‘Fírinne Anois’ an fógra a bhí ar an mbratach a d’iompair gaolta na marbh chuig teach na cúirte cois Lagáin i mBéal Feirste. B’fhada ag fanacht iad, 54 bliain geall leis gan fiosrú iontaofa ar mharaithe.
Roimh oíche glanadh ainmneacha a muintire, an cúigear a maraíodh ar an 9 Iúil 1972 nuair a scaoil Arm na Breataine leo in eastát Chnoc na Foinse in iarthar Bhéal Feirste. Chuaigh na saighdiúirí thar fóir, arsa an Cróinéir, ní raibh siad i gcontúirt agus d’imigh beirt acu ó smacht.
Fuair an Cróinéir, an Breitheamh Scofield, bualadh bos ó na teaghlaigh sular fhág sé an chúirt tar éis a bhreithiúnas a nochtadh. Lá mór ab ea é, cothrom an lae dhá bhliain ó shin, an 30 Aibreán 2024 nuair a tugadh an t-ionchoisne chun críche díreach sular chuir Acht Oidhreachta na dTóraithe bac ar fhiosruithe, ionchoisní agus cásanna sibhialta faoi eachtraí le linn na dTrioblóidí. Bhréagnaigh an fíorasc leagan na Breataine go mba ghunnadóirí a d’ionsaigh na saighdiúirí iad na daoine a maraíodh, triúr sna déaga, fear a raibh seisear clainne aige agus sagart.
Bhí an saol léanmhar i 1972, an bhliain ba mheasa de na Trioblóidí, agus ba í Iúil an mhí ba mheasa den bhliain anróiteach sin. Ar an 9 Iúil chlis ar shos comhraic an IRA, bhí réabadh agus eachtraí lámhaigh in áiteacha i mBéal Feirste. Chinn an Cróinéir go raibh roinnt trioblóide i gCnoc na Foinse roimh an sléacht a tharla idir 9.30 agus a 10.00 san oíche.
Ba é John Dougal, 16, an chéad duine a maraíodh nuair a buaileadh sa dhroim é. Gortaíodh beirt eile a mhair. Ní raibh fianaise sách críochnúil ag an mbreitheamh, dúirt sé, chun a rá an raibh John Dougal armtha nó nach raibh ach chinn sé nár ionsaigh an t-ógánach aon duine. Ní raibh cúis réasúnach ag an saighdiúir A chun é a lámhach. Sháraigh an saighdiúir na rialacha sa ‘chárta buí’.
Sáraíodh na rialacha sin freisin maidir leis an gceathrar eile, íobartaigh neamhurchóideacha neamhchiontacha, arsa an breitheamh.
Ba í Margaret Gargan, 13, an dara duine a maraíodh. Bhí sí ag caint le girseacha eile i nGairdíní na Carraige Thiar san eastát ar a bealach abhaile ón ionad pobail nuair a bhuail piléar ardluais í sa chloigeann. Níor admhaigh saighdiúir ar bith an t-ionsaí sin agus níor tugadh cuntas air. Margaret a bhí i gceist i dtuairisc inar dúradh gur scaoileadh le ‘fear óg armtha’. Ní raibh trioblóid ar bith san láthair inar maraíodh í, chinn an breitheamh gur dhócha gurb é an Saighdiúir E a mharaigh í, nárbh fhéidir brath ar a theastas agus gur chaill sé smacht.
Chuaigh an tAthair Noel Fitzpatrick, 42, sagart paróiste an cheantair go dtí an láthair chun an ola dhéanach a chur ar dhaoine a gortaíodh; d’iarr sé ar Patrick Butler, 38, fear pósta le seisear clainne a dhul leis. Bhíodar ag iarraidh a dhul i gcabhair ar dhaoine nuair a bhuail an piléar céanna an bheirt. Obair dhaonnachta a bhí ar siúl acu, arsa an Cróinéir, ní raibh siad armtha agus níor chontúirt d’éinne iad.
Bhí David McCafferty, 15, ag iarraidh a theacht i gcabhair ar an Athair Fitzpatrick nuair a scaoileadh sa dhroim é. Bhí seisean neamharmtha freisin.
Chinn an Cróinéir gurb é an saighdiúir A a mharaigh an triúr chomh maith le John Dougal.
Chothaigh imeacht aimsire agus meath ar chuimhne ceisteanna don gCróinéir le linn na n-éisteachtaí in 2023 agus 2024 ní nach ionadh mar a rinne bearnaí i bhfianaise oifigiúil ba cheart a bheith ar fáil ón Arm. B’fhacthas don Bhreitheamh Schofield gurbh fhadhb mhór í nárbh fhéidir na saighdiúirí a aithint.
Cumadh rúnscríbhinn chun a n-ainmneacha a cheilt ag an am, (‘A’ agus ‘E’ agus mar sin de), ach cuireadh an t-eolas i gcomhad oifigiúil. Ní raibh fáil ar an gcomhad sin ag an ionchúiseamh agus dúradh leo gur cailleadh é. Dá bhrí sin níorbh fhéidir A agus E a aithint. Ina theannta sin b’údar imní é nach raibh fáil ar an ngnáth-thaifead de na piléir á scaoileadh, cor a bhain den mhuinín san leagan míleata d’imeachtaí.
Dúirt an Breitheamh Schofield go bhfaighfí comhairle faoi chomhad a sheoladh chuig Oifig na nIonchúiseamh Poiblí ach ba chosúil gur theastaigh uaidh a chinntiú nach músclófaí dóchas – in aisce – go gciontófaí saighdiúirí. Cibé ní faoi sin spreagadh éilimh go scorfaí an plean chun stop a chur le hionchúisimh, béim á leagan ar an tslí gur éirigh leis an gceann seo freagraí a sholáthar d’ainneoin na moille le 54 bliain. Tá rialtas Keir Starmer agus an Státrúnaí Hilary Benn tiomanta don ICRIR, a bunaíodh faoi Acht na dTóraithe, a choinneáil in ionad ionchúisimh agus fiosruithe coiriúla. Plean conspóideach is ea é sin. Tá an-chuid íobartach dubh dóite in aghaidh an ICRIR; is ag treisiú a bhéas an freasúra sin i ndiaidh an ionchúisimh seo a léirigh gur féidir freagraí a fháil agus bréaga a chur ar ceal.
Fág freagra ar 'An fhírinne faighte tar éis 54 bliain ag ionchúiseamh a léirigh gur féidir freagraí a fháil'