Gníomhaíocht 1 – Réamheolas
- Ar ball beidh tú ag éisteacht le mír faoin intleacht shaorga.
- Cad a bheidh ann dar leat? Úsáid an pictiúr thíos mar spreagadh.

Gníomhaíocht 2 – An Chéad Éisteacht

- Éist leis an mír ina hiomláine uair amháin.
- Déan iarracht príomhphointe an téacs a roinnt le do pháirtí ó bhéal.
Gníomhaíocht 3 – An Dara agus Tríú hÉisteacht

- Cén t-ábhar imní a luaitear ag tús an ailt?
- Cad a tharlaíonn nuair a chruthaíonn tú teicneolaíocht nua?
- Luaigh ceann de na ceisteanna atá le freagairt ag an tír seo dar leis an údar.
- Cén tionchar a bheidh ag an IS ar mhargadh na fostaíochta?
- Meas tú cad atá i gceist ag an údar nuair a deir sé go bhfuil Éire ag ‘crosbhóthar stairiúil’?
- Cad atá i gceist leis an nath cainte “ar thús cadhnaíochta”?
- Seo an líne dheireanach. An bhfuil tú in ann í a chur san ord ceart?
I measc na bheidh thíos leis an réabhlóid seo ndaoine is mó atá i mbaol tá ríomhchláraitheoirí agus teicneolaithe hoibrithe ardoilte agus mná is mó a. saotharlainne, ach go híorónta, is iad na
Gníomhaíocht 4 – Deachtóireacht
- Éist leis na chéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 5 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an gcéad dhá líne arís. Aimsigh dhá shampla den tuiseal ginideach.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 6 – Cur in ord
- Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil sé san ord sin.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- Tá patrún ag teacht chun solais: nuair a thagann teicneolaíocht nua isteach, is í an chéad úsáid a
- infheistíonn Éire go stuama i mbonneagar na hIntleachta Saorga d’fhéadfaí poist nua ar ardchaighdeán a ghiniúint
- agus infheistíocht idirnáisiúnta a mhealladh. Ach tá lúb ar lár ann. Mura ndéantar na brabúis a roinnt
- go cothrom, beidh an teicneolaíocht nua ina huirlis eile chun an bhearna idir saibhir agus daibhir
- a leathnú. Tá féidearthachtaí ann i réimse an oideachais chomh maith. Mar shampla, tá aip darb ainm StudySmith,
- ag baint leas as IS mar chompánach staidéir. Is féidir leis na huirlisí seo cabhrú le nótaí a struchtúrú,
- cláir staidéir phearsanta a chruthú, agus smaointe tosaigh a ghiniúint. Ach ní drochscéal ar fad atá ann. Baintear úsáid aisti go minic le gearradh siar ar chostais saothair Ach ní drochscéal ar fad atá ann.
Gníomhaíocht 7 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíocht 6.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna.
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Déanfaidh an AI cothrom na Féinne a chothú, nó a scrios'