Leathbhliain ón deireadh seachtaine seo beidh na toghcháin lár téarma dá reáchtáil sna Stáit Aontaithe. Fírinne an scéil go bhfuil na toghcháin sin faoi lán seoil cheana féin mar gheall ar an gcóras sna Stáit Aontaithe. Tá réamhthoghcháin dá rith i Stáit ar fud na tíre le hiarrthóirí a roghnú chomh maith le reifrinn faoi athdhréachtú na limistéar toghchánaíochta. Ní sé deich lá ó d’aontaigh pobal Virginia na toghranna sa Stát sin a athrú ar bhealach a thabharfadh tromlach gan cheist do na Daonlathaigh. Rinneadh bearta den saghas céanna a rith i California agus Texas anuraidh le tromlach gan cheist a thabhairt do na páirtithe éagsúla nuair a chomhairfear na vótaí i dtús mhí na Samhna.
Cuir san áireamh leis sin an cead luathvótála, a bhíonn i bhfeidhm an-luath sna Stáit mar gheall ar chomh mór agus atá siad go tíreolaíoch agus an dlús daonra atá in áiteanna, agus is féidir linn a rá gur gearr go mbeidh an próiseas sin faoin lán seoil. Gné eile den scéal is ea na cásanna cúirte ar fad faoi cé aige a bhfuil cead vótála agus cén saghas cruthúnas aitheantais a cheadófar.
De réir mar a théann siad thart is ea is mó toghcháin sna Stát Aontaithe dá reáchtáil sna cúirteanna. An nglacfar le pas, ceadúnas tiomána, teastas breithe nó cárta aitheantais leasa shóisialaigh mar chruthúnas gur tú féin atá ann? Cén fhad tar éis dáta an toghcháin a nglacfar le vótaí a thagann isteach mall tríd an bpost? Tá na ceisteanna seo ar fad le freagairt sular féidir a rá go bhfuil toradh iomlán faighte ar an toghchán. Caitheann an dá mhórpháirtí míonna ag cur calaois agus caimiléireacht i leith a chéile agus ar ndóigh le deich mbliana anuas ó toghadh Donald Trump den chéad uair, tá an scéal ag dul chun donachta in aghaidh an toghcháin.
Rud amháin gur féidir a bheith cinnte faoi tar éis na dtoghchán faoi Shamhain seo chugainn – sin mura n-éiríonn le Trump an bunreacht a leasú – go bhfuil muid ag druidim le deireadh ré Trump. Ceist eile ar fad, ar ndóigh, an bhfuil muid ag druidim le deireadh ré a lucht leanta agus an bhfuil aon rud gur féidir leis a dhéanamh sa dá bhliain go leith idir seo agus mí na Samhna 2028 le praiseach níos mó a dhéanamh den domhan?
An bhféadfadh go dtabharfadh torthaí na dtoghchán leide do na Poblachtaigh agus na Daonlathaigh sna Stáit Aontaithe go bhfuil sé in am tabhairt faoi threo nua don tír. Is beag a thógfaidh sé an tromlach i dteach na n-ionadaithe a athrú – tromlach de chúig shuíochán atá ag na Poblachtaigh faoi láthair agus más fíor na pobalbhreitheanna éireoidh leis na Daonlathaigh seilbh a fháil mar is gnáth le toghchán lár téarma. Tá dúshlán níos mó rompu sa Seanad áit a bhfuil tromlach de sheisear ag na Poblachtaigh. Seanadóirí neamhspleácha amhail Bernie Sanders a thacaíonn leis na Daonlathaigh is ea beirt acu sin.
Má ghlacann na Daonlathaigh seilbh ar an gComhdháil ní bheidh an saol chomh héasca céanna ag Donald Trump. Agus beidh aird na polaitíochta i Meiriceá ar na hiarrthóirí don toghchán in 2028. An ceist foighne atá ann as seo go ceann leathbhliana, mar sin, nó a bheith ar ár n-aire faoin méid a éireoidh leis a dhéanamh idir seo agus tús mhí na Samhna.
Fág freagra ar 'Tá muid ag druidim le deireadh ré Trump…'