An Comórtaisín peile, Pacálaithe an Chuain Ghlais agus deis mhór do Carrick nó Slot

Thug Éire taispeántais mhaithe sna cluichí in aghaidh na Fraince agus na hÍsiltíre an mhí seo caite ach fágadh gan faic iad sa deireadh

An Comórtaisín peile, Pacálaithe an Chuain Ghlais agus deis mhór do Carrick nó Slot

Comórtaisín Peile na Gaeltachta

Níl ach mí anois idir muid agus Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 ach gheobhaidh muintir Chill Charthaigh blaiseadh beag ar a bhfuil rompu agus an comórtas cáilithe áitiúil le himirt ar pháirc álainn na Tamhnaí an deireadh seachtaine seo. Tá an deis tapaithe acu i dTír Chonaill le roinnt blianta anuas an comórtas áitiúil a thabhairt don chumann céanna a bheidh ag reáchtáil an chomórtais náisiúnta an bhliain chéanna chun deis a thabhairt dóibh cleachtadh beag a dhéanamh roimh dheireadh seachtaine na Cincíse agus, b’fhéidir, léargas a fháil ar an obair atá fós le déanamh.

Ar a laghad, ní gá don choiste áitiúil lóistín a shocrú an deireadh seachtaine seo cé go mbeadh trua agat do Ghaeil Fhánada agus an turas fada ó dheas agus abhaile atá rompu, turas a bheidh le déanamh faoi dhó má éiríonn leo ina gcluiche leathcheannais Dé Sathairn.

Cuirfear tús le cluichí an deireadh seachtaine le cluiche ceannais sóisir na mban Dé hAoine idir Cill Chartha agus Gleann tSúilí ag 7pm. Cluichí leathcheannais na bhfear, sinsear agus sóisear, a bheidh againn Dé Sathairn ag tosú ag meán lae agus lá na gcluichí ceannais ann ansin Dé Luain ag tosú le cluiche ceannais idirmheánach na mban idir Ard an Rátha agus Naomh Columba ag 10.20am.

Tá na comórtais áitiúla ar siúl i nGaillimh agus i Maigh Eo an deireadh seachtaine seo chomh maith. Ar an Spidéal a bheidh babhtaí ceannais na Gaillimhe idir an Satharn agus an Luan. Aon chluiche dhéag atá le himirt i rith an deireadh seachtaine idir chomórtais na mban, na bhfear agus faoi aois agus foirne ó naoi gcumann ag glacadh páirte.

Cuirfear tús leis an aicsean ar Pháirc an Athar Mac Suibhne ag 2.30pm Dé Sathairn. Ag 1pm a bheidh an chéad chluiche Dé Domhnaigh agus beidh trí chluiche ceannais ann Dé Luain, cluiche ceannais idirmheánach na mban idir Bearna agus Naomh Anna ag 11.30am, cluiche ceannais sóisir na bhfear ag 1.30pm agus cluiche ceannais sinsir na bhfear ag 3.30pm.

Is i mBaile an Chaisil i dtuaisceart Mhaigh Eo atá babhtaí cáilithe an chontae sin. Cuirfear tús leis na himeachtaí ansin ag 1.30pm amárach agus cluichí leathcheannais sóisir na bhfear agus an t-aon chluiche leathcheannais amháin sa gcraobh shinsir le himirt. Beidh an dá chluiche ceannais ann Dé Luain, ceann na sóisear ag 2pm agus ceann na sinsear ag 4pm.

Pacálaithe an Chuain Ghlais

I gcúrsaí spóirt i Meiriceá, níl sárú ar fáil ar an bpeil Mheiriceánach agus ar chraobh an NFL, go háirithe. Ní mhaireann an comórtas ach ó thús mhí Mheán Fómhair go dtí tús mhí Feabhra, áfach, rud a fhágann go bhfuil bearna ollmhór ann do lucht tacaíochta na bhfoirne go dtí go dtagann an fómhar agus an séasúr nua.

Ceann de na bealaí atá ag an NFL chun an bhearna sin a líonadh ná ócáid mhór a dhéanamh den NFL Draft, an córas faoina roghnaíonn foirne na himreoirí óga is fearr atá ag fágáil na hollscoile an bhliain sin. Caitear míonna ag caint ar cé hiad na himreoirí is fearr agus gaisce mór é a bheith roghnaithe ar an gcéad rogha. Mheall ócáid na seachtaine seo caite na mílte chuig Pittsburgh, áit go raibh na roghanna le fógairt, agus meastar go raibh os cionn 13 milliún duine ag féachaint ar an gcéad oíche ar an teilifís.

Fógraítear gach ceann den 257 rogha ceann ar cheann, áfach, rud a fhágann go maireann an Draft trí lá agus neart ama le líonadh agus seifteanna ag teastáil chun greim a choinneáil ar an lucht féachana. I mbliana, bheartaigh na Green Bay Packers, a bhfuil an tÉireannach Daniel Whelan ag imirt dóibh, dul i muinín na nGael chun é sin a dhéanamh.

Ar dtús, is ó Bhaile Átha Cliath a rinneadh ceann de na roghanna a fhógairt agus an cúram tugtha don cheoltóir Gavin James an dea-scéal a thabhairt do Jager Burton ó Ollscoil Kentucky go raibh sé ar a bhealach chuig Wisconsin leis an 153ú rogha.

Ní hin deireadh an scéil, áfach. Fear ón Inbhear Mhór, Stephen O’Brien, a bhí roghnaithe mar ‘Thacaí Idirnáisiúnta na Bliana’ ag na Packers agus cuireadh tugtha dó anonn go Pittsburgh chun ceann de roghanna na foirne a fhógairt. Amach le Stephen ar stáitse Dé Domhnaigh seo caite agus ní hamháin gur fhógair sé an rogha ach d’fhógair sé i nGaeilge é. Ba é an chéad rogha a fógraíodh riamh i nGaeilge, an gcreidfeá?

Ní léir an é nár thuig siad siúd sa slua an blúirín staire sin nó an raibh siad bréan den chéapar uile agus 200 rogha déanta roimhe sin ach ní bhfuair Stephen an bualadh bos mór a bhí tuillte aige. Ar ndóigh, d’fhéadfadh sé a bheith fíor freisin nár thuig an slua focal de Ghaeilge bhreá Stephen ach b’fhéidir freisin gurbh amhlaidh nach raibh siad róthógtha le Domani Jackson bocht mar rogha.

Cluiche an deireadh seachtaine – Manchester United v Liverpool – Dé Domhnaigh, 3.30pm (Beo ar Sky Sports)

Tar éis dúinn ceann de na cluichí is fearr a imríodh riamh i Sraith na gCuradh a bheith againn idir Paris Saint-Germain agus Bayern Munich Dé Máirt seo caite, is ag fanacht ar chlabhsúr na coimhlinte sin atá formhór againn ach ní hin le rá nach bhfuil cluichí suimiúla eile againn an deireadh seachtaine seo.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcluiche idir Aston Villa agus Tottenham Hotspur atá le bheith ann tráthnóna Dé Domhnaigh agus Villa ag iarraidh Sraith na gCuradh a bhaint amach an séasúr seo chugainn agus Spurs ag iarraidh fanacht sa bPríomhroinn.

Tá ceann de choimhlintí móra an tsacair le bheith ann níos luaithe an tráthnóna céanna áfach agus Liverpool ag dul chomh fada le Old Trafford le haghaidh a thabhairt ar Manchester United. Níl toradh an chluiche seo chomh tábhachtach agus a shíl daoine a bheadh cúpla seachtain ó shin. Níl na foirne cinnte go fóill d’áit i bpríomhchomórtas na hEorpa an séasúr seo chugainn ach fágann torthaí maithe le mí anuas go bhfuil cuid mhaith den obair déanta.

Mar sin féin, tá an bheirt bhainisteoirí fós ag iarraidh a thaispeáint gur cheart go mbeadh siad sa ról nuair a thagann an séasúr nua sin. Tá an-chaint ann go bhfuil úinéirí Liverpool sásta fanacht le Arne Slot in ainneoin gur thit an tóin as an bhfoireann i mbliana agus go leor den tacaíocht a bhí aige caillte aige. Níl Michael Carrick ach ina bhainisteoir eatramhach in Old Trafford agus cé gur chuir sé tús iontach lena sheal i gceannas, táthar ann go fóill a cheapann go bhfuil roghanna níos fearr ann ná é. Chabhródh bua Dé Domhnaigh go mór le duine den bheirt a gcás a dhéanamh.

Murar féidir le cuid agaibh fanacht go dtí Dé Céadaoin seo chugainn don chluiche mór i München, beidh Bayern ag imirt in aghaidh FC Heidenheim amárach. Tá Heidenheim sáinnithe ag bun an tábla faoi láthair agus 19 cúl atá scóráilte ag Bayern ina gcoinne le cúig chluiche anuas. Fiú má thugtar scíth do leithéidí Harry Kane, Luis Diaz agus Michael Olise, níor cheart go mbeadh aon easpa cúl sa gceann seo.

Fág freagra ar 'An Comórtaisín peile, Pacálaithe an Chuain Ghlais agus deis mhór do Carrick nó Slot'