Tá ailtire agus suirbhéir cainníochta ceaptha le Séipéal Naomh Muire i nGaoth Dobhair a atógáil. Luan Cásca 2025 a loisceadh an séipéal Gaeltachta sna Doirí Beaga agus deir an sagart paróiste, an tAthair Brian Ó Fearraigh, go bhfuil “cuid mhór obair ullmhúcháin déanta anois” leis an teach pobail a thógáil ar an suíomh céanna.
Is é an t-ailtire Karl Pedersen, ón gcomhlacht ailtireachta Mullarkey Pedersen Architects, atá ceaptha leis an séipéal nua a dhearadh, obair atá ag “ardchéim” anois, dar le hÓ Fearraigh. Cuirfear an dearadh i láthair an phobail “in am trátha”.
Is é an suirbhéir cainníochta atá ceaptha don togra Eugene Coyle, ón gcomhlacht Coyle, Doherty & Company.
“Tá [Coyle] ag cuidiú faoi láthair le hullmhú [an] éilimh árachais. Tá an próiseas sin go maith chun cinn ag an am seo fosta, agus táthar ag súil go mbeidh sé críochnaithe taobh istigh d’achar iontach gairid ama. Ina dhiaidh sin, leanfaidh [sé] lena chuid oibre ó thaobh pleanáil costais, maoirseacht airgeadais, augs bainistíocht na ngnéithe airgeadais den tógáil,” a dúirt an tAthair Ó Fearraigh.
Mhaígh an sagart paróiste gur “dul chun cinn suntasach” iad na forbairtí seo agus go bhfuil an tionscadal “ag bogadh go seasta agus go cuspórach” trí na “céimeanna riachtanacha” – idir dhearadh, ullmhúchán airgeadais, agus phleanáil réamhthógála.
“Tá an paróiste tiomanta a chinntiú go ndéanfar an próiseas seo i gceart agus go dtógfar an teach pobail nua atá le tógáil againn ar bhunús láidir praiticiúil agus airgeadais. Is mór againn an tacaíocht, an fhoighne agus an creideamh a léirigh pobal na paróiste le linn na tréimhse deacra seo,” a dúirt sé.
Nuair a bheidh an dearadh críochnaithe ag an ailtire, is í an chéad chéim eile a bheidh le déanamh ná cáipéisí tairisceana a réiteach agus conraitheoir tógála a cheapadh le tabhairt faoin obair thógála.
Dúirt Ó Fearraigh go bhfuil muintir an pharóiste “coinsiasach ar an chailliúint mhór a d’fhulaing an pobal uilig le bliain anuas” ó loisceadh an séipéal ar an 21 Aibreán 2025.
Dúirt sé go bhfuil an grúpa oibre a bunaíodh i mí Iúil na bliana seo caite le breathnú i ndiaidh atógáil an tséipéil, Meitheal Mhuire, i mbun “saothar leagan oibre” lena chinntiú go n-éireodh leis an togra atógála ar bhealach “cúramach, gairmiúil, agus ordúil” agus gur “cuid thábhachtach” den togra an próiseas comhairliúcháin phoiblí a bhí ar siúl sa pharóiste.
“Thug [an próiseas] deis do bhunadh na paróiste agus don phobal i gcoitinne a dtuairimí agus a dtosaíochtaí a chur in iúl maidir leis an teach pobail úr. Bhí an rannpháirtíocht sin luachmhar agus iontach cuiditheach, agus chuidigh sí le fís nua an tionscadail a fhorbairt agus a chur chun cinn,” a dúirt sé.
Bailíodh na céadta míle euro i bhfeachtais éagsúla tiomsaithe airgid ar son an tséipéil nua – idir an feachtas GoFundMe agus ócáidí tiomsaithe airgid a reáchtáladh i nDún na nGall, in áiteanna eile in Éirinn, agus chomh fada i gcéin le Nua-Eabhrac.
Loisceadh an séipéal go moch maidin Luan Cásca anuraidh. Thug an Garda Síochána le fios nach le teann mailíse a adhnadh an tine sa séipéal. Nuair a fógraíodh anuraidh go raibh an teach pobail le hatógáil, bhíothas ag súil go ndéanfaí é sin laistigh de chúig bliana.
Fág freagra ar 'Ailtire agus suirbhéir cainníochta ceaptha le séipéal paróiste Ghaoth Dobhair a atógáil'