Mná na hÉireann ag súil le toradh ar a gcuid oibre a fháil in Gdańsk

Thug Éire taispeántais mhaithe sna cluichí in aghaidh na Fraince agus na hÍsiltíre an mhí seo caite ach fágadh gan faic iad sa deireadh

Mná na hÉireann ag súil le toradh ar a gcuid oibre a fháil in Gdańsk

Comórtas Cáilithe Chorn an Domhain 2027 – Grúpa A2

An Pholainn v Éire – Gdańsk, 17:00 (Beo ar RTÉ)

Tá mná na hÉireann fós gan aon phointe agus dhá bhabhta de chomórtas cáilithe Chorn an Domhain imeartha go dtí seo ach beidh imreoirí Carla Ward ag iarraidh é sin a chur ina cheart agus iad ag tabhairt aghaidh ar an bPolainn i Gdańsk tráthnóna.

Thug Éire taispeántais mhaithe sna cluichí in aghaidh na Fraince agus na hÍsiltíre an mhí seo caite ach d’fhág cúil sa gceathrú uaire deireanach den dá chluiche gur fágadh na hÉireannaigh gan faic.

Tá na hÉireannaigh cinnte d’áit sna babhtaí réitithe do Chorn an Domhain a bhuíochas do na taispeántais a tugadh i Sraith na Náisiún anuraidh ach dhéanfaí an jab atá rompu ag deireadh na bliana níos éasca dá n-éireodh leo críochnú sa tríú háit i nGrúpa A2.

Agus iad  i ngrúpa crua is iad na cluichí i gcoinne na Polainne na deiseanna is fearr atá ag mná na hÉireann le torthaí maithe a fháil, ach ní hin le rá go mbeidh tada éasca faoi chluiche na hoíche anocht agus an ceann atá rompu i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn beag seo. Tá an Pholainn trí áit chun tosaigh ar Éirinn sa rangú domhanda i láthair na huaire agus an fhoireann baile inniu sa 24ú háit .

D’fhógair Carla Ward inné nach mbeidh an t-imreoir lár páirce Ruesha Littlejohn ar fáil don chluiche i Gdańsk ach tá dea-scéal ann agus Denise O’Sullivan ar fáil arís tar éis di a bheith gortaithe don chluiche i gcoinne na hÍsiltíre.

Katie McCabe a d’aimsigh an dá chúl a scóráil Éire sna cluichí sin mí an Mhárta ach beidh tuilleadh tacaíochta ag teastáil ó bhean Arsenal má tá Éire chun toradh maith a fháil anocht. Bíonn leithéidí Kyra Carusa, Louise Quinn agus Emily Murphy lán fuinnimh ach teastaíonn gliceas agus gearradh níos mó más leo toradh a fháil ar a gcuid oibre.

Naoscaire den scoth í tosach na Polainne, Ewa Pajor. Tá 70 cúl scóráilte aici i 107 cluiche don Pholainn, cúil i gcoinne na Fraince agus na hÍsiltíre an mhí seo caite ina measc. Toradh maith a bhí sa chomhscór 2-2 a bhí ag na Polannaigh sa gcéad chluiche ach bhí an Fhrainc rómhaith dóibh i Dijon agus an Pholainn cloíte 4-1.

Seans gurb é an sprioc a bheidh ag Carla Ward inniu gan an cluiche a chailliúint agus súil aici go n-éireoidh le hÉirinn an cluiche i Staid Aviva a bhuachan ag an deireadh seachtaine. Ná bí ag súil le sárchluiche tráthnóna más amhlaidh atá.

Fág freagra ar 'Mná na hÉireann ag súil le toradh ar a gcuid oibre a fháil in Gdańsk'