AN POD GAEILGE: Léirmheas ar albam nua Kneecap, dochar sláinte na Gaeilge, scileanna teanga i nGaillimh Thiar

Pléitear ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ albam nua Kneecap, ‘Fenian’, ceist na Gaeilge i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar agus cearta teanga sa chóras sláinte

AN POD GAEILGE: Léirmheas ar albam nua Kneecap, dochar sláinte na Gaeilge, scileanna teanga i nGaillimh Thiar

Darren, Maitiú agus Seán Tadhg atá i dteannta Bhridget ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ agus albam nua Kneecap, ‘Fenian’, á mheas acu. Pléitear chomh maith ceist na Gaeilge i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar. An buntáiste d’iarrthóirí Gaeilge a bheith acu nó an cuma le daoine? Caitear súil chomh maith ar an gcruinniú is déanaí ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, mar a raibh plé faoi chúrsaí earcaíochta agus cearta teanga sa chóras sláinte.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Léirmheas ar albam nua Kneecap, dochar sláinte na Gaeilge, scileanna teanga i nGaillimh Thiar'