Tá sé ag tarraingt ar chúig bliana fichead ó shin anois cheapfainn ó bhí mé féin agus líon an tí i Londain, cé nach cuimhneach liom anois céard a thug ansiúd muid.
Lár na seachtaine a bhí ann agus bhí cuid mhaith den mhaidin caite againn ag spaisteoireacht timpeall nuair a chonaic mé ar leathanach spóirt nuachtáin go raibh Tottenham Hotspur agus Bolton ag imirt a chéile i dtuaisceart na cathrach an tráthnóna sin i mbabhta de Chorn na Sraithe.
D’fhág an comórtas a bhí i gceist go raibh barúil agam nach mbeadh éileamh rómhór ar thicéid. Fad is a bhí an chuid eile den chriú ag ithe ceapaire thug fear tacsaí chun na staide mé áit ar cheannaigh mé ceann an duine dúinn. Bhí mé ar ais i mbun mo theaghlaigh arís sula raibh siad éirithe ón mbord.
Nuair a tháinig an tráthnóna bheartaigh muid dul chuig an gcluiche ar an traein. Bhí stáisiún Islington buailte ar an lóistín a bhí againn. Ansiúd, blocán fir meánaosta a bhí ar chúl an ghloine in oifig na dticéad. Ba i White Heart Lane a bhí Tottenham lonnaithe ag an am agus nuair a d’iarr mé ticéid fillte a thabharfadh chomh fada leis sin muid, bhreathnaigh sé go míchéadfach amach orm os cionn a chuid spéacláirí. Tuin láidir Chiarraí a bhí ar a ghlór nuair a labhair sé: “Oo know oo can watch football in places a lot closer than that, son,” a deir sé.
Ba go rímhaith a thuig mise an sáiteán a bhí caite aige i mo bhealach. Ní raibh staid Arsenal i Highbury mórán le fiche nóiméad siúil ón áit a raibh mé i mo sheasamh agus ba leosan ba mhó a thacaíodh imircigh as Éirinn nuair a thagaidís go Londain. Dá réir sin ba bheag a thaitin sé le fear na dticéad go gcuimhneodh aon ‘Pháidín’ a dhílseacht a thabhairt dá ndeargnamhaid.
Dúirt mé leis go raibh a fhios sin agam ach nach raibh aon imirt á déanamh i Highbury go dtiocfadh an Satharn. Ba bheag a laghdaigh sin a chuid cantail dó. Chaith sé na ticéid chugam go míchéadfach agus dhírigh ar an bpáipéar a bhí sé a léamh sular casadh mise an bealach.
Thug an fealltóir mór agus a chuid fealltóirí beaga aghaidh ar ionad na himeartha.
Tá cúpla cúis ann go mba ar Arsenal ba mhó a bhí tóir ag daoine as an tír seo a chuir fúthu i Londain – Éireannaigh a bheith ag imirt dóibh ar cheann acu. Bhí Liam Brady, Frank Stapleton, David O’ Leary, John Devine, Pat Jennings, Pat Rice agus Sammy Nelson ag a gcuid foirne thart ar an am atá i gceist agamsa. Muna bhfuil dul amú orm ba é Terry Neill a mbainisteoir.
Sa mullach ar sin ba sna ceantair timpeall ar an staid Highbury ba mhó a chuir Éireannaigh fúthu nuair ba threise an imirce – Islington, Camden, Finsbury Park, Holloway agus Highbury, áit a bhfuil Staid na nÉimíríochtaí ag an gclub anois, 10 nóiméad siúil ón áit a mbíodh an seancheann.
De réir nóis, i gcúrsaí spóirt go háirid, is minic le clann dílseacht a n-athar a leanacht, bíodh gur clann imircigh iad nó dream nár fhág an baile ariamh. Ní faoi na hÉireannaigh i Londain amháin atá sin fíor. Is amhlaidh scéal ag go leor a tháinig ansiúd ón Afraic agus ó réigiúin Mhuir Chairib freisin. Do na clubanna sacair ba ghaire dóibh a thugadar a ndílseacht.
Tá súil agam go bhfuil fear na dticéad ina bheatha i gcónaí. Más amhlaidh cás beidh na spéacláirí níos airde ar a shrón aige as seo go ceann cúpla seachtain mar go bhfuil dúshláin mhóra roimh an bhfoireann ab ansa leis agus roimh an gceann ar a léirigh sé a dhímheas.
An dúshlán céanna atá rompu beirt dar ndóigh ach is mór idir an méid a d’fhéadfadh titim amach mura n-éiríonn leo.
Oiread pointí agus is féidir a charnadh as cluichí sraithe a imreoidh siad as seo go dtiocfaidh deireadh an tséasúir trí seachtaine ón lá inniu an dúshlán atá rompu beirt ar ndóigh. Má chliseann ceann acu is údar díomá sin dóibh. Má chliseann an ceann eile seans go mbeidh a dtarlóidh dóibh siúd i bhfad níos tubaistí.
Ón 4 Deireadh Fómhair seo caite is iad Arsenal atá ar bharr na Príomhroinne, farasbarr naoi bpointe acu ar an dream ba ghaire dóibh ag tús mhí Feabhra seo caite.
Ach tá uisce ligthe isteach ó shin acu.
Agus mé á scríobh seo tá ceithre chluiche le himirt ag formhór fhoirne na Príomhshraithe, ach go bhfuil ceann lena chois sin le himirt ag Manchester City. Tá siadsan i bhfoisceacht trí phointe d’Arsenal ar bharr an tábla – d’imir siadsan Fulham inné agus imreoidh City in aghaidh Everton amárach.
Foirne atá íochtarach go maith atá rompu beirt ina dhiaidh sin freisin. Fós féin beidh lucht a leanta ag cangailt na n-ingne.
Más ag ligean uisce isteach atá Arsenal, tá Tottenham i mbaol a mbáite. An tráthnóna úd i dtús Dheireadh Fómhair seo caite ar shroich Arsenal barr na Príomhroinne bhí Tottenham sa tríú háit, i bhfoisceacht dhá phointe dóibh.
Ag síorthitim atá siad ó shin, sa tríú háit ón mbun faoi láthair agus i mbaol chráite a ndícháilithe, rud nár tharla dóibh le 50 bliain agus beartas a d’fhágfadh i mbaol a scriosta iad.
Oiread agus cluiche amháin Príomhroinne ní raibh buaite acu ó thús na bliana nua go dtáinig an tseachtain seo caite.
Thomas Frank a bhí mar bhainisteoir orthu ag tús an tséasúir tar éis dóibh bata agus bóthar a thabhairt do Ange Postecoglou. In imeacht cúpla mí bhí Frank é féin briste as a phost agus Crótach, Igor Tudor, ceaptha ina áit. 44 lá a mhair a ré siúd agus le cúig seachtaine is faoin Iodálach Robert De Zerbi atá sé Tottenham a shábháil ar an dícháiliú.
Tubaiste a bheadh ann dóibh a n-áit sa bPríomhroinn a chailleadh.
Deir Forbes Magazine go bhfuil siad ar an naoú club sacair is luachmhaire ar domhan, teacht isteach €567 billiún in aghaidh na bliana acu agus luach €3 billiún curtha orthu ag an iris aitheanta ghnó chéanna sin.
Sa gcás gur sa Championship a bheas siad an séasúr seo chugainn, meastar go bhféadfadh laghdú 50% a theacht ar a dteacht isteach. Thuigfeá é a bheith deacair lucht féachana, urraíocht teilifíse etc. a mhealladh chuig cluichí in aghaidh leithéidí Hull, Swansea, Preston.
Bhainfeadh sin plaic ollmhór freisin as a luach, dar ndóigh.
Cuir leis sin go bhfuil siad i bhfiacha de bharr €1.2 billiún a bheith caite acu ar an staid nua a d’oscail siad cúpla bliain ó shin, údar eile imní do lucht a riartha agus a leanta.
‘Is olc an ghaoth’ a deir siad …
Meangadh gáire atá ar fhear chábán na dticéad, pébrí ar neamh nó ar thalamh dó.
Fág freagra ar 'Do na clubanna sacair ba ghaire dóibh a thug na himircigh a ndílseacht'