Port Láirge ag cur fáilte roimh Londain agus an tarraingt don chéad bhabhta de Chorn Tailteann déanta

Rinneadh an tarraingt don chéad bhabhta tráthnóna cé go bhfuil áit amháin sa gcomórtas fós le socrú

Port Láirge ag cur fáilte roimh Londain agus an tarraingt don chéad bhabhta de Chorn Tailteann déanta

Imreoidh peileadóirí Phort Láirge sa mbaile in aghaidh Londan sa gcéad bhabhta de Chorn Tailteann 2026 agus an tarraingt déanta tráthnóna.

Chaill na Déisigh in aghaidh Thiobraid Árann i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh Shinsir na Mumhan cúpla seachtain ó shin agus cuirfidh siad tús anois lena bhfeachtas i gCorn Tailteann idir 9-10 Bealtaine.

Bhí bua seacht bpointe ag Londain ar Phort Láirge nuair a chas na foirne ar a chéile thall i Ruislip i Roinn 4 na sraithe mí an Mhárta.

Tá peileadóirí an Chláir ag imirt i gCorn Tailteann den chéad uair tar éis dóibh cailliúint in aghaidh Chiarraí i gCraobh na Mumhan ag an deireadh seachtaine. Cluiche sa mbaile in aghaidh Uíbh Fhailí a bheidh ag na Cláirínigh.

Bhuaigh Corcaigh ar Thiobraid Árann sa gcluiche leathcheannais i Mumha ag an deireadh seachtaine agus foireann Niall Fitzgerald anois le tabhairt faoi thuras suas go Sligeach don chluiche chéad bhabhta.

Dream eile a chaill ag an deireadh seachtaine ná Liatroim, a chaill in aghaidh na Gaillimhe. Tá cluiche deacair tugtha do Liatroim sa gcéad bhabhta agus cluiche as baile rompu in aghaidh na hIarmhí, an Dúin nó an Chabháin. Tá na trí fhoireann sin fós san iomaíocht i gcraobhacha Laighean agus Uladh, faoi seach.

Tá cluiche idir Loch Garman agus Luimneach i measc na gcluichí eile sa gcéad bhabhta. Bhuaigh Cill Dara ar Luimneach i gcluiche ceannais an chomórtais anuraidh.

Tá athrú tagtha ar struchtúr an chomórtais i mbliana. Rachaidh buaiteoirí na gcluichí i mBabhta 1 ar aghaidh chun aghaidh a thabhairt ar a chéile i mBabhta 2A. Gheobhaidh buaiteoirí na gcluichí i mBabhta 2A áit sna babhtaí ceathrú ceannais.

Rachaidh na foirne a chailleann na cluichí i mBabhta 1 ar aghaidh go dtí Babhta 2B, áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar a chéile. Imreoidh buaiteoirí Bhabhta 2B agus cailliúnaithe Bhabhta 2A in aghaidh a chéile ansin d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais.

Corn Tailteann – Babhta 1

Fear Manach v An Longfort

Laois v Cill Mhantáin

An Clár v Uíbh Fhailí

Ceatharlach v Aontroim

Loch Garman v Luimneach

Foireann 16 v Liatroim

An Iarmhí/An Dún/An Cabhán v Tiobraid Árann

Port Láirge v Londain

Fág freagra ar 'Port Láirge ag cur fáilte roimh Londain agus an tarraingt don chéad bhabhta de Chorn Tailteann déanta'