Tá Conall Ó Máirtín ceaptha mar Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge.
Tá Ó Máirtín ag teacht i gcomharbacht ar Phól Deeds, a ceapadh ina Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh anuraidh.
Bhí Ó Máirtín, arb as Tír Eoghain ó dhúchas dó, ina Eagarthóir Oideachais ag TG4 roimhe seo agus taithí aige ar earnáil na Gaelscolaíochta mar mhúinteoir agus mar léachtóir ollscoile. Bhíodh sé ag múineadh i gColáiste Chaitríona in Ard Mhacha agus, ina dhiaidh sin, mar léachtóir i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.
Tá aithne air freisin mar láithreoir agus mar léiritheoir teilifíse agus raidió le BBC Gaeilge agus TG4.
Agus é ag labhairt ar an gceapachán, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go mbeadh tábhacht leis an tuiscint atá ag Ó Máirtín ar chúrsaí oideachais agus teanga ó thuaidh agus tréimhse chinniúnach romhainn.
“Tá Conall Ó Máirtín ag teacht chuig Oifig Fhoras na Gaeilge le linn claochlú ar chúrsaí Gaeilge ó thuaidh,” a dúirt Ó Coinn.
“Ó dheas, tá sruth leanúnach d’athruithe faoi lán seoil i réimse an oideachais, thar gach cuid d’earnáil an oideachais. Tá raon leathan taithí ag Conall ar mhórán gnéithe den oideachas ar fud an oileáin óna ról mar mhúinteoir, agus óna chuid oibre le deireanas le TG4 Foghlaim.
“Mar Ghael a tógadh le Gaeilge ó thuaidh, agus a d’oibir in earnáil an Ghaeloideachais, tá tuiscint ar leith aige ar na ceisteanna cigilteacha éagsúla a bhaineann le forbairt na Gaeilge ó thuaidh, agus beidh luach as cuimse lena léargais orthu sin sna blianta amach romhainn.”
Fág freagra ar 'Leas-Phríomhfheidhmeannach nua ceaptha ar Fhoras na Gaeilge'