Braitheann tionchar AI uile orainne – ar na cinntí a dhéanaimid inniu, agus ar an tsochaí a roghnaímid a thógáil don am atá le teacht

Tá imní mhór ann, sa saol acadúil, san ionad oibre agus i réimse na polaitíochta go ginearálta, faoin Intleacht Shaorga (AI) agus a tionchar – fiú a bagairt – ar shaol an lae inniu is saol an lae atá le teacht.

Ach cuimhnigh, má chruthaíonn tú teicneolaíocht nua, tá sí cruthaithe agus níl aon dul siar air.  Tá Éire ina seasamh ag crosbhóthar stairiúil. Bíodh muid ar a son nó ná bíodh, tá an Intleacht Shaorga (IS) ag athrú gnéithe bunúsacha de shaol an oibrí, an mhic léinn agus an ghnáthshaoránaigh.

Agus í ar thús cadhnaíochta san Eoraip ó thaobh na hinfheistíochta teicneolaíochta de, tá ceisteanna móra le freagairt ag an tír seo: An bhfágfar an IS ina huirlis ag lucht an rachmais amháin, nó an mbainfidh an pobal iomlán leas aisti? Agus thar aon ní eile – an gcabhróidh sí linn, nó an ndéanfaidh sí dochar nach féidir a leigheas?

Is léir go mbeidh tionchar nach beag ag an Intleacht Shaorga ar an margadh fostaíochta. In earnálacha áirithe is dócha go dtiocfaidh feabhas ar ráta táirgiúlachta oibrithe, dlíodóirí agus bainisteoirí mar shampla.

Caillfear poist in earnálacha eile. I measc na ndaoine is mó atá i mbaol tá ríomhchláraitheoirí agus teicneolaithe saotharlainne, ach go híorónta, is iad na hoibrithe ard-oilte agus mná is mó a bheidh thíos leis an réabhlóid seo.

Tá patrún ag teacht chun solais: nuair a thagann teicneolaíocht nua isteach, is í an chéad úsáid a bhaintear aisti go minic ná gearradh siar ar chostais saothair.

Ach ní drochscéal ar fad atá ann. Má infheistíonn Éire go stuama i mbonneagar na hIntleachta Saorga d’fhéadfaí poist nua ar ardchaighdeán a ghiniúint agus infheistíocht idirnáisiúnta a mhealladh.

Ach tá lúb ar lár ann. Mura ndéantar na brabúis a roinnt go cothrom, beidh an teicneolaíocht nua ina huirlis eile chun an bhearna idir saibhir agus daibhir a leathnú.

Tá féidearthachtaí ann i réimse an oideachais chomh maith.  Mar shampla, tá aip darb ainm StudySmith, ag baint leas as IS mar chompánach staidéir. Is féidir leis na huirlisí seo cabhrú le nótaí a struchtúrú, cláir staidéir phearsanta a chruthú, agus smaointe tosaigh a ghiniúint.

Sea, tá an baol ann go mbeadh mic léinn ag brath an iomad ar an teicneolaíocht, go gcaillfeadh siad an cumas smaointeoireacht chriticiúil a dhéanamh, agus go ndéanfadh siad dearmad ar bhunphrionsabail na hacadúlachta.

Tá gá le córais oiliúna a dhíríonn ar scileanna amhail smaointeoireacht chriticiúil, cruthaitheacht, agus obair foirne – scileanna nach féidir le IS a mhacasamhlú go héasca.

Agus tá gá le rannpháirtíocht ghníomhach ó chainteoirí Gaeilge i bhforbairt na teicneolaíochta seo, lena chinntiú nach ndéanfar droch-chaighdeánú ar an teanga tríd an IS. Agus thar aon ní eile, tá gá le cinneadh náisiúnta faoi cé a rialaíonn an teicneolaíocht agus cé a bhaineann leas aisti.

Tá an deis ag Éirinn a bheith ina ceannaire domhanda in úsáid eiticiúil na hIntleachta Saorga. Ach caithfimid cinntí a dhéanamh anois.

Fág freagra ar ''