Cuma na maitheasa ar Chúige Laighean sa mbaile

Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an bua ag na hUltaigh ná na Laighnigh ach tá cuma níos fearr ar Chúige Laighean

Cuma na maitheasa ar Chúige Laighean sa mbaile

Is cinnte go bhfuil díomá ar Chúige Mumhan agus Cúige Chonnacht nár éirigh leo áit a bhaint amach i mbabhtaí leathcheannais comórtais Chorn na gCuradh agus an Dúshláin an deireadh seachtaine seo. Tá scíth á fháil acu sula dtabharfaidh siad  faoina chéile i mBabhta 17 den URC i nGaillimh an Satharn seo chugainn, cluiche a bheas cinniúnach maidir le hiarrachtaí na bhfoirne áit á fháil i gCorn na gCuradh, comórtas sinsearach rugbaí na hEorpa, don séasúr seo chugainn.  Beidh mé ag scríobh faoi sin arís.

Cúige Laighean a bheas ag imirt i gCorn na gCuradh agus Cúige Uladh  a imreoidh i gCorn an Dúshláin inniu.  Sin iad na hionadaithe a bheas againn agus tá áit sa gcluiche ceannais a imreofar  i mBilbao na Spáinne ag deireadh na míosa mar sprioc acu.

Cúige Laighean is túisce a bheas ag dul chun páirce inniu i gcoinne Toulon na Fraince. Tá an t-ádh ar fhoireann Leo Cullen gur éirigh le Toulon an ceann is fearr a fháil ar Ghlaschú sa gcluiche ceathrú ceannais.

Chinntigh an bua a bhí ag Toulon cluiche baile do Chúige Laighean seachas iachall a bheith orthu taisteal go Dún Éideann dá mbeadh an lá le Glaschú. Go deimhin, b’ábhar iontais é go bhfuair Toulon, foireann atá sa naoú háit ar thábla an Top 14,  an ceann is fearr ar Ghlaschú, foireann a bhí suite ar bharr an URC ag an am. Is cinnte go ndearna Glaschú neart botúin láimhseála, imirt nárbh iondúil dóibh sa gcluiche sin agus thapaigh Toulon a ndeis.

Is é Cúige Laighean rogha na coitiantachta don choimhlint seo.  Is acu atá buntáiste an bhaile agus tá seanchleachtadh acu ar a bheith imirt ag an staid seo den chomórtas. Mar sin féin is fiú a mheabhrú go raibh foireann Átha Cliath sa mbád céanna anuraidh sula ndearna Leo Cullen an botún roghnaithe ba mhó dá ndearna sé ariamh nuair a chuir sé cúpla imreoir dara rogha chun páirce i gcoinne Northampton, botún a chinntigh bua nach raibh súil leis don fhreasúra agus a chuir deireadh le hiarrachtaí Laighean áit sa gcraobh a bhaint amach.  Ní dóigh go ndéanfaidh sé an botún sin go deo arís agus ní haon ábhar iontais é go bhfuil a chéad rogha imreoirí, fir atá aclaí agus folláin, á gcur chun páirce aige.  B’fhéidir nach raibh an dara rogha ag Cullen mar go bhfuil liosta fada imreoirí  aige atá faoi chúram dochtúra faoi láthair.

Is fiú a lua freisin  nach raibh imirt Chúige Laighean thar mholadh beirte i mBabhta 16 den URC an deireadh seachtaine seo caite.  Cuimhnigh gur chaill siad i gcoinne Benetton in ainneoin gur thug siad dhá phointe bónais abhaile leo. Tá súil agam go raibh dóthain ama i seacht lá ag foireann bhainistíochta an Chúige na deachrachtaí a tháinig chun solais a cheartú.

Fós féin, tá mise sásta bua d’fhoireann an baile a thuar, cé nach dóigh go mbeidh mórán idir na foirne ag a dheireadh.

Ní túisce an cluiche sin thart nó go mbeidh muid ag díriú ar imeachtaí i mBéal Feirste agus ar chluiche leathcheannais Chorn an Dúshláin idir Chúige Uladh agus Exeter Chiefs.

Cé go mbeidh buntáiste an bhaile acu, ní féidir talamh slán a dhéanamh do bhua do na hUltaigh. Sa gcúigiú háit ar thábla an Gallagher Premiership atá Exeter suite faoi láthair agus iad ag treisiú le chuile cluiche dá n-imríonn siad. Ní hamháin sin tá deacrachtaí ag teacht chun cinn do na hUltaigh le gairid.

Thug Cúige Laighean greadadh dóibh i mBéal Feirste coicís ó shin agus náirigh Cúige Mumhan iad i Luimneach an Satharn seo caite. Is léir go bhfuil Richie Murphy cráite le gortuithe i measc a chéad rogha imreoirí rud a chiallaíonn nach bhfuil an dara rogha aige ach roinnt imreoirí ar bheagán taithí ar a bheith ag imirt ag an leibhéal seo a bheith á gcur chun páirce inniu.  Is cinnte go ndéanfaidh Cúige Uladh tréaniarracht áit sa gcluiche ceannais a bhaint amach, rud nach mbeidh ró-éasca mar nach bhfuil siad faoi lán tseoil faoi láthair, faraor.

Tá sos agus scíth deireadh seachtaine i gcomórtas Sé Náisiún na mBan faoi láthair. Tugann sin deis do phainéal na hÉireann teacht chucu féin thar éis an léasadh a thug na Francaigh dóibh an Satharn seo caite.

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar Chúige Laighean sa mbaile'