Duais i gcomórtas aistritheoirí óga an Aontais Eorpaigh buaite ag dalta as Gaillimh

Bhí daltaí ó Choláiste na Coiribe, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Coláiste Feirste agus Coláiste Íde sa Daingean i measc na mbuaiteoirí i mbliana

Duais i gcomórtas aistritheoirí óga an Aontais Eorpaigh buaite ag dalta as Gaillimh

Dalta ó Choláiste na Coiribe i nGaillimh é an buaiteoir náisiúnta i gcomórtas aistriúcháin an Aontais Eorpaigh.

Fógraíodh inniu gurb é Aodán Finnerty ón scoil i gCnoc na Cathrach a thug leis an phríomhdhuais i gcomórtas na bliana seo agus a ghradam bronnta air ag Aire na Gaeltachta, Dara Calleary.

Fógraíodh ceathrar buaiteoirí eile chomh maith, ceann an duine ó na ceithre chúige. Is í Méabh Ní Ghionnáin ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i nGaillimh a thug léi an duais i gConnachta agus Faith Nic Aogáin ó Ghaelcholáiste Cheatharlach a bhuaigh an duais do chúige Laighean. Dalta ó Choláiste Feirste, Aoibhín Nic Dhónaill, a thug léi duais Uladh agus is chuig Coláiste Íde sa Daingean a chuaigh duais na Mumhan agus í buaite ag Orla Ní Alluráin.

Is é seo an naoú heagrán den chomórtas ‘Aistritheoirí Óga’, comórtas aistriúchán bliantúil a eagraíonn an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann i dteannta a chéile.

I mbliana, ghlac 62 dhalta as 22 scoil páirt sa chomórtas, iad ag aistriú ón mBéarla, ón bhFraincis, ón nGearmáinis agus ón Spáinnis go Gaeilge.

Thréaslaigh an tAire Calleary leo siúd ar fad a ghlac páirt i gcomórtas na bliana seo agus rinne comhghairdeas leis na buaiteoirí.

“Leis an ardchaighdeán iontrálacha a fheicimid sa chomórtas seo gach bliain, níl aon amhras orm ach go mbeidh cuid de bhuaiteoirí na bliana seo ina gcomhghleacaithe againn sna hinstitiúidí Eorpacha sna blianta amach romhainn agus tugann an comórtas Aistritheoirí Óga blaiseadh iontach dár n-ógánaigh de na deiseanna fostaíochta atá ar fáil san Eoraip trí mheán na Gaeilge.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Colm Duffin, Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach: “Chuaigh caighdeán ard na n-aistriúchán go mór i gcion ar aistritheoirí an Choimisiúin arís eile i mbliana agus léiríonn obair na ndaltaí seo go bhfuil scoth na n-aistritheoirí óga againn in Éirinn. Ní háibhéil ar bith a rá gur slán do thodhchaí an aistriúcháin Gaeilge agus daoine óga cumasacha cruthaitheacha mar seo ag iarraidh dul don cheird. Tréaslaím a saothar leo agus gura fada buan i mbun pinn iad!”

Fág freagra ar 'Duais i gcomórtas aistritheoirí óga an Aontais Eorpaigh buaite ag dalta as Gaillimh'