‘Tá díospóireacht i nGaeilge tuillte ag muintir Ghaillimh Thiar roimh lá an toghcháin’ – Seán Kyne

Tá sé ráite ag Seán Kyne Fhine Gael agus iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta, Míde Nic Fhionnlaoich, gur chóir do TG4 agus RnaG díospóireacht i nGaeilge a chraoladh roimh fhothoghchán Ghaillimh Thiar

‘Tá díospóireacht i nGaeilge tuillte ag muintir Ghaillimh Thiar roimh lá an toghcháin’ – Seán Kyne

Is é an Seán Kyne an t-iarrthóir is déanaí i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar a deir gur cheart díospóireacht i nGaeilge a reáchtáil roimh lá an toghcháin níos deireanaí an mhí seo.

Dúirt Kyne, atá ina Sheanadóir d’Fhine Gael agus atá ag seasamh sa bhfothoghchán, go bhfuil díospóireacht ina gcéad teanga “tuillte” ag muintir na Gaeltachta.

Tá fothoghchán le bheith ann i nGaillimh Thiar ar an 22 Bealtaine chun an suíochán Dála a d’fhág Catherine Connolly nuair a toghadh ina hUachtarán í a líonadh.

Tá an ceantar Gaeltachta is mó sa tír i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar ach fágann easpa iarrthóirí le Gaeilge líofa nach bhfuil aon phlean ann go dtí seo díospóireacht i nGaeilge a chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ná ar TG4.

Deir Seán Kyne agus iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta, Míde Nic Fhionnlaoich, cainteoirí líofa Gaeilge beirt, gur cheart go mbeadh díospóireacht i nGaeilge ann.

D’fhág treoirlínte cothromaíochta Choimisiún na Meán nár reáchtáladh aon díospóireacht i nGaeilge aimsir thoghchán na hUachtaránachta anuraidh mar nach raibh Gaeilge ag na hiarrthóirí uile.

Dúirt Kyne gur cheart díospóireacht a reáchtáil, fiú mura bhfuil Gaeilge ag na hiarrthóirí uile.

“Tá sé go hiomlán inchosanta ag TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta díospóireachtaí craolta a reáchtáil do vótálaithe Ghaillimh Thiar. Bímis dearfach faoi thodhchaí cheantair Ghaeltachta na Gaillimhe,” a dúirt sé.

“Thabharfadh díospóireacht i measc cainteoirí líofa Gaeilge faisnéis luachmhar go fóill agus thabharfadh sé onóir do ról na Gaeilge sa dáilcheantar. Tá sé riachtanach nach gceilfear rannpháirtíocht bhríoch ar na toghthóirí a labhraíonn Gaeilge le linn an fheachtais,” a dúirt sé.

Dúirt Míde Nic Fhionnlaoich, arb as ceantar na nOileán i gConamara ó dhúchas di, gur chóir go mbeadh deis ag muintir na Gaeltachta díospóireacht i nGaeilge a chloisteáil faoi chúrsaí tithíochta, sláinte, iompair agus eile agus gur mór an trua a bheadh ann mura dtarlódh a leithéid.

“Déantar neamhaird ar mhuintir na Gaeltachta go minic sa tír seo nuair a bhíonn ceisteanna móra an lae á bplé agus fiú nuair a bhíonn an Ghaeilge féin á plé scaití,” a dúirt sí an mhí seo caite. “Mura bhfuil pobail labhartha na Gaeilge in ann páirt iomlán a ghlacadh sa bhfothoghchán seo, cén chaoi gur féidir linn tabhairt faoin ngéarchéim eiseach atá roimh an Ghaeltacht?”

Dúirt Nic Fhionnlaoich nach raibh sí ag fáil locht ar na hiarrthóirí eile nach raibh Gaeilge líofa acu agus go bhféadfadh siad ionadaí a chur chun cinn d’aon díospóireacht a labhródh ar a son.

Tá aighneas cothaithe ag cinneadh Shinn Féin iarrthóir nach bhfuil líofa sa nGaeilge a chur chun cinn i nGaillimh Thiar. Tá sé ráite ag cumann amháin de chuid an pháirtí i gConamara Theas nach dtacóidh siad le Mark Lohan mar gheall nach bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige. Tá sé ráite ag ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, go bhfuil dóthain Gaeilge ag Lohan le páirt a ghlacadh i ndíospóireacht cé go ndúirt sé féin ar RnaG ar maidin nach mbeadh ar a chumas díospóireacht a dhéanamh sa teanga.

“Tá Gaeilge ag Mark Lohan. Níl sé líofa. Creidim go mbeidh sé in ann díospóireacht agus agallamh a dhéanamh,” a dúirt Mary Lou McDonald le RTÉ ag an deireadh seachtaine.

Tuigtear go bhfuil Gaeilge ag iarrthóir Aontú, Orla Nugent, agus tá beagán ag iarrthóir Fhianna Fáil, Cillian Keane.

Tá sé ráite cheana ag Seán Kyne, iar-aire stáit don Ghaeltacht, gur chabhraigh an feabhas a chur sé ar a chuid Gaeilge leis suíochán sa Dáil a bhuachan in 2011.

Deir tráchtairí ar labhair Tuairisc leo go mbeadh líofacht sa nGaeilge ina buntáiste ag iarrthóir i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar ach nach mbeadh sin cinniúnach agus gan ach aon suíochán amháin le buachan.

Fág freagra ar '‘Tá díospóireacht i nGaeilge tuillte ag muintir Ghaillimh Thiar roimh lá an toghcháin’ – Seán Kyne'

  • Seán Mag Leannáin

    An ceart ar fad ag na hiarrthóirí le Gaeilge – Míde Nic Fhionnlaoich ó na Daonlathaithe Sóisialta, Seán Kyne ó FG agus Orla Nugent ó Aontú. Ba chóir go mbeadh díospóireacht i nGaeilge ar TG4 agus ar RnaG sa bhfeachtas toghcháin seo. Is féidir leis na hiarrthóirí eile urlabhraithe a ainmniú le labhairt thar a gceann sna díospóireachtaí sin.