Cén t-achar a chaithfidh tú a chaitheamh in áit sula mbíonn cead agat píosa ficsin a lonnú ann?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ar chóir duit cead a lorg ó mhuintir na háite sula lonnaíonn tú píosa ficsin ina measc?

Cén t-achar a chaithfidh tú a chaitheamh in áit sula mbíonn cead agat píosa ficsin a lonnú ann?

Cén fad a chaithfidh tú a chaitheamh in áit sula mbíonn cead agat píosa ficsin a lonnú san áit sin?

Sé bliana is fiche ó shin, chuir mé an cheist sin ar mhúinteoir scríbhneoireachta; cúrsa oíche ag Institiúid Teicniúil na Gaillimhe ar Bhóthar an Athar Uí Ghríofa. Ní raibh freagra ar bharr a goib aici, agus níor aimsigh mé féin freagra sásúil ach oiread – go dtí le fíorghairid.

Ceist í a d’fhan liom síos tríd na blianta agus mé i mo chónaí ar an gcoigríoch nó ag taisteal i dtíortha nár bhain liom, agus a bhí ar bharr m’aigne níos minice ná riamh ó tháinig na dearcthaí woke chun cinn.

Tharla gurbh í an Bhrasaíl an áit a bhí i gceist agam nuair a chuir mé an cheist sin ar an múinteoir scríbhneoireachta úd breis agus ceathrú céid ó shin. Bhí mé tar éis trí seachtaine a chaitheamh sa tír sin, ar saoire, agus bhí fonn mór orm gearrscéal a lonnú i gcathair Rio de Janeiro. Thug mé faoi, ach dála cuid mhór scéalta eile ar thug mé fúthu agus mé i mo chuid fichidí, níor chríochnaigh mé riamh é.

Ba mhaith an rud é sin.

D’fhág mé an Ghaillimh agus mé i dtús na dtríochaidí, bhog go dtí an Bhrasaíl, agus chaith 16 bliana i mo chónaí ann. Ó am go chéile le linn na mblianta sin, chuimhníodh mé ar an iarracht úd a rinne mé scéal a lonnú in Rio de Janeiro, agus lasadh mo ghrua le teann náire. Idir shuíomh agus charachtair, bhí an oiread sin rudaí sa scéal sin nach raibh dealramh leo – nó, níos measa, a bhí míchruinn.

Bhí ceithre bliana caite agam sa Bhrasaíl faoin am gur foilsíodh an chéad saothar ficsin liom a bhí bunaithe sa tír sin, Gonta. Ach ag breathnú siar ar an gcnuasach sin tar éis dom 12 bliain eile a chaitheamh sa Bhrasaíl, tá scéal nó dhó ann faoina ndéarfainn: hm, ní raibh do dhóthain cur amach agat ar an tír nuair a scríobh tú iad sin.

Ach an leor 16 bliana?

Cén t-achar, sa deireadh, a chaithfidh tú a chaitheamh in áit sula mbíonn cead agat píosa ficsin a lonnú ann?

Le deireanas, agus mé ar aistear Interrail timpeall na hEorpa, bhí an cheist achrannach sin ar bharr m’aigne arís. Ba é an chaoi gur tharla eachtra bheag dom in Trieste na hIodáile a chuir fonn orm scéal a lonnú sa chathair sin, ach in ionad peann a chur ar pháipéar, thug mé faoi dhianphlé liom féin faoi chúrsaí eitice.

Agus iarracht á déanamh agam an tseancheist úd a réiteach dom féin faoi dheireadh is faoi dheoidh rith sé liom ar dtús go bhféadfadh sé go bhfuil níos mó ná freagra amháin uirthi. Freagraí agus agús leo, den chineál ‘Féadfaidh tú, ach seiceáil chuile mhionsonra’ nó ‘Ní fhéadfaidh, murach gur do leithéid féin seachas duine de mhuintir na háite an príomhcharachtar’, agus mar sin de.

Ach ansin maidin bhreá amháin ar dhúiseacht dom, rith sé liom go raibh an cheist í féin mícheart, mícheart ar fad.

Gan dabht, agus saothar ficsin á lonnú agat in áit éigin nach as duit, tá dualgas morálta ort a chinntiú go bhfuil an cur síos ar an suíomh chomh cruinn agus is féidir agus nach maslóidh na carachtair na daoine ar a bhfuil siad bunaithe.

Ach níl ort cead a lorg ó éinne.

Ní ó mhúinteoir scríbhneoireachta, ní ó léitheoir íogaireachta, ní ó dhaoine a bhronn jab orthu féin mar mhaor geataí ar na meáin shóisialta, ná ó dhuine nó ó dhream ar bith a déarfadh go labhraíonn siad ‘ar son an phobail’ nó ar son ‘mhuintir na háite’.

Cén t-údarás a bheadh acu? An fhadhb le coincheapa ar nós ‘pobal’ agus ‘muintir na háite’ ná go bhfuil pobail agus muintireacha déanta suas de dhaoine aonair sa deireadh, agus ní lia duine ná tuairim.

An t-aon duine a bhfuil ar a chumas a rá an féidir leatsa scéal a scríobh agus é a scríobh i gceart, ná tú féin.

Fág freagra ar 'Cén t-achar a chaithfidh tú a chaitheamh in áit sula mbíonn cead agat píosa ficsin a lonnú ann?'