LEABHAIR

Bilal agus Cócó i Leabharlann Dhún Garbhán
Beidh an scríbhneoir agus file Áine Uí Fhoghlú ag léamh óna leabhar nua do pháistí Bilal agus Cócó i Leabharlann Dhún Garbhán ar an gCéadaoin an 6 Bealtaine ag 11am. Bhuaigh leagan den leabhar seo, a d’fhoilsigh LeabharCOMHAR agus a mhaisigh Serena Scully, duais i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge in 2023.
Úrscéal do pháistí 10-14 é seo faoi Bilal, buachaill dhá bhliain déag d’aois, a mhuintir is a dheirfiúr. Is as an bPalaistín dóibh agus tá cónaí orthu go sealadach in Óstán an Chaisleáin i mBaile Átha Cliath.
Agus é ar an mbealach abhaile ón scoil lá, tagann Bilal ar phuisín beag agus déanann sé í a tharrtháil. Faraor, ní cheadaítear ainmhithe san óstán, agus faigheann Bilal amach nach bhfuil sé éasca puisín beag a choimeád faoi rún i seomra óstáin! Beidh ar Bilal teacht ar phlean chun a chinntiú nach gcaillfidh sé a dhlúthchara nua.
TEILIFÍS
Rian na Fola le Dara Ó Cinnéide ar RTÉ
Beidh an clár faisnéise nua Rian na Fola, atá á chur i láthair ag Dara Ó Cinnéide, á chraoladh ar RTÉ a hAon agus ar sheinnteoir RTÉ ar an Luan an 4 Bealtaine ag 630pm. Leanann an clár Ó Cinnéide, agus é ag fiosrú scéal Patrick M. Foley, scríbhneoir agus Ciarraíoch a dúnmharaíodh céad bliain ó shin. Nochtann an clár rúin a bhí faoi chois ar chaon taobh den Atlantach ó bhlianta luatha na 1900idí.
500 Lá i Saol Trúbadóra ar TG4
Craolfar an clár faisnéise David Keenan – Focla ar Chanbhás, a stiúir Paddy Hayes, Dé Céadaoin an 13 Bealtaine ag 9.50pm ar TG4. Taispeánadh an scannán ar fud an domhain, ag féilte scannáin ó Chicago go Krakow, agus ghnóthaigh an scannán ardmholadh i mBéal Feirste agus ag Fleadh Scannán na Gaillimhe.
Iniúchadh domhain agus fileata é Focla ar Chanbhás ar shaol agus ar ealaín an cheoltóra David Keenan as Dún Dealgan.
FÉILTE
Imeachtaí Gaeilge ag Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath
Beidh Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath ar bun i bPáirc Chearnóg Mhuirfean ón 15-24 Bealtaine. Tá rogha mhaith imeachtaí trí Ghaeilge ar bun mar chuid de chlár na bliana seo. Ceann acu sin an ócáid ag a mbeidh an scríbhneoir Naoise Dolan ag caint le Emma Ferrari faoi na dúshláin agus an pléisiúr a bhaineann le scríbhneoireacht dhátheangach.
Beidh an scríbhneoir agus ceoltóir Róisín Nic Gearailt ina bean an tí ag an imeacht Salon Rógaire, imeacht liteartha dátheangach déghnéasach, a bheidh ar bun ar an gCéadaoin an 20 Bealtaine, sa Byzantium.
Cuirfear Slamovision ar bun an tráthnóna céanna i Le Fanu. Oíche filíochta den fhocal labhartha a bheidh anseo ina roghnófar iontráil Ghaeilge Bhaile Átha Cliath ar Slamovision, comórtas filíochta a reáchtáiltear i gcathracha UNESCO. Is é Cormac Mac Gearailt a bheidh ina fhear an tí, agus ceol beo ann le Amano.
Tuileadh eolais agus clár na féile anseo.
Tionscadal Phoebe Bridgers as Gaeilge i mBéal Feirste
Beidh Tionscadal Phoebe Bridgers as Gaeilge, togra de chuid IMRAM, ar bun in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste mar chuid den Cathedral Quarter Arts Festival ar an Aoine an 8 Bealtaine ag 8pm. Deirtear go sníonn an cur i láthair seo ceol tíre acústaice le popcheol leictreonach aislingeach. Tá cáil na doimhneachta ar liricí Bridgers agus an briseadh croí, an caillteanas, an creideamh agus an cairdeas á gcíoradh iontu.
Tá na hamhráin á gcur i láthair ag Aoibha, amhránaí agus cumadóir indie-pop as Béal Feirste agus Jessie Dingle, amhránaí rac-cheol tíre. Is iad na filí Caitríona Ní Chleirchín agus Dairena Ní Chinnéide a d’aistrigh na hamhráin go Gaeilge.
Tá ticéid agus tuilleadh eolais anseo.
Féile na Bealtaine faoi lán seoil
Cuireadh tús tráthnóna inné le Féile na Bealtaine sa Daingean agus i gceantar Chorca Dhuibhne, is leanfaidh sí ar aghaidh i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Tá drámaí, cainteanna, taispeántais ealaíne, ceardlanna, ceol agus neart imeachtaí eile ar bun mar chuid den fhéile.
Gach eolas agus clár na féile anseo.
Féile Joe Éinniú i gCarna ag ceiliúradh 40 bliain
Beidh Féile Joe Éinniú ar siúl i gCarna ón 1-4 Bealtaine i mbliana agus iad ag ceiliúradh dhá scór bliain ar an bhfód. Is é Paddy Glackin a chuirfidh tús le féile na bliana seo ag an oscailt oifigiúil agus an fáiltiú tráthnóna inniu, Dé hAoine an1 Bealtaine ag 7.30pm in Áras na hOllscoile.
Gach eolas anseo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: ‘Bilal agus Cócó’ le Áine Uí Fhoghlú, ‘Rian na Fola’ ar RTÉ, Focla ar Chanbhás ar TG4, Imeachtaí Gaeilge ag ILFD'