DIALANN TUAIRISC: Caipín Bharraí Mescall | ‘Tullywood’, here I come! | Iarrthóir ar strae i mBÁC Láir | Gaillimh Ogbu! |

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

DIALANN TUAIRISC: Caipín Bharraí Mescall | ‘Tullywood’, here I come! | Iarrthóir ar strae i mBÁC Láir | Gaillimh Ogbu! |

Caipín Bharraí Mescall

Trócaire sa chré ar Bharraí Mescall an t-iriseoir iomráiteach ó Chorcaigh atá ar shlí na fírinne. ‘Duine álainn, béasach, cruinn, géar, eolach, ceartbhriathrach, gairmiúil,’ fé mar a dúirt Alan Titley sna tráchtanna ar an súiomh seo.

Fear ab ea Barraí chomh maith a bhíodh gléasta go pioctha péacach i gcónaí agus ba mhinic caipín speiceach air. Is cosúil, áfach, nach raibh duine de shaoistí na nuachta sa stáisiún teilifíse Gaeilge róshásta fadó le stíl Bharraí agus go ndúradh leis nach gcraolfaí aon tuairisc eile leis dá mbeadh an caipín le feiscint ann.

Tamall gearr ina dhiaidh sin bhí fear Gaeltachta ó Chonamara faoi agallamh ag Barraí nuair a chuimhnigh fear Chorcaí go raibh an caipín conspóideach fós air.

D’éirigh sé as a chuid ceisteanna, leag sé an caipín ar an gclaí agus mhínigh sé an scéal don té a bhí faoi agallamh aige. Dúirt sé go raibh cosc ar an gcaipín speiceach a bheith ar an scáileán mar gur dócha nach raibh a leithéid ag teacht le híomhá an stáisiúin nua Gaeilge.

Dhein an fear a bhí faoi agallamh ag Barraí a mhachnamh ar feadh soicind ar an scéal, thóg sé an caipín den gclaí agus chuir ar a cheann fhéin é!

Bhí an-gháire acu beirt faoin gcleas agus chuaigh an tuairisc amach an oíche sin agus gan aon chinsireacht déanta ar chaipín Bharraí Mescall.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

‘Tullywood’ chugainn arís i Roinn na Gaeltachta

Dá mbeifeá ag tiomáint tríd na Forbacha an tseachtain seo déarfá go raibh laethanta glórmhara Roger Corman chugainn arís agus bréagchomhartha mór ‘GARDA’ taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta a raibh ceannáras póilíneachta déanta di do shraith teilifíse nua.

Sna blianta beaga roimh bhunú Theilifís na Gaeilge sna 1990idí shínigh Údarás na Gaeltachta conradh le Corman, fear a bhí sa Táin in Tinseltown mar Rí na scannán B, le stiúideo a bhunú ar an Tulaigh.

Bhí taithí mhaith ag muintir Chonamara ag an am ar bheith sáinnithe taobh thiar de charr de chuid an NYPD nó bus dearg as Londain a bhí ag déanamh a slí siar go dtí Tullywood don eipic éaganta is déanaí ó stiúideo Corman, Concorde Anois.

Timpeall €1 milliún a chuir Údarás na Gaeltachta isteach i stiúideo Concorde Anois agus ní hiad Roinn na Gaeltachta mar sin an chéad áisíneacht mhór Ghaeltachta a tháinig i gcabhair ar lucht scannánaíochta i gConamara.

Ní haon scannán B a dhein ceannáras póilíneachta de Roinn na Gaeltachta, áfach, agus ná bíodh aon duine ag súil le ‘Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana From Outer Space’.

Níl aon fhírinne ach oiread sa scéal a bhí ag fear magaidh amháin a dúirt gurb iad na Gardaí a bhí tagtha ann i ndáiríre chun fiosrúchán a dhéanamh faoi cad a tharla don 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge atá geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Sraith nua teilifíse, The Yank, atá á déanamh do RTÉ agus a bhfuil Colm Meaney ar dhuine de na haisteoirí ann, a bhí á scannánú ar láthair na Roinne.

Sraith Bhéarla atá ann, de réir dealraimh, ach glacaimid leis ar a laghad go mbeidh Gaeilge líofa ag ‘na Gardaí’ ar fad a bheidh ar dualgas i Roinn na Gaeltachta do The Yank.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Iarrthóir amú i mBÁC Láir

Tá an feachtas fothoghchánaíochta faoi lán seoil i mBaile Átha Cliath Láir agus an áit breactha le póstaeir ag na hiarrthóirí le seachtain anuas. Tá teaicticí difriúla á gcur ag obair ag iarrthóirí éagsúla ach is é an ceann a chum an t-iarrthóir d’Fhine Gael Ray McAdam an ceann is dána fós, d’fhéadfá a rá.

Baineadh siar as vótálaithe i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, an Dáilcheantar atá in aice le Baile Átha Cliath Láir, nuair a chnag Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath ar an doras agus é ar thóir a gcuid vótaí. Caithfidh muid a admháil go mba ghlic an cleas a bheadh ann dá n-éireodh le McAdam cúpla vóta ó Chuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh a shá isteach i mboscaí Bhaile Átha Cliath Láir – cleas a thabharfadh an svae dó, mura mbéarfaí air.

Nuair a chuir vótálaí (agus léitheoir de chuid Tuairisc) ar a shúile dó gur ag iascach sa lochán mícheart a bhí sé, rinne McAdam gáire beag agus dúirt go raibh sé chomh maith aige “roinnt bheag oibre a dhéanamh ar son Naoise” [Ó Muirí], Teachta Dála de chuid Fhine Gael i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh. Níor dhún Dia na stocaireachta riamh doras ach gur oscail sé ceann eile, is dócha.

Maitiú Ó Coimín

Gaillimh Ogbu!

‘Gaillimh Abú! Gaillimh Ogbu!’ an mana misnigh atá ag lucht tacaíochta Helen Ogbu, iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre sa bhfothoghchán i nGaillimh Thiar. Baineann an feachtas toghchánaíochta úsáid chliste as an haischlib #GaillimhOgbu le tacaíocht a léiriú don iarrthóir, atá ina comhairleoir ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoi láthair.

Is í Ogbu an chéad duine gorm le suíochán a fháil ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Toghadh í i gceantar Chathair na Gaillimhe Thoir sna toghcháin áitiúla in 2024. Ghnóthaigh sí 1,105 vóta ar an 14ú comhaireamh agus toghadh í, in éineacht le beirt iarrthóirí nua eile, Shane Forde agus Aisling Burke, gan an cuóta a bhaint amach.

Rugadh Helen Ogbu sa Nigéir agus tháinig sí féin agus a clann go Gaillimh ar dtús i 2006 ar a teitheadh i ndiaidh gur dúnmharaíodh a fear céile Sunny Orji-Ogbu, de bharr a ghníomhaíochtaí polaitiúla sa Nigéir.

Chaith sí trí bliana in Ionad Soláthair Dhírigh nuair a tháinig sí go Gaillimh i dtosach. Tá sí féin agus a clann ina gcónaí i nGaillimh ó shin, agus í ag obair le hIonad d’Oibrithe Deonacha na Gaillimhe agus gníomhach le grúpaí pobail eile, Grúpa Tacaíochta na nImirceach i nGaillimh ina measc.

Sheas sí san olltoghchán deiridh i mí na Samhna 2024, ina hiarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre, tráth ar ghnóthaigh sí beagnach 2,000 vóta.

Bridget Bhreathnach

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Caipín Bharraí Mescall | ‘Tullywood’, here I come! | Iarrthóir ar strae i mBÁC Láir | Gaillimh Ogbu! |'