AN POD SPÓRT: Ciceanna taobhlíne, cluichí ceannais na gcúigí agus dea-chomhairle ón gCeathrú Rua – ‘cuir dead an ball’

Caitear súil chun cinn ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’ ar chluichí ceannais na peile i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht agus pléitear, i measc rudaí eile, an ealaín a bhaineann le cic maith ón taobhlíne

AN POD SPÓRT: Ciceanna taobhlíne, cluichí ceannais na gcúigí agus dea-chomhairle ón gCeathrú Rua – ‘cuir dead an ball’

 

Ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Spórt, pléitear cluichí móra peile an deireadh seachtaine seo chugainn i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht. Insíonn Dara dúinn cad ina thaobh gur dóigh leis go bhfuil luíochán ag teacht ó Chorcaigh i gCill Airne agus móidíonn sé nach caint ‘dhera’ an Chiarraígh atá aige. Níl Pádraic chomh cinnte céanna.

Tráchtar ar na buanna atá léirithe ag Ros Comáin i mbliana agus ar an ngá atá acu a thaispeáint do chleas na Gaillimhe nach foireann ‘thuas seal, thíos seal’ iad nach féidir brath orthu an beart a dhéanamh ar a bpaiste féin.

Caitear tamall chomh maith ag plé píosa ‘ealaíne’ ón taobhlíne Jack McCarron do Mhuineacháin an tseachtain seo caite agus saothar cuid na máistrí eile ar an gceird sin, leithéidí Maurice Fitzgerald, Michael Meehan agus, creid nó ná creid, duine de chriú An Pod Spórt féin. Cuimhníonn Dara chomh maith ar chomhairle mhaith a chuala sé ar pháirc na himeartha in aghaidh na Ceathrún Rua fadó.

Ar deireadh déantar plé ar tharraingt na seachtaine don chéad bhabhta eile den chraobh peile agus cuirtear an cheist, an bhfuil cleas na gcamán níos fearr i mbun margaíochta?

Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: Ciceanna taobhlíne, cluichí ceannais na gcúigí agus dea-chomhairle ón gCeathrú Rua – ‘cuir dead an ball’'