Tá an bhuíon rap Ghaelach Kneecap ag súil go mbeidh a saothar nua “ar an gcéad albam Gaeilge riamh” chun uimhir a haon a bhaint amach ar chairteacha albaim na Ríochta Aontaithe.
Tá ardmholadh faighte ag Fenian, an dara halbam leis na ngrúpa agus é á fhéachaint faoi láthair le Melanie C agus Michael Jackson ag barr na gcairteacha.
Kneecap – Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí – atá chun tosaigh faoi láthair ach dúirt Official Charts na Ríochta Aontaithe nach raibh ach 3,000 cóip idir na halbaim sa chéad trí áit faoi lár na seachtaine.
Amárach a bheidh fios cé acu go bhfuil an beart déanta ag an ngrúpa a bhíonn ag rapáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Agus an dea-scéal faoin albam á fhógairt acu, thagair an grúpa do chuid de na daoine a cháin iad mar gheall ar a seasamh ar son mhuintir na Palaistíne. Luaigh siad Príomh-Aire na Breataine, Keri Starmer, ceannaire na dTóraithe agus Sharon Osbourne, impresario siamsaíochta aitheanta.
“Má táimid fós ann Dé hAoine, cuirfidh sé samhnas ar Keir, Kemi [agus] Sharon bhocht agus ar na boic eile go léir a thacaíonn gan stad le hIosrael fad is atá coireanna cogaidh á ndéanamh acu,” a dúirt Kneecap ar na meáin shóisialta.
Tugtar aghaidh ar chuid de na poirt ar Fenian ar chuid de na conspóidí a raibh Kneecap sáinnithe iontu le tamall.
I mí an Mhárta seo caite, diúltaíodh san Ard-Chúirt i Londain d’achomharc i gcoinne an chinnidh cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh – an rapálaí ‘Mo Chara’ a chaitheamh amach.
Caitheadh amach i Meán Fómhair 2025 an cás sceimhlitheoireachta a tugadh in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, a raibh sé curtha ina leith gur thaispeáin sé brat mar thacaíocht le Hezbollah ag ceolchoirm de chuid Kneecap in Kentish Town i Sasana.
Mhaígh Kneecap ó thús nach raibh sa chás in aghaidh an rapálaí ach “carnabhal mearbhaill” ag rialtas na Breataine chun aird a bhaint ón gcinedhíothú sa Phalaistín agus stop a chur le daoine labhairt amach faoi.
Pléitear an cás ar an amhrán ‘Carnival’ ar Fenian.
Agus é faoi agallamh ar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le déanaí dúirt Mo Chara gur “inspioráid mhór” a bhí sa chás cúirte do Kneecap agus Fenian á chumadh acu.
“Den chuid is mó, nuair a bhíonn bannaí ar fud an domhain ag déanamh albaim, is féidir leo iad fhéin a choinneáil príobháideach, ar shiúl ón domhan ar feadh trí mhí agus an t-albam á dhéanamh…
“Muidinne, a mhalairt, bhí muid i súile an phobail! Ar dtús báire shíl muid gur ‘hindrance’ mór a bhí ann, go raibh orainn stopadh ag obair sa stiúideo le dul chuig an Magistrates Court… ach sa deireadh bhí muid ábalta spreagadh mór a fháil fá choinne amhráin cosúil le ‘Carnival’…D’úsáid muid é mar inspioráid mhór… Ní raibh easpa eispéiris againn don dara albam!”
Bhí conspóid mhór ann mí Aibreáin 2025 mar gheall ar an tacaíocht a léirigh siad do mhuintir na Palaistíne ag an gceolchoirm Coachella in California.
Le linn na ceolchoirme sin teilgeadh íomhá ar stáitse a dúirt ‘Tá cinedhíothú á dhéanamh ag Iosrael in aghaidh mhuintir na Palaistíne’.
Dúradh sna híomhánna go raibh rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá ag tacú leis an gcinedhíothú trí airm agus maoiniú a chur ar fáil d’Iosrael “in ainneoin a gcoireanna cogaidh”.
Dúirt Sharon Osbourne ag an am gur chóir víosaí oibre Meiriceánacha an ghrúpa rap Gaelach a chúlghairm.
Fág freagra ar 'Kneecap á fhéachaint le Melanie C agus Michael Jackson ag barr na gcairteacha'