann do scoileanna nua lán-Ghaeilge agus nach bhfuil sé i gceist aon eisceacht a dhéanamh den ghaeloideachas.

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin, dúirt an tAire Naughton go mbaintear úsáid as sonraí ó raon foinsí, lena n-áirítear sonraí daonáirimh na Príomh-Oifige Staidrimh, sonraí sochar leanaí agus sonraí rollaithe scoile, le fáil amach cén áit a mbeidh brú ar áiteanna scoile ar fud na tíre agus cá mbeidh cóiríocht bhreise ag teastáil.

Dúirt an tAire go raibh a roinn sásta go bhfuil dóthain scoileanna ann chun freastal ar aon éileamh agus gurb é a rogha ná síneadh a chur le scoileanna atá ann cheana féin chun freastal ar éileamh breise seachas scoil nua a thógáil.

Dúirt sí go raibh plean ann roinnt blianta ó shin Gaelscoil nua amháin a thógáil ach gur cinneadh ó shin nach raibh gá léi.

“Fógraíodh sa bhliain 2018 go raibh sé bhunscoil nua beartaithe, ceann acu réamh-ainmnithe mar scoil mheán-Ghaeilge, agus trí iar-bhunscoil nua mar thoradh ar iniúchadh déimeagrafach ar fud na tíre,” a dúradh i bhfreagra an Aire. “Rinneadh tuilleadh anailíse ó shin ar an ngá atá le scoileanna nua pleanáilte a bhunú agus roinnt cúinsí á gcur san áireamh, lena n-áirítear luas seachadta na forbartha cónaithe breise a bhfuiltear ag súil leis sna limistéir pleanála scoile, rolluithe gaolmhara agus an acmhainn i scoileanna atá ann cheana sna ceantair sin.

“Tá mo roinn sásta gur féidir léi na scoileanna atá ann cheana féin agus atá ag fás sna limistéir pleanála scoile freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair. Mar thoradh air sin, cuireadh moill ar bhunú na scoileanna nua atá beartaithe.”

Tá frustrachas léirithe ag gníomhairí timpeall na tíre atá ag iarraidh go mbunófaí scoileanna lán-Ghaeilge ina gceantar féin leis an easpa tacaíochta atá faighte acu ón Roinn Oideachais maidir le bunú scoileanna nua.

Bunaíodh grúpa feachtais nua, Imeasc, an mhí seo caite chun éileamh a dhéanamh ar an gceart ar oideachas lán-Ghaeilge.

Deir an grúpa go bhfuil gá le reachtaíocht chun a chinntiú go bhfuil sé de cheart ag gach páiste oideachas lán-Ghaeilge a fháil.

Bhunaigh an rialtas i mbliana tascfhórsa “a bhreathnóidh air agus a dhéanfaidh moltaí maidir le bunú, forbairt agus inbhuanaitheacht múnlaí do sholáthar oideachais lán-Ghaeilge”.

Cuirfidh an tascfhórsa a gcuid moltaí faoi bhráid na Roinne roimh dheireadh na bliana seo, ach tá amhras léirithe ag an bhForas Pátrúnachta faoi fhiúntas na hoibre atá ar siúl ag an tascfhórsa agus mhaígh siad nach bhfuil “aird” á tabhairt ar thuairimí na mball.

I mí an Mhárta seo caite tuairiscíodh go raibh imní ar lucht an ghaeloideachais atá ar an tascfhórsa go raibh sé socraithe cheana féin ag an Roinn Oideachais nach bhfuil siad chun gaelcholáistí nua a bhunú chun freastal ar an éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge.

Tá sé ina imní chomh maith go leanfar ina áit sin le múnla an aonaid lán-Ghaeilge, cé gur moladh i dtaighde a choimisiúnaigh an Roinn féin nár chóir aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla feasta.

Fág freagra ar 'Níl sé i gceist ag an Roinn Oideachais aon scoil lán-Ghaeilge nua a thógáil as seo go ceann cúig bliana'