Tá sé ráite ag Ard-Rúnaí na Roinne Cumarsáide go bhfuil sé sásta nach bhfuil an dlí á shárú ag an gcóras Eircode ach go bhféadfaí tuilleadh a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil an córas ag teacht níos mó le “prionsabail” na reachtaíochta teanga.
Bhain conspóid le córas Eircode ó seoladh é in 2015 maidir le húsáid leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta. Dúirt an Coimisinéir Teanga i dtuarascáil a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais in 2021 go raibh an dlí á shárú ag an gcóras.
Agus é ag labhairt os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais inné, dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Feargal Ó Coigligh, go raibh “go leor dul chun cinn” déanta maidir le logainmneacha Gaeltachta sa gcóras agus go raibh comhairle dlí faighte ón Ard-Aighne a deir go bhfuil “na socruithe riachtanacha curtha i bhfeidhm” ag an Roinn chun a chinntiú go n-úsáidtear ainmneacha oifigiúla na gceantar Gaeltachta mar réamhshocrú.
Mar sin féin, dúirt Ó Coigligh, a mbíodh freagrachtaí don Ghaeltacht faoina chúram sular aistríodh an rannán sin chuig roinn nua anuraidh, nach raibh an córas gan locht agus go raibh tuilleadh oibre le déanamh chun go dtiocfadh sé le prionsabail agus spiorad an Achta Teanga.
“An chomhairle a fuair an Roinn ná nach bhfuil muid ag sárú an dlí agus is dóigh nach bhfuil ó thaobh forálacha beachta an dlí ach tá ceist ann ó thaobh an phrionsabail atá i gceist, go mbeadh seoltaí agus logainmneacha sa nGaeltacht i nGaeilge. Sílim go bhfuil níos mó oibre le déanamh againn sa chás sin.”
Mar shampla, dúirt Ó Coigligh go dtarlaíonn sé go fóill ar an leagan Béarla de shuíomh Eircode go dtagann leagan Béarla de logainm Gaeltachta anuas agus duine i mbun cuardaigh. Dúirt sé gurb é an leagan Gaeilge a bhíonn ann nuair a bhrúitear an nasc, is cuma más an leagan Béarla nó Gaeilge den suíomh atá in úsáid, ach nár cheart go mbeadh an logainm Béarla le feiceáil sa mbosca cuardaigh ar an gcéad dul síos.
“Sílim go bhfuil fadhb ansin, go bhfuil córas atá curtha ar bun ag an stát, cé go bhfuil sé á chur ar fáil ag comhlacht príobháideach, ag taispeáint an logainm Béarla sa Ghaeltacht. Caithfidh muid breathnú air sin,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Coigligh gur ceist “chasta” a bhí i gceann na logainmneacha. Thagair sé don chonspóid a bhí ann sa Daingean blianta siar maidir le logainm an bhaile sin agus feachtas ann chun an leagan Béarla a choinneáil. Luaigh sé freisin Tír Oileáin, ceantar ar imeall thoir chathair na Gaillimhe atá sa nGaeltacht Oifigiúil ach nach bhfuil an teanga láidir ann, mar shampla d’áit a mbeadh ceisteanna ann faoi úsáid logainm Gaeilge.
“Tá go leor oibre, go leor dul chun cinn déanta ach sílim go bhfuil tuilleadh le déanamh againn,” a dúirt Ó Coigligh
Dúirt Cyril McGrane ó An Post go rabhthas sásta oibriú leis an gcoiste agus le gníomhaireachtaí stáit eile chun “úsáid seoltaí i nGaeilge a leathnú agus a normalú” agus chun cruinneas na logainmneacha a fheabhsú.
Dúirt McGrane go raibh 60,790 seoladh sa nGaeltacht de réir theorainneacha Tailte Éireann agus go raibh leagan Gaeilge acu do gach ceann díobh siúd.
“Má bhíonn cuid den seoladh gan aistriú, coinnímid an chuid sin i mBéarla – mar shampla ainm gnó nó ainm tí,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'An Roinn Cumarsáide sásta nach bhfuil an córas Eircode ag sárú an dlí maidir le logainmneacha Gaeltachta'