Tá a mbrón curtha in iúl ag an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris i ndiaidh bhás an iriseora agus an chraoltóra Barraí Mescall, a shaothraigh i ngort na hiriseoireachta Gaeilge ar feadh blianta fada.
Bhásaigh an Corcaíoch in Ospidéal Ollscoile na Trócaire i gcathair Chorcaí Dé hAoine an 24 Aibreán. Dúirt an Taoiseach gur “cailliúint dá chomhghleacaithe agus do shaol na hiriseoireachta” a bhí i mbás Mescall, a d’oibrigh ar feadh na mblianta le Nuacht RTÉ/TG4 agus le cláir raidió RTÉ i gCorcaigh.
Dúirt Martin gur “laoch iriseoireachta” a bhí i Mescall, go háirithe i gcontae agus i gcathair Chorcaí, agus gur “Gaeilgeoir den scoth” a bhí ann.
“Iriseoir den seandéanamh ab ea é. Thaitníodh sé go mór leis i gcónaí an scéal mór a fháil, an scéal eisiach a fháil. Fear macánta a bhí ann, agus duine an-deas. Déanaim comhbhrón ó chroí lena chéile Jo, agus lena theaghlaigh. Cailliúint dá chomhghleacaithe agus do shaol na hiriseoireachta atá ina bhás,” a dúirt Martin.
Dúirt an Tánaiste Simon Harris gur “mhór an trua” dó cloisteáil faoi bhás Mescall agus gur “guth dílis” in iriseoireacht agus i gcraoltóireacht na hÉireann a bhí ann.
“Cuimhneofar go ceanúil ar an méid a rinne sé ar son an raidió agus na craoltóireachta seirbhíse poiblí, chomh maith lena dhíograis gan staonadh ar son na Gaeilge agus chultúr na hÉireann. Mo chomhbhrón lena theaghlach, lena chairde, agus leo siúd ar fad a raibh aithne acu air. Ar dheis Dé go raibh a anam,” a dúirt Harris.
Dúirt príomheagarthóir Nuacht RTÉ/TG4, Joe Reddington, gur “fíorbhrónach an scéal” é bás Mescall agus gur “ceannródaí” a bhí ann nuair a thosaigh sé ag obair le seirbhís nuachta TnaG, mar a bhí ag an am, sna 1990idí.
“Is fíorbhrónach an scéal é go bhfuil ár n-iarchomhghleacaí Barraí imithe go róluath ar Shlí na Fírinne. Duine de cheannródaithe Nuacht TnaG a thug taithí, staidéar, greann agus gríosú chuig an bhfoireann nua i 1996, agus a d’fhág oidhreacht shaibhir oibre agus chairdis ina dhiaidh.”
Imithe roimhe tá a thuismitheoirí John agus Esther, a dheirfiúr Clare agus a dheartháir Hugh. Maireann a chéile Jo Cronin, a dheirfiúracha Finola agus Margot.
Déarfar Aifreann na sochraide inniu, Dé Máirt, i séipéal na Fola Ró-Uaisle i gCloichín i gCorcaigh ag a 11am.
Fág freagra ar '‘Iriseoir den seandéanamh agus ceannródaí’, Barraí Mescall ar shlí na fírinne'