Tá gradam bronnta ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU) ar iar-phríomheagarthóir Nuacht RTÉ/TG4 Michael Lally. Céimí de chuid Choláiste Teicneolaíochta Réigiúnach na Gaillimhe – réamhtheachtaí ATU, é Lally.
Bronnadh an Gradam Alumni sa Dearadh, Oideachas agus Eolaíocht Shóisialta ar Lally ag searmanas speisialta a reáchtáladh san ollscoil an tseachtain seo.
Bhain Lally a cháilíocht amach sa Choláiste Teicneolaíochta agus chuaigh leis an iriseoireacht agus an chraoltóireacht ina dhiaidh sin. Thosaigh sé ag obair le RTÉ i 1978 mar thuairisceoir nuachta agus bhí róil shinsearacha mar eagarthóir agus comhfhreagraí aige i gcúpla ról ina shaol gairmiúil.
Bhí sé ina comhfhreagraí talmhaíochta agus bia, ina chomhfhreagraí an iarthair, ina chomhfhreagraí tionsclaíochta agus fostaíochta, agus ina chomhfhreagraí an oirdheiscirt. Chaith sé seal thar lear agus é ag tuairisciú ar scéalta móra idirnáisiúnta san Aetóip, sa tSomáil agus i Ruanda.
Ba é an chéad phríomheagarthóir ar an tseirbhís lán-Ghaeilge nuachta a bunaíodh i mBaile na hAbhann nuair a bunaíodh Teilifíse na Gaeilge i 1996. Ba é a bhí i gceannas ar an seomra nuachta nuair a aistríodh cúraimí nuachta Gaeilge RTÉ féin siar go Baile na hAbhann thart ar dheich mbliana ina dhiaidh sin. Bhí Lally ina uachtarán ar an eagraíocht idirnáisiúnta seirbhísí poiblí CIRCOM ó 2008 go 2012, freisin.
Nuair a chuaigh sé ar scor ó RTÉ, d’fhill sé ar a alma mater agus thug faoi MA sa Chleachtas Cruthaitheach agus MRes ina ndearna sé iniúchadh ar an gcaidreamh idir an iriseoireacht seirbhíse poiblí agus an daonlathas.
“Téann an gradam seo go croí ionam agus tá mé an-tógtha leis. Níor chuir mé romham riamh ach sástacht agus taitneamh san ionad oibre a bhaint amach. Ní bhaineann duine ar bith na rudaí sin amach as féin, ach mar chuid d’fhoireann agus trí bheith ag obair le daoine maithe.
“Na blianta fadó sin ó shin, líon RTC le foinse eolais agus muiníne mé a mhaireann go fóill. Is údar mór bróid do mo chlann agus dom féin é seo, agus lá le ceiliúradh agus le bheith buíoch as,” a dúirt Lally ag an searmanas.
Tá Gradam Alumni ATU á bhronnadh le dhá bhliain anuas ar mhic léinn a d’fhreastail ar an ollscoil sin agus ar na hinstitiúidí a tháinig le chéile faoi bhrat ATU – Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, Institiúid Teicneolaíochta Shligigh, agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Bhí Coláiste Teicneolaíochta Réigiúnach na Gaillimhe ar cheann de na hinstitiúidí a tháinig le chéile le GMIT a dhéanamh in 1997.
Deir an ollscoil go mbronntar na gradaim ar dhaoine “ar léirigh ar bhain siad amach ceannaireacht, seirbhís, cruthaitheacht, agus tiomantas láidir don phobal agus don saol poiblí”.
Is iad na daoine eile ar bronnadh Gradam Alumni ATU orthu i mbliana: Caragh Maxwell, údar agus scríbhneoir; Fergus Grimes, fiontraí agus bunaitheoir Score Beo; Caroline Faulkner: cóitseálaí ceannaireachta; Michael Vaughan, óstánaí; Joe Dunleavy, saineolaí Intleachta Saorga; Georgia MacMillian, abhcóide timpeallachta; Patrick Keady, iar-stiúrthóir an NHS; agus Sara McFadden, ceannaire spóirt.
Fág freagra ar 'Gradam Alumnus bronnta ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ar iar-eagarthóir Nuacht TG4 Michael Lally'