Treoir tugtha ag an Roinn Oideachais maidir le cur i bhfeidhm plean nua do mhúineadh na Gaeilge

Deirtear i gciorclán nua gur faoi cheannaireacht na scoile atá sé an cultúr ceart a chruthú chun teagasc, foghlaim agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn

Treoir tugtha ag an Roinn Oideachais maidir le cur i bhfeidhm plean nua do mhúineadh na Gaeilge

Tá treoir tugtha ag an Roinn Oideachais do scoileanna maidir le cur i bhfeidhm plean nua do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla.

Mí na Samhna seo caite a sheol an tAire Oideachais plean gnímh chun tacú le scoileanna agus le múinteoirí feabhas a chur ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar úsáid na Gaeilge i scoileanna Béarla. Aonad nua sa Roinn a bunaíodh chun díriú ar mhúineadh na Gaeilge mar ábhar i scoileanna Béarla a d’fhorbair an plean.

I gciorclán atá scaipthe ag an Roinn ar phríomhoidí agus lucht bainistíochta scoileanna, deirtear go bhfuil sé mar aidhm ag an bplean tacú go háirithe le cumas labhartha scoláirí sa nGaeilge a fhorbairt. Táthar freisin ag iarraidh go spreagfaidh an plean meon dearfach i leith na Gaeilge, go dtiocfaidh méadú ar úsáid na Gaeilge i scoileanna Béarla agus go mbeidh rochtain ag gach dalta ar fhoghlaim na teanga.

Deirtear sa gciorclán agus ag foireann ceannaireachta scoile atá atá “an príomhról” maidir leis “an gcultúr ceart a chruthú chun teagasc, foghlaim agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn”. Deirtear go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh deiseanna ag scoláirí an Ghaeilge a chloisteáil, a labhairt agus a úsáid.

In 2022, dúirt Príomhchigire na Roinne Oideachais i dtuarascáil gur “ábhar mór imní” a bhí i dtorthaí foghlama daltaí a bhí ag foghlaim na Gaeilge i mbunscoileanna Béarla an stáit.

Deirtear sa gciorclán nua gur cheart do scoileanna “a chinntiú go mbeidh ceachtanna Gaeilge ag scoláirí go minic gach seachtain”.

Moltar do cheannairí scoile breithniú a dhéanamh, mar shampla, ar an gcaoi gur féidir leo infheictheacht na Gaeilge sa scoil a mhéadú, rath agus iarrachtaí na scoláirí agus múinteoirí a cheiliúradh agus tacú le múinteoirí a chuireann an teanga chun cinn sa scoil.

Moltar freisin deiseanna a chur ar fáil do dhaltaí chun an teanga a úsáid lasmuigh de na ceachtanna Gaeilge a bhíonn acu sa rang. Luaitear rannpháirtíocht sa scéim Gaelbhratach agus caidreamh le grúpaí Gaeilge áitiúla i measc na mbealaí go bhféadfaí é sin a dhéanamh.

Tá eolas sa gciorclán chomh maith maidir leis na tacaíochtaí atá ann do mhúinteoirí chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc a ndaltaí.

Fág freagra ar 'Treoir tugtha ag an Roinn Oideachais maidir le cur i bhfeidhm plean nua do mhúineadh na Gaeilge'